Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Scéim Foilsithe

Tá an Garda Síochána tiomanta do sheirbhís oscailte agus trédhearcach a chur ar fáil agus tá sé mar aidhm againn faisnéis a gcuirfeadh an pobal spéis ann, a fhoilsiú, tríd an Scéim Foilseacháin, ar dhóigh réamhghníomhach.

De réir Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise,

2014, ní mór do chomhlachtaí a mhéid faisnéise agus is féidir a fhoilsiú, ag teacht le prionsabail oscailteachta, trédhearcachta, agus freagrachta, ar an gcoinníoll nach bhfuil toirmisc dlí ar an bhfoilseachán nó nach n-airítear é a bheith ina  thaifead  díolmhaithe, faoin Acht.  

De réir Cuid 1(n) se Sceideal 1 den Acht, liostaítear an Garda Síochána mar ghníomhaireacht a airítear go pointe,

“ sa mhéid is go mbaineann sé le taifid riaracháin maidir le hacmhainní daonna nó le hairgeadas nó soláthar”.

Ar an ábhar sin, de réir an Achta, ní phléitear  le hiarratais ach amháin  sna réimsí seo. Ach, tá tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin an Gharda Síochána, maidir le seirbhísí atá ar fáil lasmuigh de na réimsí seo. 

 

Tá Scéim Foilseacháin an Gharda Síochána le fáil anseo. Ta naisc sa tábla seo le faisnéis ábhartha ar an suíomh. Ma tá breis eolais de dhíth ort is féidir suíomh an Gharda Síochána a chuardach tríd an rogha cuardaigh thuas a úsáid. Mura bhfuil an t-eolas ar fáil faoi láthair,  is féidir iarratas a dhéanamh faoi  FOI.