Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Ionsaithe

Tá trí chatagóir éagsúla maidir le hionsaí ann: Ionsaí, Ionsaí is Cúis le Díobháil a dhéanamh, agus Ionsaí is Cúis le Díobháil Thromchúiseach a dhéanamh, Is gné thábhachtach é an úsáid fornirt nó an úsáid fornirt a bhfuiltear ag súil leis don trí chatagóir ionsaithe uile. Áirítear le sainmhíniú ar fhoneart aon chineál fuinnimh mar shampla teas, solas, sruth leictreach nó torann nó aon ní i bhfoirm soladach, leachtach nó gásach

Tá - déantar cás an ionchúisimh a chinneadh de réir catagóire an chiona. Tá sainmhínithe ar  Ionsaí is Cúis le Díobháil a dhéanamh, agus ar Ionsaí is Cúis le Díobháil Thromchúiseach a dhéanamh san Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in Aghaidh an Duine.

De ghnáth, tuairiscíonn an t-íospartach nó duine éigin ar son an íospartaigh an t-ionsaí.  Cuir glaoch ar do stáisiún Garda áitiúil nó i gcás éigeandála glaoigh ar 999/112. Ansin, buailfidh na Gardaí leis an íospartach agus glacfaidh siad ráiteas a luaithe is féidir.

Sea. Nuair a dhéantar ráiteas, glacfaidh na Gardaí, nuair is féidir, grianghraif de na díobhálacha atá ag an íospartach. Más gá, féadfaidh Gardaí cead scríofa an íospartaigh a fháil freisin chun a gcuid taifid leighis a fháil maidir le cóireáil dá ghortuithe. Ansin leanfaidh an t-imscrúdú ar aghaidh.

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le tuairisciú d’ionsaithe gnéis agus coir ghaolmhar, féach ar ár gCuid maidir le Coireacht Gnéis

Léiríonn staitisticí méadú ar ionsaithe le blianta beaga anuas ar aon dul leis an ardú sa gheilleagar oíche mar gheall ar an téarnamh geilleagrach. Mar shampla, i Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath, d'ardaigh líon na n-ionsaithe arb cúis le díobháil a dhéanamh ó 1,396 i 2012 go dtí 1,707 i 2015, agus tháinig méadú ar mhion- ionsaithe ó 3,100 go 3,337 sa tréimhse chéanna. Mar sin féin, tá laghdú tagtha ar ionsaithe ar fud na tíre, laghdú de  2% ar mhionionsaithe agus de 4% ar ionsaithe is cúis le díobháil a dhéanamh.

De ghnáth, tarlaíonn ionsaithe sráide idir 8in agus 5rn ag an deireadh seachtaine. Tá nasc láidir idir meisce agus gadaíocht, robáil agus ionsaithe. Léiríonn ár n-anailís gurb iad fir 83% de chiontóirí i gcásanna ionsaithe. Tá formhór na gciontóirí idir 18 agus 39 bliain d'aois. Ina theannta sin, tá 70% d'ionsaithe ‘fear-ar-fhear’, agus is fir iad 75% d'íospartaigh ionsaithe.

Bí críonna nuair a théann tú amach. Tá pleanáil ríthábhachtach chun oíche mhaith a bheith agat. Socraigh iompar chuig imeachtaí roimh ré agus ó imeachtaí roimh ré. Inis le duine cá bhfuil tú ag dul agus cén uair a thiocfaidh tú ar ais. Seachain a bheith ag siúl i d’aonar agus in áiteanna dorcha. Bí cúramach faoi do thimpeallacht agus tabhair aire do do mhaoin. Ná déan iarracht réasúnú le daoine ar meisce nó ionsaitheacha. Fág an áit agus lorg cabhair

 

Séanadh:

Tá na sonraí thíos ceart ag tráth foilseacháin, agus soláthraítear iad mar threoir amháin. Faigh comhairle dhlíthiúil ó d'aturnae nuair is gá