Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Póilíneacht Pobail

Careers

Céard é Póilíneacht Phobail?

Is éard atá i gceist le póilíneacht phobail seirbhís phóilíneachta a chur ar fáil don phobal iomlán, uirbeach agus tuaithe, trí stíl phóilíneachta atá bunaithe ar chomhpháirtíocht, atá réamhghníomhach agus dírithe ar fhadhbréiteach. Tá an cineál seo póilíneachta dírithe ar rannpháirtíocht leis an bpobal, cosc ar choireacht agus forfheidhmiú dlí agus déileálann sé le coireacht agus póilíneacht a dhéanamh ar shaincheisteanna chaighdeán na beatha a chuireann isteach ar roinnt pobal. Soláthraíonn An Garda Síochána seirbhís póilíneachta pobail éifeachtach, a fhreagraíonn do riachtanais pobail atá nua-aimseartha agus éagsúil faoin 6 phrionsabal seo a leanas:

  1. Rannpháirtíocht sa Phobal
  2. Comhpháirtíochtaí Pobail
  3. Fadhbréiteach
  4. Cosc ar Choireacht
  5. Forfheidhmiú an Dlí
  6. Cuntasacht

Limistéir Póilíneachta Pobail (LPPanna)

Tá gach rannán de chuid an gharda síochána sa tír mapáilte mar Limistéir Póilíneachta Pobail (LPPanna). Is é LPP an limistéar patróil agus freagrachta le haghaidh Gardaí Pobail. Beidh Garda Pobail ar leith sannta le haghaidh gach LPP. 

Foirne Póilíneachta Pobail (FPPanna)

Beidh roinnt Foirne Póilíneachta Pobail (FPPanna) ag gach Rannán a bheidh sannta dó a mbeidh Cigire, Sáirsint, Gardaí Póilíneachta Pobail ag obair ann. Tabharfaidh FPPanna tús áite do rannpháirtíocht le pobail chun réitigh fhadtéarmacha inbhuanaithe a chur ar fáil chun freastal ar riachtanais an phobail. 

Céard é Garda Pobail?

Glacfar le ball de An Garda Síochána mar ‘Garda Pobail’ sa chás go bhfuil an ball sin leithdháilte ar Fhoireann Póilíneachta Pobail (FPP) agus go bhfuil sé/sí freagrach agus cuntasach as cur chuige fadhbréitigh a úsáid i ndáil le coireacht agus póilíneacht a dhéanamh ar shaincheisteanna chaighdeán na beatha i limistéar geografach sonrach trí chomhpháirtíocht agus rannpháirtíocht. I roinnt ceantar tuaithe, is iad na pearsanra atá ag obair sna ceantair seo cheana féin a bheidh páirteach sna Foirne Póilíneachta Pobail (FPPanna). Beidh dhá fheidhm acu - beidh siad ag feidhmiú mar chéad fhreagróirí agus mar bhaill den fhoireann póilíneachta pobail.

Lena chois sin, beidh Gardaí Tacaíochta Pobail ag tacú le FPPanna a chuirfidh dualgais túslíne i gcrích agus a shannfar mar LPP ar leith chun tacú le Garda Pobail ar leith. 

Cuspóirí Póilíneachta Pobail an Gharda Síochána

  • Páirt a ghlacadh i ndeiseanna comhpháirtíochta (e.g. JPC, Faire Comharsanachta, Pobal ar Aire, fóraim phóilíneachta áitiúla, fóraim mhiondíola éagsúla, Faire Gnó)
  • Seirbhís inrochtana agus shofheicthe an Gharda Síochána a chur ar fáil do phobail.
  • Próisis rannpháirtíochta éifeachtacha a bhunú chun freastal ar riachtanais pobal áitiúil agus aiseolas a chur ar fáil do phobail.
  • Tionscnaimh fhadhbréitigh a úsáid, a forbraíodh i gcomhpháirt le pobail agus gníomhaireachtaí áitiúla, chun dul i ngleic le coireacht, drugaí, neamhord poiblí agus iompar frithshóisialta, trí fhorfheidhmiú spriocdhírithe, cosc ar choireacht agus tionscnaimh um laghdú.
  • Páirt a ghlacadh i gcur chuige pobalbhunaithe chun réitigh a sholáthar a laghdaíonn an faitíos roimh choireanna.
  • Oibriú ar bhealach úsáideach le daoine óga chun caidreamh dearfach a fhorbairt agus a chothabháil agus tacú le sábháilteacht phearsanta agus sábháilteacht an phobail.
  • Straitéisí cumarsáide a fheabhsú a chuireann cuspóirí agus torthaí póilíneachta pobail in iúl.
  • Oibriú i gcomhpháirt le gníomhaireachtaí eile chun sábháilteacht a chinntiú ar ár sráideanna agus bóithre.
  • A bheith cuntasach don phobal a bhfuilimid ag freastal air. 

