Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Bikesafe

Is tionscnamh é BikeSafe atá á reáchtáil ag an nGarda Síochána ina gcuirtear ceardlann BikeSafe ar fáil, chomh maith le turas measúnaithe ar an mbóthar in éineacht le hArd-Ghluaisrothaí de chuid an Gharda Síochána. Tá na ceardlanna oscailte do gach gluaisrothaí a bhfuil láncheadúnas tiomána gluaisrothair acu. Le BikeSafe déanfar maitheas do rothaithe a bhfuil taithí acu, dóibh siúd atá ag filleadh ar ghluaisrothar tar éis cúpla bliain gan bheith ar ghluaisrothar agus tá siad úsáideach go háirithe dóibh siúd ar éirigh leo ina dtástáil le déanaí. Maireann an cheardlann 3 uair an chloig, agus tá sé mar aidhm aige cabhrú leat a bheith i do rothaí níos sábháilte, níos inniúla agus níos muiníní. Beidh gach ceardlann ar siúl ar an Satharn. Beidh 3 cheardlann le 3 rannpháirtí. Tosóidh na ceardlanna seo ag 8rn, 10rn agus 2in. Ní mór do dhuine ar bith ar mian leis páirt a ghlacadh i gceardlann BikeSafe árachas iomlán a bheith aige nó aici agus slánaíocht a shíniú chuige seo. Ar an bhforiomlán, tá sé mar aidhm ag BikeSafe  feasacht a mhúscailt faoi thábhacht agus luach dul ar aghaidh chuig oiliúint chreidiúnaithe iar-thástála.

Cé go bhfuil Ard-Ghluaisrothaithe de chuid an Gharda Síochána ar chuid de na cinn is sábháilte ar na bóithre, níl sé de ghnó againn oiliúint rothaí a sholáthar don phobal, mar sin ní scéim oiliúna é BikeSafe. Trí mheán ár gceardlann BikeSafe, cuirfear faisnéisiú mionsonraithe ar fáil ar feadh 1½ uair an chloig maidir le feasacht ar ghuaiseacha agus conas do ghluaisrothar a dhéanamh níos sábháilte timpeall, ina dhiaidh sin turas measúnaithe ar an mbóthar a mhairfidh 1½ uair an chloig. Ag baint úsáide as sonraí ó bhlianta beaga anuas tá an cheardlann deartha chun cabhrú leat cuid de na cúiseanna is coitianta le himbhuailtí a shainaithint agus a sheachaint. I gcur i láthair na Ceardlainne cumhdófar na príomhghnéithe a bhaineann le Ródaí Gluaisrothair, ag díriú ar shuíomh, ar chúinneáil agus ar scoitheadh.

Beidh an turas amach le Ard-Ghluaisrothaí de chuid an Gharda Síochána a bhfuil taithí aige, a mbeidh na cúrsaí Caighdeánacha agus Ardleibhéil laistigh den Gharda Síochána curtha i gcrích aige. Beidh an turas amach é féin thart ar 50km ar fhad. Tabharfaidh sé seo deis duit aiseolas mionsonraithe a fháil maidir le do bhuanna agus na réimsí le forbairt a dhéanamh orthu ar an ngluaisrothar. Cuirfimid aiseolas macánta ar fáil inár n-athbhreithniú, mar creidimid go dtugann sé an leas is mó don rannpháirtí.

Reáchtálfar BikeSafe mar scéim phíolótach ón Rannán Póilíneachta Bóithre, Caisleán Bhaile Átha Cliath an Samhradh seo. Reáchtálfar é ó mhí an Mheithimh go mí Mheán Fómhair 2021. Beidh áiteanna teoranta ar fáil do 100 rannpháirtí thar an tréimhse seo. Is tionscnamh é BikeSafe atá á reáchtáil ag an nGarda Síochána atá dírithe ar shábháilteacht ar bhóithre a chur chun cinn agus tá sé saor in aisce. Ag dul ar aghaidh táthar ag súil tar éis scéime píolótaí rathúil ag an Rannán Póilíneachta Bóithre, Caisleán Bhaile Átha Cliath, go gcuirfear an tionscnamh seo i bhfeidhm ar fud na tíre in 2022.    

D’fhéadfadh go gcuirfí béim ar réimse d’fhorbairt ar an turas amach a d’fhéadfadh feabhas mór a chur ar do shábháilteacht mar ghluaisrothaí. Trí pháirt a ghlacadh i BikeSafe is féidir leat cur le do chumas agus do mhuinín mar ghluaisrothaí.

Tá foirmeacha iarratais ar fáil ar líne. agus féadtar iad a chur isteach trí R-phost chuig  bikesafe@garda.ie Mura bhfuil rochtain agat ar an bhfoirm iarratais ar líne, tá sí ar fáil ag aon Stáisiún Garda agus féadtar í a sheoladh leis an bpost chuig.

BikeSafe,

An Rannán Póilíneachta Bóithre,

Caisleán Bhaile Átha Cliath

Baile Átha Cliath 2, D02 HE67.

Má theastaíonn tuilleadh faisnéise / soiléirithe, déan  teagmháil linn ar Seoladh ríomhphoist bikesafe@garda.ie

Físeán

Bikesafe 4 Bikesafe

Bikesafe 2 Bikesafe 3