Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Do ghnó a chosaint

Bíonn lucht áitribh mhiondíola agus tráchtála i gcónaí buartha faoi bhuirgléireacht agus loitiméireacht. Is bac mór don fhorbairt eacnamaíoch í an choireacht freisin. D’fhéadfadh na caillteanais dhíreacha ón ngoid, nó ó ionsaithe ar mhaoin agus ón loitiméireacht, inmharthanacht go leor gnóthas a chur i mbaol.

Reáchtálann Biúró an Gharda Síochána um Rannpháirtíocht sa Phobal roinnt tionscnamh agus clár a chabhraíonn le gnóthais a n-áitribh, a n-earraí agus a sócmhainní a chosaint. Ba cheart do mhiondíoltóirí a bhfuil tuilleadh eolais ag teastáil uathu ár  bPaca Eolais Slándála do Mhiondíoltóirí a íoslódáil. Tá eolas cabhrach ann maidir leis an scéim ‘Business Watch’ a bhfuil an tóir uirthi, straitéisí éagsúla chun an ghoid a laghdú agus a chosc, TCI, agus Treoirleabhar do Shlándáil Mhiondíola.

Buirgléireacht agus loitiméireacht a chosc

Cloítear leis an bprionsabal ‘cosain ón imlíne isteach’, ar prionsabal chosc na coireachta é, chun áitreabh miondíola a chosaint ó bhuirgléireacht agus loitiméireacht. Laghdaítear an deis ar bhuirgléireacht má chinntítear go bhfuil áitreabh dea-chosanta agus go mbaineann ardriosca leis ó thaobh an chiontóra ionchasaigh. Déanfaidh áitreabh dea-chosanta a mbaineann dea-nósanna imeachta slándála leis coirpigh a dhíspreagadh ó iarracht a dhéanamh dul isteach ann agus damáiste a dhéanamh. Má tharlaíonn robáil, beidh níos lú ama ag an gciontóir an coir a dhéanamh agus beidh níos mó seans ann go mbéarfar air.

Is iad seo a leanas roinnt rudaí ar féidir le miondíoltóirí agus úinéirí gnó a dhéanamh agus a bheidh ina gcabhair chun an choireacht a chosc:

