Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Pleanáil Straitéiseach

Partnership1

Pleanáil Straitéiseach

Tá an tAonad Pleanála Straitéisí freagrach as creat pleanála straitéisí na heagraíochta a bhainistiú. Tá an tAonad freagrach, chomh maith, as tuarascálacha rialta meastóireachta feidhmíochta a ullmhú don Údarás Póilíneachta maidir le feidhmíocht náisiúnta in aghaidh spriocanna an phlean póilíneachta.

Chun Pleananna Póilíneachta an Gharda Síochána a léamh, cliceáil anseo

Áirítear le sainchúram an Aonaid Phleanála Straitéisí:

  1. Ráitis Straitéise a Fhorbairt            
  2. Pleananna Bliantúla Póilíneachta a fhorbairt             
  3. Athbhreithnithe 3 Bliana a thabhairt chun críche                     
  4. Tuarascálacha Feidhmíochta Míosúla, Ráithiúla agus Leathbhliantúla ar an bPlean Póilíneachta a dhréachtú
  5. Tacaíocht Rúnaíochta a sholáthar do Choiste Iniúchóireachta an Gharda Síochána
  6. Tacú le gach gné de Straitéis agus Pleanáil

Déantar daoine a cheapadh leis an aonad má chríochnaíonn siad Máistreacht i gCeartas Coiriúil/Cigireacht agus Maoirseacht ag Coláiste Ceartais Choiriúil John Jay (Nua-Eabhrac) nó má bhaintear a mhacasamhail de cháilíocht amach. Tá réimse fairsing de thaithí phóilíneachta oibríochtúil agus riaracháin ag comhaltaí an aonaid. Déanann an tAonad tuairisciú leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin Straitéise agus Claochlaithe

 
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Pleanáil Straitéiseach anseo

Pleanáil Straitéiseach,

An Garda Síochána,

Bloc B, Geata Bhaile an Ásaigh,

Bóthar an hUaimhe,

Baile Átha Cliath 15, D15 NP9Y

Fón: 01 6667474              

Ríomhphoist:policingplan@garda.ie