Tacaíocht Náisiúnta Oibríochtúil 

Tá na struchtúir tacaíochta Náisiúnta Oibríochtúla seo a leanas bunaithe chun seirbhís chomhsheasmhach le haghaidh póilíneacht phobail a chinntiú: 

  1. Tá Coimisinéir Cúnta, Póilíniú Bóithre agus Rannpháirtíocht sa Phobal, ainmnithe mar cheannaire eagraíochtúil atá freagrach as cur chun feidhme an bheartais náisiúnta le haghaidh póilíneacht phobail. 
  1. Tacóidh Aonad Náisiúnta an Gharda Síochána um Póilíniú Pobail le cur chun feidhme beartais, le dearadh agus cuirfidh sé ábhar oiliúna i dtoll a chéile le haghaidh póilíneacht phobail agus soláthróidh sé tacaíocht phraiticiúil d’Fhoirne Póilíneachta Pobail lena n-áirítear dea-chleachtais póilíneachta pobail a bhailiú agus a dháileadh.

Róil & Freagrachtaí 

Coimisinéirí Cúnta Réigiúnacha

Beidh Coimisinéirí Cúnta Réigiúnacha freagrach as bunú oibríochtúil Bheartas Náisiúnta an Gharda Síochána maidir le Póilíneacht Phobail. Cinnteoidh gach Coimisinéir Cúnta Réigiúnach an méid seo a leanas: 

  1. Go mbunaítear agus go gcothabháiltear póilíneacht phobail i ngach limistéar dá réigiún ábhartha de chuid an Gharda Síochána.
  2. Treiseoidh siad agus tacóidh siad le, más gá, acmhainní le haghaidh na Foirne Póilíneachta Pobail. 

Oifigigh Rannacha 

Tá ról ríthábhachtach ag Oifigigh Rannacha sa rath a bhíonn ar phóilíneacht phobail agus is é an ról a bheidh acu tacú le póilíneacht phobail agus í a leabú laistigh dá gCeantair Rannacha Póilíneachta Pobail. Beidh ról riachtanach ag Ard-Cheannfoirt i gcomhpháirt lena nArd-Cheannfoirt Rannpháirtíochta sa Phobal, i gcomhthéacs a chinntiú go bhfuil acmhainní oiriúnacha á gcur ar fáil don fheidhm Póilíneachta Pobail sa cheantar atá faoina gceannas.          

Ceannfort Rannpháirtíochta sa Phobal 

Glacfaidh gach Ceannfort Rannpháirtíochta sa Phobal le húinéireacht as Póilíneacht Phobail laistigh dá réimse freagrachta féin. De réir beartais gach Ceannfort Rannpháirtíochta sa Phobal cinnteofar go bhfuil Foirne Póilíneachta Pobail á mbunú ina gceantair freagrachta. 

Cigirí agus Sáirsintí

Tacóidh Cigirí agus Sáirsintí atá sannta d’Fhoirne Póilíneachta Pobail leis an gCeannfort Rannpháirtíochta sa Phobal chun seirbhís phóilíneachta atá éifeachtach agus fhreagrúil a sholáthar do c(h)eantar fhoireann phóilíneachta a c(h)eantair. Beidh an Cigire sannta freagrach as bainistiú agus maoirsiú na Foirne Póilíneachta Pobail laistigh de cheantar a fhoireann phóilíneachta pobail. Beidh an Sáirsint sannta freagrach as bainistiú agus maoirsiú na Foirne Póilíneachta Pobail laistigh de cheantar a fhoireann phóilíneachta pobail agus Gardaí Pobail aonair i gCeantair Póilíneachta Pobail. 

Gardaí Pobail 

Tá ról an Gharda Pobail laistigh dá c(h)eantar Póilíneachta pobail, le cois phríomhról na póilíneachta mar atá sainithe laistigh d’Alt 7 d’Acht an Gharda Síochána, 2005, sainithe i gcreat Póilíneachta Pobail an Gharda Síochána agus tá Próifíl Róil forbartha. Seo a leanas príomhfheidhmeanna an Gharda Pobail: 

  • An dlí a fhorfheidhmiú trí ghlacadh le bearta oiriúnacha smachtbhanna
  • Cláir phobail um chosc ar choireacht a bhunú agus tacú leo
  • Patrólú éifeachtach chun an pobal a chur ar a shuaimhneas, an faitíos roimh choireanna a laghdú agus déileáil le ceisteanna a bhaineann le caighdeán na beatha
  • Obair go réamhghníomhach i gcomhpháirt leis an bpobal
  • Bunchúiseanna saincheisteanna pobail a shainaithint agus déileáil leo trí thairbhe a bhaint as teicnící fadhbréitigh
  • Idirghníomhaíocht agus cumarsáid a fheabhsú idir gach roinn den phobal agus de An Garda Síochána. 

Aonad Náisiúnta an Gharda Síochána um Póilíniú Pobail

Biúró an Gharda Síochána um Rannpháirtíocht sa Phobal,

Ceanncheathrú an Gharda Síochána,

Cearnóg Fhearchair,

Baile Átha Cliath 2 D02 DH42

 

community  community 8 Community 2_ community 3