  • Ba cheart go mbeadh an t-áitreabh soilsithe go maith i ndiaidh dúnta chun ard-infheictheacht a chinntiú agus chun cur leis an dóchúlacht go dtabharfaí ionróirí faoi deara.
  • Ba cheart smaoineamh faoi ghríleanna nó comhlaí a úsáid chun bacainn sholadach a chur timpeall ar an taobh amuigh den fhoirgnimh chun a bheith ina gcabhair agus ionróirí a choimeád amach.
  • Tugann gríleanna rolladh síos áirithe cosaint fhisiciúil agus iad ag ligean fós do shiopaeirí fuinneoige féachaint isteach san áitreabh.
  • Is féidir gríleanna inmheánacha a shuiteáil a thabharfaidh an leibhéal céanna cosanta don áitreabh agus nach bhfágfaidh gan clúdach ach na fuinneoga gloine agus/nó na doirse.
  • Is féidir mullaird fhrithphulcadh, ar féidir iad a bhaint le linn uaire trádála, a úsáid mar aon le comhlaí nó gríleanna.
  • Is féidir gloine lannaithe a úsáid sna fuinneoga chun friotaíocht i gcoinne ionsaithe a mhéadú.
  • Is féidir bracanna frithdhreapadh a chur ar na seolphíobáin, draeinphíobáin, srl. chun cosc a chur ar ionróirí dul suas ar an díon.
  • Ba cheart doirse agus fuinneoga a fheistiú agus a chothabháil ar bhealach a chomhlíonann na sonraíochtaí slándála.
  • Ba cheart Scipéid Airgid, i ndiaidh uaire trádála, a fhágáil ar oscailt agus folamh – moltar an méid is lú airgead agus is féidir sa choimeád ar an áitreabh, agus é a choimeád i dtaisceadáin slándála airgid.
  • Ba cheart rochtain ar an áitreabh a bheith srianta le linn uaire dúnta agus imscrúdú a dhéanamh ar bhonn rialta ar gach eochair a eisítear. Ba cheart breithniú a dhéanamh ar chóras rialaithe rochtana nua-aimseartha a shuiteáil.
  • Ba cheart córas aláram ionraidh de bhun rialachán caighdeánach (EN 50131) a shuiteáil agus a nascadh go stáisiún monatóireachta faofa de bhun rialachán caighdeánach (IS 228/97). Ba cheart cnaipe práinne PAB – den chineál brúchnaipe dúbailte – a áireamh sa chóras sin le haghaidh daoine a oibríonn i limistéir ina mbíonn airgead.
  • Ba cheart go mbainfeadh ardchaighdeán le gach glas agus taisceadán a úsáidtear agus go mbeadh córas soiléir leagtha amach maidir lena nglasáil/díghlasáil, chomh maith le freagracht maidir lena n-oscailt/dúnadh leagtha go soiléir ar na daoine iomchuí.
  • Ba cheart ceamaraí TCI a lonnú go straitéiseach, i gcomhréir leis na ceanglais oibríochtúla, taobh istigh agus taobh amuigh den áitreabh miondíola. Is ríthábhachtach ceamaraí a lonnú ag gach bealach isteach poiblí agus a chinntiú gur féidir daoine a aithint sna híomhánna a thógtar, toisc gur gné an-tábhachtach den anailís iar-eachtra é is bunaithe ar cháilíocht na n-íomhánna sin a dhéanfar cinneadh maidir lena n-úsáid ar chúiseanna fianaise.
  • Ba cheart boscaí, scipeanna bruscair agus bacainní eile neamhriachtanacha a bhogadh ó thimpeallacht an áitribh – d’fhéadfadh a leithéid a bheith ina gcabhair do bhuirgléirí, agus loitiméirí a mhealladh. Laistigh de shiopaí, ba cheart taispeántais agus earraí a eagrú ar bhealach a uasmhéadaíonn a bhfeiceálacht agus cuntasacht. Ba cheart cuairt a thabhairt ar leithris, seomraí stórais agus áiteanna folaigh féideartha eile nuair atá an siopa á chur faoi ghlas. Má tá áitreabh, nó limistéir, faoi bhagairt buirgléireachta nó loitiméireachta i gcónaí, seans go gcaithfear breithniú a dhéanamh ar phatról slándála le foireann nó slándáil inmheánach a chur i bhfeidhm.
     

Nósanna imeachta maidir le hoscailt agus dúnadh

Is tréimhsí ama ardriosca iad na hamanna oscailte agus dúnta siopaí ó thaobh chúrsaí slándála de. Is amanna fíorleochaileach iad seo le haghaidh gníomhaíochta coiriúla de bharr líon na bhfostaithe a bhíonn i láthair, a gcuid eolais ar chórais rialaithe rochtana agus slándála, agus a bpatrúin intuartha teachta agus imeachta.

  • Ba cheart pearsanra freagrach agus ainmnithe, beirt más féidir, a cheapadh chun na feidhmeanna oscailte agus dúnta a chur i gcrích. Ba cheart iarracht a dhéanamh patrún rialta agus fadtréimhseach a ligfeadh do choirpigh réamhthuairim a bheith acu faoi nósanna imeachta a sheachaint.
  • Ba cheart ainmneacha agus sonraí teagmhála gach duine de na sealbhóirí eochrach a chur ar fáil don Gharda Síochána.
    Níor chóir go mbeadh cead eochracha breise a ghearradh nó na máistireochracha a úsáid.
  • I gcás áitreabh iláitithe, ba cheart go gcomhaontófaí nós imeachta slándála foriomlán idir na páirtithe i gceist.
     

Airgead agus rialú slándála

Is príomhsprioc é an t-airgead i gcónaí do choirpigh agus, mar sin, tá gá le pleananna slándála mionsonraithe maidir lena stóráil agus a choinneáil in áitreabh miondíola. Is minic a bhíonn gunnaí, sceana nó airm ionsaitheacha eile ag coirpigh atá ar thóir an airgid. I gcásanna áirithe, tharla sé go bhfuair daoine bás nó gortaíodh go dona iad le linn robálaithe airgid.

