Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Airgeadas & Seirbhísí

Tá sprioc foriomlán na Stiúrthóireachta Airgeadais & Seirbhísí dírithe ar sheirbhís ghairmiúil a sheachadadh a thacaíonn le spriocanna straitéiseacha an Gharda Síochána. Is é cuspóir na straitéise ná córais feidhmíochta agus freagrachta na heagraíochta a fheabhsú agus leas a bhaint as teicneolaíocht agus eolas chun éifeachtúlachtaí a ghiniúint nuair a bhíonn seirbhís póilíneachta éifeachtach á seachadadh.

Tá sé mar aidhm freisin ag an straitéis bonn costas na heagraíochta a laghdú trí thionscnaimh shábhála costais agus soláthar poiblí spriocdhírithe chomh maith le heolas agus scileanna na foirne a fhorbairt chun a chinntiú go mbainfear amach na cuspóirí straitéiseacha.

I mí Iúil 2006 aistríodh an fhreagracht as bainistíocht laethúil caiteachais Vóta an Gharda Síochána chuig Coimisinéir an Gharda Síochána, nuair a ceapadh an Coimisinéir mar Oifigeach Cuntasaíochta do Vóta/Buiséad an Gharda Síochána rud is fiú €1.5 billiún do 2018.

Tá an Stiúrthóireacht Airgeadais & Seirbhísí freagrach as bainistíocht airgeadais Vóta an Gharda Síochána chomh maith le tacaíocht straitéiseach agus oibríochtúil agus comhairle a sholáthar ag gach leibhéal san Gharda Síochána. Soláthraíonn sé faisnéis airgeadais do bhainistíocht an Gharda Síochána chun cabhrú le cinnteoireacht agus le seachadadh seirbhísí feabhsaithe agus luach ar airgead ar fud na heagraíochta

 

Tá an Stiúrthóireacht Airgeadais agus Seirbhísí comhdhéanta de na rannóga seo a leanas:

- An Rannóg Airgeadais
- An Rannóg Soláthair
- Airgeadas Iompar
- Bainistíocht Eastáit an Gharda Síochána

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Stiúrthóireacht Airgeadais ag:

An Stiúrthóireacht Airgeadais
Ceanncheathrú an Gharda Síochána
Páirc an Fhionnuisce
Baile Átha Cliath 8

Teil: +353 1 6662175
Facs: +353 1 6661966