Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

An Rannóg Cearta Daonna

Brollach

Bunaíodh an Rannóg Coireachta Dlí – Rannóg Cearta Daonna i nDeireadh Fómhair 2018 chun cur chuige athnuaite maidir le seirbhís póilíneachta a sholáthar mar a bhaineann sé le Cearta Bunreachtúla/Daonna a chur i bhfeidhm. Déantar foráil i Ráiteas Misin & Straitéise an Gharda Síochána 2019 – 2021 “go gcruthóidh an Garda Síochána infreastruchtúr Cearta Daonna chun cur le tuiscint, le heolas, le hoiliúint, le polasaí agus leis an acmhainn seirbhísí a sheachadadh.”

Fócas athnuaite ar Chearta Bunreachtúla/Daonna

Eascraíonn an spreagadh taobh thiar den chur chuige athnuaite seo maidir le Cearta Daonna laistigh den Gharda Síochána as dhá fhorbairt tábhachtacha:

  1. Alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014

Éilíonn Alt 42(1) go ndéanfaidh comhlachtaí poiblí, le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, aird a thabhairt ar an ngá atá ann an t-idirdhealú a dhíchur, agus comhionannas deiseanna agus córa dá bhfoireann agus do na daoine dá soláthraíonn siad seirbhísí a chur chun cinn. Éilíonn Alt 42(2) go ndéanfaidh comhlachtaí poiblí measúnacht, go rachaidh siad i ngleic le agus dtuairiscóidh siad ar dhul chun cinn maidir le comhionannas agus cearta an duine ina bplean straitéiseach agus ina dtuarascálacha bliantúla ar mhodh is inrochtana ag an bpobal.

  1. Tuarascáil 2018 de chuid an Choimisiúin ar Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn

Shainaithin an Coimisiún go bhfuil cosaint chearta an duine mar bhunchloch do chuspóir agus misean na póilíneachta nuair a dúirt sé “mar sin, ní mór go neadófar cearta an duine i smaoineamh, éiteas agus oibríocht phearsanra an Gharda ag gach leibhéal.”  D’fhreagair an Garda Síochána ar Thuarascáil an Choimisiúin ar Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn nuair a dúirt sé i Ráiteas Misin agus Straitéise na hEagraíochta 2019-2021 ‘[beidh] cearta an duine ina mbunchloch ar a seachadóimid [ár] seirbhísí póilíneachta’

Cad í Feidhm na Rannóga Cearta Daonna

I Straitéis um Chearta an Duine de chuid an Gharda Síochána 2020-2022 leagtar amach conas atá sé i gceist ag an gGarda Síochána spriocanna tábhachtacha a bhaineann le Cearta an Duine a bhaint amach le linn saolré na Straitéise. Tá an Rannóg Cearta Daonna ina phríomhpháirtí leasmhar san Eagraíocht, a chomhlánaíonn spriocanna uaillmhianacha na hEagraíochta maidir le Cearta Daonna. Sa Straitéis Cearta Daonna tá 7 plean gníomhaíochta faoi na ceannteidil seo:

  1. Oiliúint; 2. Neadú; 3. Coinneáil suas le Forbairtí Cearta Daonna; 4. Monatóireacht ar Chomhlíonadh; 5. Moltaí Seachtracha; 6. Cur i bhFeidhm na Straitéise a Fhíorú & 7. Ullmhu don chéad Straitéis eile.

I ngach ceann de na pleananna gníomhaíochta thuas tá roinnt gníomhartha atá le baint amach laistigh den tréimhse ama atá sa Straitéis Cearta Daonna seo. Is cuid lárnach den rannóg Cearta Daonna é na gníomhartha seo a thabhairt chun críche, agus tá cuid mhaith den obair críochnaithe.

Cáipéisí Úsáideacha

Uirlisí

Suíomhanna Gréasáin Úsáideacha

Eagraíochtaí lena nOibrímid

  

 

 

 

 

 

Comhoibriú

Oiliúint Phíolótach Chaint Shábháilte de chuid na Rannóga Cearta Daonna i gcomhphairt leis an an Oifig Náisiúnta um Fhéinmharú a Chosc

Is príomhpháirtí leasmhar é an Garda Síochána i Connecting for Life, freagairt ilghníomhaireachta de chuid Rialtais na hÉireann ar an bhféinmharú in Éirinn.

 

 

 Meabhairshláinte Éireann

Sa bhliain 2020, reáchtáil agus d’éascaigh Meabhairshláinte Éireann agus an Rannóg Cearta Daonna de chuid an Gharda Síochána ceardlann do bhainisteoirí laistigh den Gharda Síochána chun cur leis an eolas agus an tuiscint atá acu ar conas tacú le daoine atá faoi bhrú meabhairshláinte.

 

Comhairle ASIAM chun dul i gcaidreamh le daoine a bhfuil uathachas acu

Tá áthas ar an Rannóg Cearta Daonna an Gharda go bhfuil an deis ann bheith ag obair le heagraíocht atá chomh tábhachtach sin do mhórán daoine in Éirinn is atá ASIAM. Ta roinnt leideanna agus eolas tábhachtach ar an réimse seo le fáil ag www.AsIAM.ie.

 

An Coiste Comhairleach Straitéiseach um Chearta Daonna (SHRAC)

Buaileann an SHRAC le chéile go ráithiúil  agus tugann sé comhairle do Choimisinéir na nGardaí ar shaincheisteanna a bhaineann le comhlíonadh Chearta Daonna.

 

 Bord Bainistíochta Cearta Daonna, Eitice agus Cultúir

Tá an Bord Bainistíochta Cearta Daonna, Eitice agus Cultúir freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chearta daonna a neadú laistigh den Eagraíocht.

Séanadh

Tá an t-eolas ceart ag an am a foilsíodh é. Ní comhairle dlí é seo agus níl sé i gceist go mbrathfaí air i dtoabh an ábhair anseo istigh agus níor chóir é a úsáid in ionad comhairle dlí ghairmiúil.