  • Ba cheart go mbeadh oifig an airgid in áitreabh miondíola lonnaithe as radharc ó limistéir phoiblí agus chomh fada agus is féidir ó bhealaí isteach/amach.
  • Ba cheart go mbeadh an oifig faoi rochtain rialaithe agus faoi fhaireachas ceamara TCI.
  • Ba cheart go mbeadh dlúthdhéanmhas i gceist le seomra an airgid, agus doirse agus fuinneoga air a chomhlíonann na caighdeáin slándála.
  • I gcás go bhfeistítear fuinneoga, ba cheart go ndéanann an ghloiniú caighdeáin aitheanta cáilíochta agus slándála a chomhlíonadh.
  • Ba cheart taisceadán ardcháilíochta a shuiteáil i seomra an airgid agus é boltáilte go daingean go hurlár coincréite nó go háis fánáin, agus meicníocht ghlasála aga-mhoillithe suiteáilte air go hidéalach. Ba cheart codanna ar leith a bheith ann chun lóisteálacha ullmhaithe a thógáil. Ba cheart am oscailte an taisceadáin a athrú gach lá.
  • Ar mhaithe le slándáil fheabhsaithe, nó in ionaid díolta móra, is féidir córas píobánra neomatach a shuiteáil chun airgead a iompar díreach ó na scipéid go dtí an taisceadán.
  • Is féidir Aonad Aistrithe Airgid, a éascaíonn le hairgead a aistriú ó oifig an airgid agus an Fheithicil Airgeadh Faoi Bhealach, a ionsuí i gceann de na ballaí seachtracha in oifig an airgid.
  • Ba cheart brúchnaipe práinne dúbailte PAB a lonnú ag gach áit oibre in oifig an airgid.
  • Ba cheart breithniú a dhéanamh ar dhoirse comhghlasáilte leictreonacha a chur isteach in ionaid díolta ardláimhdeachais.
     

Airgead a thaisceadh

Ba cheart breithniú a dhéanamh faoi chomhlacht creidiúnach airgead faoi bhealach a úsáid chun an t-airgead uile a thabhairt isteach agus amach as an áitreabh miondíola. Níor cheart do bhaill foirne agus iad ag déileáil le daoine ón gcomhlacht airgead faoi bhealach airgead ar bith a thabhairt nó doras ar bith a oscailt go dtí go mbeidís cinnte gurbh iad lucht bailithe an airgid atá ann – má tá siad faoi amhras ar bith, ba cheart teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht airgead faoi bhealach chun gach rud a fhíorú.

I gcás nach rogha inmharthana é do mhiondíoltóirí áirithe comhlacht airgead faoi bhealach a fhostú, baineann na treoirlínte slándála seo a leanas:

  • Bain úsáid as an mbanc is gaire
  • Déan na hamanna baincéireachta, an modh iompair agus an bealach a thógtar a athrú go minic
  • Níor cheart ach baill foirne, beirt acu ar a laghad, atá freagrach agus a bhfuil fios a ngnó acu, a chur i mbun airgead a aistriú. Ba cheart freisin áiseanna aláraim agus scriosta (e.g. deatach agus ruaim) a úsáid.
  • Nuair is féidir, déan an bhaincéireacht le solas an lae.
  • Cloígh leis na huasteorainn airgid a luaitear sa pholasaí árachais maidir le daoine ag aistriú lóisteálacha go dtí an banc.
  • Má chuireann daoine atá i mbun airgead a iompar amhras i ndaoine eile, nó i ngníomhaíocht eile atá ar siúl, ba cheart dóibh deireadh a cur leis na socruithe atá beartaithe acu agus dul go dtí Stáisiún na nGardaí is gaire dóibh, nó glaoch teileafóin a chur ar an stáisiún sin, chun comhairle agus cabhair a lorg.
     

