Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Oifigí Choimisinéir an Gharda Síochána, Leas-Choimisinéir agus POR

Oifig Choimisinéir an Gharda Síochána

Is é Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris atá freagrach as treo agus rialú ginearálta an Gharda Síochána. Tá sé freagrach don Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, atá freagrach don Dáil (reachtas na hÉireann) maidir le gníomhaíochtaí na Seirbhíse. Tá Oifig an Choimisinéara ag Ceanncheathrú an Gharda Síochána. Tugann an Leas-Choimisinéir i gceannas ar Oibríochtaí, agus an Príomh-Oifigeach Riaracháin cúnamh air. Tá Rúnaí Príobháideach (Ceannfort) ag an gCoimisinéir chomh maith le foireann riaracháin.

HQ 4

Cliceáil anseo le haghaidh beathaisnéis an Choimisinéara Harris

Oifig an Chomisinéara Thánaistigh um Phóilíneacht agus um Shlándáil

Tá an Coimisinéir Tánaisteach atá i gceannas ar Phóilíneacht agus ar Slándáil freagrach as phóilineacht oibríochtúil. Tá gach ceann de na Coimisinéirí Cúnta atá i gceannas ar Shlándáil agus Faisnéis, ar Oibríochtaí Speisialta Coireachta, ar Phóilíneacht na mBóithre agus Bainistíocht Mórimeachtaí, ar Rannphairttaíocht sa Phobal agus Slándáil an Phobail, agus gach ceann den 6 Coimisinéirí Réigiúnacha freagrach don Choimisinéir Cúnta um Phóilíneacht agus um Shlándáil.

Cliceáil anseo le beathaisnéis an Leas-Choimisinéara Anne Marie McMahon

HQ 3Oifig an Chomisinéara Thánaistigh um Rialachas agus um Straitéis

Tá an Coimisinéir Tánaisteach ata i gceannas ar Rialachas agus ar Straitéis freagrach as forbairt straitéise agus feabhsú feidhmíochta de réir fhaomhadh an Choimisinéara. I measc fheidhmeanna na hoifige seo tá maoirseacht ar phróiseas pleanáil chorparáideach An Garda Síochána, cláir athraithe, cheannaireachta agus oiliúna a bhunú agus cur i bhfeidhm straitéise ar bhealach comhordaithe agus comhtháite trasna na heagraíochta a mbaintear amach agus a dheimhniú. Tá na Coimisinéirí cúnta atá i gceannas ar Rialachas agus Cuntasacht, ar Straitéis agus Bainistíocht Athraithe, ar Chúrsaí Dlíthiúla agus Comhlíonadh agus Tacaíocht Fheidhmeach, agus Ceann Gnóthaí Dlíthiúla agus Ceann Rannóg an Iniúchta Inmheanaigh freagrach don Choimisinéir Tánaisteach um Rialachas agus um Straitéis.

Cliceáil anseo le haghaidh beathaisnéis an Leas-Choimisinéir Coxon

Oifig an Phríomhoifigigh Riaracháin

Tá an Príomhoifigeach Riaracháin freagrach as an Stiúrthóireacht Airgeadais a chuimsíonn Eastáit an Gharda, Bainistíocht Flít, Soláthar agus Seirbhísí; Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide; Earcaíocht agus Bainistíocht Promhóirí; Bainistíocht Feidhmíochta, Beartas Acmhainní Daonna agus Cláir agus an Rannóg Sláinte Cheirde. Tá Stiúrthóirí Feidhmeacha TFE, Airgeadais agus Acmhainní Daonna agus Forbartha Daoine freagrach don Príomhoifigeach Riaracháin .

Cliceáil anseo le haghaidh beathaisnéis an Phríomh-Oifigeach Riaracháin Joseph Nugent