Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Triail Inniúlachta Fhisiciúil an Gharda Síochána (PCT)

Cad iad na ceanglais fhisiceacha?

Trialacha Réamhiontrála Cheanglais Fhisiceacha

Tá dhá ghné anois ag an Triail Inniúlachta Fhisiciúil an Gharda Síochána (PCT) a tugadh isteach le déanaí agus is iad triail corpacmhainne ilchéimneach 20 méadar (ar a dtugtar an 'beep test' chomh maith) agus cúrsa bacainní (gan stad) go díreach ina dhiaidh sin le ceanglas chun éirí leis an dá ghné sin in 8 nóiméad 4 soicind nó níos lú. Toisc go bhfuil an triail seo sonrach don ról, tá feidhm ag an am pas seo de 8 nóiméad 4 soicind do gach iarratasóir a bhfuil an  Triail Inniúlachta Fhisiciúil an Gharda Síochána á déanamh acu is cuma cén aois nó inscne iad.

Triail (beep) corpacmhainne ilchéimneach 20 méadar

Ní mór don iarratasóir ar dtús an triail beep 20 méadar a chur i gcrích go rathúil ar dtús go Leibhéal 5.6 in am socraithe de 4 nóiméad 54 soicind sula féidir leo tús a chur leis an gcúrsa bacainní. Is í sprioc na trialach beep fhorchéimní 20 méadar ná rith ó líne amháin  go líne eile atá 20 méadar óna chéile i líne dhíreach, ag coinneáil leis an luas atá léirithe ag na beeps ar an traic fuaime go fad iomlán de 760 méadar.  Cloisfidh an t-iarratasóir beep airde ag eatraimh rialta. Ag an tús, tá an luas mall, ach méadóidh an luas ag deireadh gach nóiméad ag 0.5kph.  Agus an beep deireanach á bhaint amach ag Leibhéal 5.6, tá cead ag an iarratasóir ansin dul chun cinn a dhéanamh chun an cúrsa bacainní.

Físeán – Fuaim Iomlán den Triail Bleep/Rith Tointeála mar a úsáidtear i gColáiste an Gharda Síochána

Cúrsa Bacainní

Caithfidh an t-iarratasóir dhá chúrsa iomláine den chúrsa bacainní a chur i gcrích i níos lú ná 3 nóiméad 10 soicind (Am Iomlán Curtha le Chéile: 8 nóiméad 4 Soicind) chun an PCT a chur i gcrích go rathúil. Tá an méid seo a leanas sa Chúrsa Bacainní:

  1. Tosach Ráibe
  2. Cas trí chóin
  3. Siúl ar bhíoma
  4. Roth gluaisteáin a iompar ar fad 3 mhéadar
  5. Téigh faoi bhacainn
  6. Léim thar mhata (atá aon mhéadar ar leithead)
  7. Sleamhnán a bhrú 6 mhéadar
  8. Sleamhnán a tharraingt 6 mhéadar
  9. Rith suas agus síos staighre
  10. Dreapadh thar gheata
  11. Ráib 16 mhéadar

Mura féidir le hiarratasóir aon cheann de na gnéithe thuas den chúrsa bacainní a chur i gcrích, ní mó dóibh an ghné sin a dhéanamh arís agus an t-am taifeadta fós ar siúl.

Tá físeáin corpacmhainne réamhroghnúcháin ina sonraítear Trialacha Inniúlachta Fisiciúla ar fáil anseo:

Físeán – Gach ceanglas atá i gceist chun éirí leis an triail