Scipéid Airgid

  • Ba cheart scipéid airgid a chur in áiteanna ónar féidir súil a choinneáil ar urlár an tsiopa.
  • Ba cheart go leagtar amach, agus go gcloítear le, teorainneacha airgid sna scipéid.
  • Ba cheart go mbeadh an scipéad daingnithe go dlúth le dromchla soladach.
  • Ba cheart go mbeadh brúchnaipe dúbailte PAB lonnaithe láimh leis an scipéad.
  • Ba cheart go mbeadh ball foirne ag na scipéid i gcónaí agus má fhágtar iad, fiú ar feadh tamaillín, ba cheart go gcuirfí faoi ghlas iad agus go dtógfaí na heochracha.
  • Níor cheart ach baill foirne a bhfuil taithí acu a chur ag obair ar na scipéid.
  • Ba cheart breithniú a dhéanamh ar córais slándála scipéid físe a ligeann d’fhíorú ceannacháin a shuiteáil i gcás go n-úsáideann oibreoirí éagsúla an meaisín céanna.
  • Ba cheart sciath amhail leathánra Perspex nó a leithéid a chur isteach mar chosc ar sciobadh airgid ag na scipéid.
    I gcásanna ardriosca, b’fhéidir go bhfuil ga le scáileáin philéardhíonacha.
     

Robáil a chosc

Aon phlean a cheaptar chun robáil a chosc, is gá go ndéanann sé slándáil na bhfostaithe agus na gcustaiméirí a chosaint, caillteanas a laghdú agus difear a dhéanamh do ghabháil na gcoirpeach. Tá sé thar a bheith tábhachtach, mar sin, go nglactar le plean ginearálta atá ar eolas ag gach ball foirne agus intuigthe do gach ball foirne freisin. Is féidir an plean foirne a roinnt ina trí chuid, i.e. gníomhaíochtaí roimh robáil, gníomhaíochtaí le linn robála, agus gníomhaíochtaí i ndiaidh robála. Ba cheart gach fostaí a chur ar an eolas faoin méid seo a leanas:

 

Gníomhaíochtaí roimh robáil:

  • Ba cheart foráil a dhéanamh chun go ndéanfadh gach ball foirne an méid is mó faireachais agus is féidir ar limistéir phoiblí, laistigh agus lasmuigh den fhoirgneamh.
  • Ba cheart go seachnófaí socrú slándála ar bith a dhéanann infheictheacht a laghdú agus a ligeann do ghadaí teacht duine le duine le fostaí aonair.
  • Ba cheart go mbeadh go leor áiseanna cumarsáide seachtraí éigeandála i bhfeidhm. (Aláram, cnaipe práinne PAB, teileafóin cheilte, srl.)
  • Ba cheart teagmháil a choinneáil leis an Garda Síochána áitiúil ar bhonn rialta maidir le modhanna arna n-úsáid ag coirpigh agus go ndéantar nósanna imeachta slándála a athbhreithniú dá réir.
  • Ba cheart a rá le fostaithe a dhéanann an t-áitreabh a oscailt agus a dhúnadh a bheith fíor-airdeallach. Ba cheart dóibh féachaint suas síos an tsráid sula dtéann siad isteach nó sula bhfágann siad an t-áitreabh, agus ba bheart dóibh a bheith go mór in amhras daoine atá ag crochadh thart. Níor cheart dóibh dul i mbun cainte le daoine agus an doras leath ar oscailt acu gan comhartha a thabhairt do bhaill eile foirne go bhfuil gach rud ceart go leor, trí chóras simplí a úsáid, e.g. dallóg a chur suas nó síos, cárta a bhaint anuas den fhuinneog, srl.
  • Bain leas as póstaeir oiriúnacha chun na modhanna slándála atá i bhfeidhm a fhógairt agus gadaithe ionchasacha a choinneáil amach (e.g. Taisceadáin faoi ghlas ama, TCI, córais aláraim).
  • Coinnigh pacáiste ‘airgid bhaoite’ réidh agus nóta déanta de na sraithuimhreacha.
  • Ba cheart an riosca a leathnú amach trí ualaí móra airgid in aon áit amháin a sheachaint.
     

