Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

TFC-Oifig an Stiúrthóra Fheidhmeannaigh um Theicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide (TFC)

ICT__

Bunaíodh Oifig an Stiúrthóra Fheidhmeannaigh um Theicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) i mí Iúil 2008 agus an cuspóir atá aici gach feidhm TFC An Gharda Síochána a chomhnascadh laistigh d’aonad gnó comhtháite amháin.  Is é príomhról na hOifige imlonnú eifeachtach córais, seirbhísí agus réiteach TFC, a chinntiú chun tacú le spriocanna gnó straitéiseacha agus riachtanas a bhaint amach mar a leagtar amach iad in Straitéis Ghnó Chorparáideach an Gharda Síochána

Braitheann líon mór próiseas póilíneachta laistigh den Gharda Síochána ar TFC. Ina measc tá:

- Bainistíocht an ionaid smachta cumarsáideacha Taifeadadh Teagmhais

- R-phost

- Imscrúduithe coiriúla

- Clárú Náisiúnach neamh-EU

- Grianghraif

- Méarloirg

- Bainistíocht chás

- Grinnfhiosrú charachtar

Chomh maith leis na feidhmeanna thuasluaite, úsáidtear TFC ar bhealaigh atá níos sofaisticiúla agus níos taicticiúla chun gníomhaíochtaí laethúla na heagraíochta a thacú. Téann TFC i ngleic leis seo trí:

• Phleanáil straitéiseach a chuimsíonn faire ar fhorbairtí tionsclaíocha agus measúnú na ndeiseanna bhaineann leo

• Múnlú faisnéise ar an ngnó agus ar a fheidhmeanna; an ailtireacht sonraí a bhaineann leis a fhorbairt agus í a chothú agus na feidhmchláir chórais a theastaíonn agus an ailtireacht tacaíochta a dhearadh

• Seirbhís Deisce a sholáthar do bhreis is 16,500 úsáideoir • Conarthaí móra teicniúla agus tráchtála a aontú le soláthraithe Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide

• Bheith mar ionadaí An Gharda Síochána ar fóraim Náisiúnta agus Idirnáisiúnta

Tá trí phríomhréimse fheidhmiúla TFC ag an Oifig mar a leanas:

Oibríochtaí agus Slándáil Theicneolaíochtaí Faisnéise

Tá rannóg Oibríochtaí agus Slándála freagrach as pleanáil, as feidhmiú agus as imlonníu gach córas Theicneolaíochtaí Faisnéise ar bhonn straitéiseach agus taicticiúil lasmuigh den Gharda Síochána. Cuimsíonn sé seo gach ríomhaireacht deisce, freastalaithe ríomhaire, bogearraí ríomhaire agus gach feidhmchlár ríomhaire idir shaincheaptha agus leagan siopa.

Straitéis agus Pleanáil Theicneolaíochtaí Faisnéise

Tá príomhról ag rannóg Pleanála & Straitéise i bhforbairt straitéise TFC agus tá sí freagrach as gach forbairt feidhme do chórais nua agus as gach córas reatha atá ann a chothú. Cuimsíonn freagracht as forbairt feidhme dearadh, tógáil agus tástáil chórais gach córas nua agus timpeallachtaí forbartha a thacú. Anuas air sin tugann Pleanáil Theicneolaíochtaí Faisnéise  faoi ról bainistíochta tionscadail maidir le mórchórais nua ó sholáthar go dtí cur i bhfeidhm.

Teileachumarsáid

Ta rannóg Theileachumarsáide an Gharda freagrach as raon leathan seirbhísí tacúla teicniúla a sholáthar don Gharda Síochána, go príomha i réimse na gcóras cumarsáide Raidió, Córais TCI, córais teileafóin dhigiteacha (PABX), Líonraí Príobháideacha Fíorúla (VPN), Seomraí Anailíse Físe lena n-úsáid do chórais TCC Uirbeacha agus Líonra Príobháideach Ceallach a comhordú d’fhón shoghluaiste eisithe go hoifigiúil. Tá an rannóg freagrach as dearadh as tógáil agus as bainistíocht gach nasc líonra agus raidió ar fud an fhórsa. Cuimsíonn sé seo gach nasc líonra achair fhairsing,  nasc Analógach agus nasc Raidió Digiteach idir Ceanncheathrú, Oifigí Stáisiúin agus Gardaí Oibríochtúla in Éirinn. Ta an rannóg Teileachumarsáide freagrach freisin as Líonraí Achair Logánta a chothú agus as  comhaontuithe seirbhíse le Soláthraithe Seirbhíse.

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le :

Oifig an Stiúrthóra Fheidhmeannaigh ICT Ceanncheathrú an Gharda Páirc an Fhionnuisce Baile Átha Cliath 8 D08 HN3X

Teil: +353 1 6661453

Faics: +353 1 6661659

R-phost: ICT_Executive_Director@Garda.ie