Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Maoirseacht agus comhlachtaí rialála

Tá An Garda Síochána tiomanta d’obair dhearfach a dhéanamh lenár gcuid maoirseachta agus comhlachtaí rialála a bhfuil ról tábhachtach acu, ní hamháin le muinín an phobail sa phóilíneacht a chinntiú, ach le cuidiú a thabhairt feabhas a chur ar an seirbhís a chuirimid ar fáil don phobal.

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

Forbraíonn an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais polasaithe maidir le agus déanann sí maoirseacht ar acmhainní a sholáthar don Gharda Síochána.

Tugann bainistíocht an Gharda Síochána tuairiscí rialta don Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ar chúrsaí a bhaineann le cur i bhfeidhm agus úsáid acmhainní na nGardaí, agus ar chúrsaí maidir le feidhmíocht agus rialú.

Téigh go www.justice.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

Tithe an Oireachtais

Tugann an Garda Síochána nuashonraithe ar a fheidhmíocht thar réimse leathan feidhmeanna póilíneachta don Oireachtas trí choistí ábhartha ar nós Chomhchoiste Dlí, Cirt agus Comhionannais an Oireachtais, agus trí Cheisteanna Parlaiminteacha (CPanna).

Tagann an Garda Síochána os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí chomh maith chun dul i ngleic le tuairiscí ó Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar chaiteachas bhuiséad an Gharda Síochána.

Leagtar Tuarascáíl Bhliantúil an Gharda Síochána amach os comhair Thithe an Oireachtais gach bliain.

An tUdarás Póilíneachta

Is comhlacht neamhspleách é an tÚdarás Póilíneachta a dhéanann maoirseacht ar fheidhmíocht an Gharda Síochána. Cuireann sé béim ar mhuinín an phobail sa phóilíneacht agus téann sé i bhfeidhm ar shéirbhísí póilíneachta chun dúshláin chomhaimseartha na hÉireann a shárú.

Oibríonn an Garda Síochána agus an tÚdarás Póilíneachta le chéile chun spriocanna bliantúla na heagraíochta a leagan amach tríd an bPlean Póilíneachta bliantúil. Tugtar tuairisc ar dhul chun cinn an Gharda Síochán i rith na bliana i leith na spriocanna seo don Údarás Póilíneachta a dhéanann measúnú orthu chomh maith.

Tuairiscíonn an Garda Síochán don Údarás Póilíneachta ar bonn rialta chomh maith trí chruinnithe poiblí agus príobháideacha, Tuarascáil Mhíosúil an Choimisnéara don Údarás, agus cruinnithe le fochoistí an Údaráis Phóilíneachta.

Is féidir Tuarascálacha Míosúla an Choimisinéara don Údarás Póilíneachta a rochtain anseo.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar fheidhmeanna an Údaráis Phóilíneachta, téigh go www.policingauthority.ie

Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána (COGS)

Tá sé fíorthábhachtach comhlacht maoirseachta neamhspleách, éifeachtach a bheith ann chun muinín phoiblí sa phóilíneacht a chinntiú. Tá sé raite go leanúnach ag bainistíocht na nGardaí go bhfuil ról sárluachmhar reachtúil ag COGS ag cuidiú linn feabhas a chur ar ár seirbhís don phobal.

Pléann COGS le cúrsaí maidir le mí-iompair a d’fhéadfadh le baill An Gharda Síochána a dhéanamh.

Tugann oifig díograiseach laistigh den Gharda Síochána baill foirne COGS le pointe teagmhála dírigh agus cinntíonn sí go ngéillíonn An Garda Síochána leis an gCoimisiún. Tá ardleibhéal géillte ag An Garda Síochána faoi láthair le hiarratais faisnéise/cáipéisí ó COGS maidir lena gcuid imscrúduithe.

Is féidir le duine ar bith ar mhaith leo gearán a dhéanamh maidir le haon ball den Gharda Síochana dul a teagmháil le COGS ag www.gardaombudsman.ie

Cigirí an Gharda Síochána

Dar leis an Garda Síochána is comhpháirtí í Cigireacht an Gharda Síochán atá sa tóir ar scoth na póilíneachta. D’fhoilsigh an Chigireacht roinnt tuarascálacha suntasacha a chuidigh linn feabhsú. Thug an chigireacht moladh le tuilleadh infheistíochta i gcórais agus teicneolaíocht a bhí iarrtha ag an eagraíocht, i gcuid mhaith dá tuarascálacha. Dearaíodh Clár Nuachóiriúcháin agus Athnuachana an Gharda Síochána chun dul i ngleic leis na fadhbanna a léiríodh i dTuarascálacha Cigireachta an Gharda Síochána.

Leanaimid ar aghaidh ag obair go dearfach agus go comhoibriúil le Cigireacht an Gharda Síochana chun seirbhís níos fear a chur ar fáil don phobal.

Le breis eolais a fháil, téigh go www.gsinp.ie