Gníomhaíochtaí le linn robála:

  • Ba cheart go ndéanfadh fostaithe díreach mar a déarfadh an coirpeach/na coirpigh, gan gníomhaíochtaí tobann nó gan coinne a dhéanamh, ar eagla go gceapfaí gur comhartha foláirimh ata i gceist. Na cuir an córas aláraim ar siúl ACH AMHÁIN má tá sé sábháilte é sin a dhéanamh.
  • Ba cheart dóibh géilleadh do na horduithe. Níor cheart dóibh a dhéanamh ach a ndeirtear dóibh a dhéanamh. Níor cheart dóibh iarraidh an ceann is fearr a fháil ar ghadaí, ós rud é gur féidir gadaithe eile a bheith ann nach bhfuil feicthe acu.
  • Ba cheart dóibh féachaint go géar ar na gadaithe, féachaint an bhfuil aon rud as an ngnáth ag baint leo: siúl; coim; tatú; fáinní cluaise, srl. agus iarracht a dhéanamh cuimhneamh ar a gcur síos.


Gníomhaíochtaí i ndiaidh robála:

  • Coinnigh an suíomh mar atá sé. Seans go bhfuil fianaise micreascópach fágtha ar aon dromchla, scipéad, cuntar, urlár lena raibh na gadaithe i dteagmháil. D’fhéadfadh méarloirg, snáithíní éadach, nó ithir iarmharach a bheith i gceist. Is dóchúil nach mbeadh an chuid is mó den ábhar sin infheicthe leis an tsúil. Tá sé ríthábhachtach, mar sin, nach dtarlaíonn traséilliú mar thoradh ar dhaoine ag leagan láimh nó ag cur isteach ar an láthair coire i ngan fhios dóibh féin. Is fearr is féidir é sin a dhéanamh tríd an áitreabh a dhúnadh agus tródam a chur timpeall ar an áit ina raibh na gadaithe.
  • Ba cheart cuntas gearr a scríobh maidir le gach rud a tharla. Ba cheart nóta a dhéanamh faoi chuma na gcoirpeach, cláruimhreacha gluaisteáin agus ainmneacha custaiméirí a bhí i láthair ag am an robála a scríobh síos. D’fhéadfadh an méid sin a bheith thar a bheith tábhachtach níos faide ar aghaidh má dhéantar dúshlán i gcoinne finné maidir le cruinneas a gcuid fianaise i gcás cúirte ar bith a eascraíonn as robáil sin.
  • Go hidéalach, ba cheart do na custaiméirí uile fanacht ar an áitreabh go dtí do dtiocfadh na Gardaí chun tús a chur leis na fiosruithe. Moltar fiosruithe na meán cumarsáide a tharchur chuig Oifig Preasa an Gharda Síochána.
     

Slándáil agus Rialáil Stoic

Beidh slándáil agus rialáil stoic i ngnóthais mhiondíola agus tráchtála ag brath go mór ar chomhordú maith idir bainistíocht, foireann, pearsanra slándála agus bleachtairí an tsiopa. Ba cheart oiliúint nó teagasc a chur ar gach ball foirne maidir leis na ceanglais agus nósanna imeachta slándála a bhaineann le stoc a láimhsiú. Ba cheart na rudaí seo a leanas a chur san áireamh sa chomhairle a thugtar maidir le coireanna a chosc:

