Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cúnamh Frithpháirteach

Iarratais ó dhlínsí eile maidir le Cúnamh Frithpháirteach Dlíthiúil a chur i bhfeidhm tríd an Lárúdarás um Chúnamh Frithpháirteach, an Roinn Dlí agus Cirt. Seo a leanas na freagrachtaí éagsúla atá an rannóg:

  • Polasaí a bhaineann le hAilt 74 agus 75 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach) 2008.
  • Iarratais um Chúnamh Frithpháirteach atá ag dul amach a ullmhú, a dhréachtú, a rianú agus a mhonatóiriú chun tacú le Ceantair, le Rannáin agus le hAonaid Náisiúnta den Gharda Síochána.
  • Polasaí maidir le caidreamh a dhéanamh le hAonaid laistigh den Gharda Síochána chun a chinntiú go ndéileáltar i gceart le gach iarratas a thagann isteach le haghaidh Cúnamh Frithpháirteach Dlíthiúil.
  • Polasaí maidir le Comhfhoireann Fiosrúcháin (JIT) ina bhfuil comhoibriú i gceist le fiosrúchán a dhéanamh ar choireanna tromchúiseacha ag an leibhéal idirnáisiúnta.
  • Rannphairteachas leis an Roinn Dlí agus Cirt maidir le hOrdaithe Fiosrúcháin Eorpacha (EIO) d’Éirinn a thabhairt isteach.

I gcomhar leis na Rannóga Dlí agus Oidhreachta, tacaíonn an Rannán um Chúnamh Frithpháirteach le Litreacha Iarratais Idirnáisiúnta / iarratais um Chúnamh Frithpháirteach Dlíthiúil as Tuaisceart Éireann i dtaca le Coistí Cróinéara agus cásanna Stairiúla.