Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Sábhálann Ceamaraí Sábháilteachta Saolta

Tá luas ar cheann de na príomhchúiseanna le básanna ar bhóithre.

Tá sé cruthaithe go hidirnáisiúnta go laghdaíonn ceamaraí sábháilteachta luas.

Rinneadh measúnú ar gach bóthar ar fud na tíre bunaithe ar thromchúis agus minicíocht imbhuailtí (lena n-áirítear áiteanna ina raibh luas iomarcach ina fhachtóir sa toradh), chun na codanna bóthair ina bhfuil an deis is fearr ag ceamaraí sábháilteachta básanna agus gortuithe tromchúiseacha d’úsáideoirí bóthair a chosc amach anseo a aithint. 

Roghnaíodh na suíomhanna bunaithe ar shonraí maidir le himbhuailtí marfacha agus imbhuailtí a bhain le gortuithe tromchúiseacha le seacht mbliana anuas agus ar shonraí luais, chomh maith le haiseolas ó gheallsealbhóirí.

Eiseofar fógra muirir sheasta pionóis do thiománaithe a bhraithfidh ceamaraí luais agus iad ag sárú na teorann luais.

Tá an Garda Síochána tiomanta do líon na mbásanna ar bhóithre a laghdú trí oibriú le comhpháirtithe i gcomhréir le Straitéis an Rialtais um Shábháilteacht Bóthair.

Áirítear i bPlean Gníomhaíochta Chéim 1 de Straitéis an Rialtais um Shábháilteacht Bóthair (2021–2024) 186 ghníomh a chuirfidh comhpháirtithe na Straitéise i gcrích faoi sheacht réimse idirghabhála tosaíochta den Chóras Sábháilte: bóithre agus taobhanna bóthair sábháilte, luasanna sábháilte, feithiclí sábháilte, úsáid shábháilte bóthair, freagairt i ndiaidh imbhuailte, modhanna taistil sábháilte agus sláintiúla, agus úsáid shábháilte bóthair a bhaineann leis an obair.

Cineálacha Braite Ceamaraí Sábháilteachta

Brath Soghluaiste Ceamaraí Sábháilteachta

Braite Meánluais Ceamaraí Sábháilteachta

Braite Seasta Ceamaraí Sábháilteachta

Braite Luais an Gharda Síochána