  • Níor cheart ach barrleibhéal stoic a choimeád ar an áitreabh agus, ar chúiseanna slándála, is tábhachtach athbhreithniú a dhéanamh  ar bhonn rialta ar riachtanais stoic agus nósanna imeachta stórála.
  • Ba cheart an fhreagracht maidir le stoc a láimhsiú a roinnt idir baill foirne ainmnithe.
  • Ba cheart go mbeadh limistéir lódála stoic lonnaithe in áiteanna atá amach ó limistéir phoiblí, sráideanna, srl.
  • Ba cheart go ndéanfaí maoirsiú ar lódáil agus dílódáil stoic agus go ndéanfaí taifead ar gach idirbheart.
  • Ba cheart go mbeadh coimeádáin stoic séalaithe agus inaitheanta go soiléir de bharr marcóirí slándála.
  • Ba cheart clibeáil slándála a dhéanamh ar stoc laistigh den limistéar miondíola agus a bhfuil ardluach air, agus córais leictreonacha faireachais earraí a roghnaítear, a shuiteáiltear agus a fheidhmítear i gcomhréir le caighdeán slándála faofa a chur i bhfeidhm.
  • Ba cheart lipéad a chur ar earraí stoic sa limistéar miondíola, agus ainm an tsiopa agus an praghas a bhaineann leis an rud marcáilte go soiléir air.
  • Ba cheart earraí a  bhfuil ardluach orthu agus atá éasca le n-iompar a choimeád as radharc san oíche.
  • Maidir le taispeántais nach féidir maoirsiú a dhéanamh orthu:
  • Níor cheart taispeántais oscailte a lonnú cóngarach do bhealach isteach/amach, go háirithe taispeántais ar a mbíonn earraí ardluacha
  • Ba cheart go gcinnteodh baill foirne go ndéanfaí admháil a eisiúint i leith gach idirbhearta.
  • I gcás go bhfuil go leor earraí ardluacha ann, ba cheart breithniú a dhéanamh ar ghríleanna nó comhlaí a chur isteach.
  • Ba cheart go mbeadh an seomraí stoic sábháilte agus neamhfheiceálach ó thaobh maisiú agus lonnú de ionas nach dtarraingeofaí aird mhíchuí air.
  • Ba cheart stoc uile a sheiceáil nuair a sheachadtar é agus a athsheiceáil sa seomra stórais. Ba cheart go ndéanfaí baill foirne ainmnithe taifead agus cuntas a dhéanamh de ghluaiseacht ar bith a dhéantar ar stoc.
  • Ba cheart go ndéanfadh duine eile seachas an tÚdarás Eisiúna seiceáil ar fhoréilimh ar stoc.
  • Ba cheart spotseiceálacha a dhéanamh ar na leibhéil stoic.
  • Ba cheart líon na gcuairteoirí chuig limistéar an stoic a choimeád chomh íseal agus is féidir ar chúiseanna oibre, agus ba cheart tionlacan a bheith leo i gcónaí.
  • Ba cheart bánna lódála agus seomraí stoic a choimeád faoi ghlas nuair nach bhfuil siad in úsáid.
  • Ba cheart go mbeadh seomraí stoic agus limistéir lódála stoic faoi fhaireachas TCI i gcónaí.
  • Ba cheart go ndéanfadh pearsanra ainmnithe maoirsiú nuair agus fuíollstoc nó stoc damáistithe á bhaint, agus ba cheart gur seirbhísí bruscair tráchtála a dhéanann an obair sin.
  • Ba cheart measúnú a dhéanamh ar bhonn rialta ar éifeachtúlacht na córais slándála agus na mbeartas maidir le coireacht a chosc i gcoinne an ráta caillteanais stoic.
     

Gadaíocht siopa

D’fhéadfadh céatadán mór na gcaillteanas ar fad a tharlaíonn san earnáil mhiondíola teacht as gadaíocht siopa arna déanamh ag baill foirne. Is mór an chabhair an mhaoirseacht leis an mímhacántacht a chosc. Is minic gur mar thoradh ar an gcathú a bhíonn baill foirne miondíola mímhacánta, nó ós rud é go gceapann siad go bhfuil siad tar éis smaoineamh ar mhodh gadaithe nach féidir a aimsiú.

  • Níor cheart go ligfí do bhaill foirne a gceannacháin féin ná ceannacháin a ngaolta a phróiseáil.
  • Ní mór údarú, smachtú agus imscrúdú dian a dhéanamh ar na amanna agus na modhanna a cheannaíonn baill foirne earraí ar bith.
  • Ba cheart seomra na gcótaí a chur ar fáil cóngarach do shlí isteach na foirne agus níor cheart go mbeadh sé ceadaithe don bhfoireann málaí láimhe/málaí a thabhairt isteach ar urlár an tsiopa.
  • Má chuirtear éide foirne ar fáil, is riachtanach é a chaitheamh.
  • Ba cheart go ndéanfadh maoirseoirí ceannacháin atá le bailiú a sheiceáil chun a chinntiú gur díolacháin bona fides iad, rud a dhéanfadh claonpháirteachas  foirne/custaiméara i leith gadaíochta a dhíspreagadh.
  • Is riachtanach spotseiceálacha a dhéanamh ar na scipéid airgid go minic agus ar bhonn rialta, agus ba cheart taifeadtaí “Díolachán Ar Bith” a fhiosrú.
  • Ba cheart don bhainistíocht nó pearsanra slándála ceannacháin thrialacha a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil beartas slándála an chomhlachta á chomhlíonadh.
  • Ba cheart go ndéanfadh an bhainistíocht shinsearach an staid a leagan amach don fhoireann maidir le crapadh stoic reatha. Cabhróidh sé sin chun feasacht a chruthú maidir le cúrsaí slándála agus chun mímhacántacht a dhíspreagadh.
  • Ba cheart go mbeadh beartas i bhfeidhm maidir le gach cás a bhaineann le mímhacántacht foirne a thuairisciú don Gharda Síochána.

Gadaíocht chustaiméara a chosc

Glactar le caillteanais trí ghadaíocht chustaiméara mar ghnáthchuid de shaol gnó roinnt miondíoltóirí, ach fós, d’fhéadfadh an fhadhb sin a laghdú go mór trí dheacrachtaí nó fadhbanna a chur roimh an ngadaí siopa proifisiúnta maidir le hearraí a thógáil. I measc na ngnáthchúiseanna gadaíochta siopa tá baill foirne nach bhfuil oilte i gceart, drochbhainistíocht, drochleagan amach ar an siopa, easpa pearsanra slándála, agus easpa slándála inmheánaí nó slándáil inmheánach neamhimleor, e.g. TCI, aláraim, scátháin nó clibeáil slándála.

Modhanna gadaíochta siopa

I measc na ngnáthmhodhanna gadaíochta siopa, tá na cinn seo a leanas:

Bosáil: Nithe beaga a ghoideadh agus iad a chur i bhfolach sa bhos.

Praghsanna a Mhalartú: Lipéid ó earraí ar chostas íseal a chur ar earraí níos costasaí

Galú: Tagann drong mhór isteach sa siopa agus déanann siad baill foirne a imeaglú, a bhagairt nó a mhearú ionas gur féidir leo méideanna móra earraí a ghoideadh roimh éalú. D’fhéadfadh sé a bheith dainséarach dul i ngleic leis na daoine sin toisc gur dóigh go mbeidís foréigneach.

Claonpháirteachas Foirne: Baill foirne ag obair i gcomhar le gadaithe trí ligean orthu nach bhfeicidís cad atá ar siúl nó trí claonpháirteachas a dhéanamh maidir leis an ghadaíocht

I measc modhanna eile, d’fhéadfadh gadaithe criosanna, pócaí speisialta i líneáil cóta, mála cáipéisí, málaí siopadóireachta, pramanna nó bugaithe a úsáid, nó éadaí scaoilte a chaitheamh, chun earraí a cheilt. Déanfaidh an gadaí siopa proifisiúnta iarracht an lámh in uachtar a fháil ar ghléasanna slándála leictreonacha trí lipéid a bhaint sna seomraí feistis, trí ghléas dí-lipéadaithe a ghoideadh ón siopa nó trí leas a bhaint as málaí scragall-línithe. Baill foirne airdeallach an cuidiú is fearr chun gadaíocht siopa a chosc. Ba cheart baill foirne a spreagadh chun a bheith géarchúiseach agus iad a chur ar an airdeall maidir le riosca na gadaíochta custaiméara. Go rómhinic, fágtar an cúram sin ar an bhfoireann slándála amháin. Is féidir le foireann dea-oilte airdeallach cuid mhór gadaíochta a chosc.

  • Ba cheart oiliúint a chur ar bhaill foirne maidir le gadaithe a aithint toisc go mbíonn gadaí i gcónaí ag faire ar an bhfoireann nó ag féachaint timpeall an tsiopa seachas a bheith a féachaint ar na táirgí.
  • Ba cheart a fhios a bheith acu cad ba chóir dóibh a dhéanamh má fheiceann siad custaiméir agus iompar amhrasach ar siúl acu; is minic gur leor a chur in iúl don ghadaí go bhfuil sé/sí tugtha faoi deara acu.
  • Ba cheart gnáth cur chuige díolacháin a úsáid, amhail “An féidir liom cabhrú leat?” nó dul ag obair in aice leis an duine atá faoi dhrochamhras.
  • Má tá gadaíocht tar éis tarlú, ba cheart don fhoireann súil a choimeád ar an duine atá faoi dhrochamhras, agus baill eile foirne agus pearsanra slándála a chur ar an airdeall, agus fios a chur ar an nGarda Síochána.

Déanfaidh ceamaraí TCI roinnt gadaithe a dhíspreagadh agus cabhróidh sé chun gadaithe eile a ionchúiseamh. Ba cheart na ceamaraí a chur in áit an-fheiceálach agus comharthaí rabhaidh a chur ar taispeáint. Ba cheart ceamara a chur ag an mbealach isteach chun an tsiopa chun taifead a dhéanamh ar ghadaithe agus iad ag dul isteach. Seans go n-úsáidfí na taifeadtaí mar fhianaise agus mar sin, ba cheart iad a choimeád faoi ghlas in áit oiriúnach.

Ag déileáil le Gadaí Siopa

Má fhaigheann ball foirne nó duine slándála amach go bhfuil gadaíocht siopa ar siúl, ba cheart dóibh na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • Ba cheart súil a choimeád an t-am ar fad ar an duine atá faoi dhrochamhras.
  • Caithfidh an ball foirne a bheith iomlán cinnte go bhfuil gadaíocht tar éis tarlú agus go bhfuil an rud a goideadh i seilbh an duine atá faoi dhrochamhras.
  • Seans go mbeidh gá ligean don duine atá faoi dhrochamhras an siopa a fhágáil chun a chinntiú go bhfuil gadaíocht tar éis tarlú. Níor cheart dul chun cainte leis an ngadaí go dtí go bhfuil sé/sí tar éis dul níos faide ar aghaidh ná an scipéad airgid deireanach, agus iad ag déanamh ar an mbealach amach.
  • Ag an bpointe seo, ba cheart dul chun cainte leis an duine atá faoi dhrochamhras agus iarraidh orthu an bhfuil dearmad déanta acu íoc as an rud/na rudaí a cheaptar a goideadh. Ba cheart iarraidh orthu teacht isteach go seomra agallaimh sa siopa, as radharc custaiméirí eile agus ball foirne.
  • Más féidir, ba cheart go mbeadh beirt bhall foirne páirteach sa phróiseas faoin am seo. Ba cheart deis a thabhairt don duine atá faoi dhrochamhras míniú a thabhairt agus na rudaí i gceist a thógáil amach. Níl aon chumhacht chuardaigh ag baill foirne agus ba cheart fios a chur ar na Gardaí ag an bpointe seo.
  • Ba cheart do bhall foirne nóta a dhéanamh ina leabhar nóta de shonraí na heachtra, chomh maith leis an dáta agus an t-am. Nuair a thiocfaidh na Gardaí, tógfaidh siad cúram an scéil orthu féin agus d’fhéadfadh siad an ciontóir a ghabháil má léirítear cion.
  • Ba cheart beartas a bheith ag miondíoltóir uile gach gadaí siopa a aithnítear a ionchúiseamh. Níl mórán coisc eile ar fáil dóibh.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le do ghnó a chosaint, féach ar an Treoirleabhar do Shlándáil Mhiondíola de chuid an Gharda Síochána.

Reachtaíocht reatha in Éirinn

Faightear an dlí maidir le gadaíocht siopa sa reachtaíocht seo a leanas:

  • An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cionta Gadaíochta agus Calaoise) 2001.
  • An tAcht um an Dlí Choiriúil, 2007  – “Cionta Inghabhála”.
  • An tAcht um Cheartas Coiriúil, 2006, agus
  • An tAcht um Cheartas Coiriúil, 2007

Is féidir féachaint ar na hAchtanna sin ar www.acts.ie