Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Sláinte agus Folláine

Oifig Náisiúnta Sláinte agus Folláine an Gharda Síochána

Tá Stiúrthóireacht Sláinte Ceirde agus Folláine an Gharda Síochána faoi stiúir an Phríomhoifigigh Leighis, an Dr Oghenovo (Ovo) Oghuvbu. Cuimsíonn sí Seirbhís Sláinte Ceirde an Gharda Síochána (GOHS) agus Oifig Náisiúnta Sláinte agus Folláine an Gharda Síochána (GNWO).

Tá an Oifig le bunú mar chuid de Straitéis Sláinte agus Folláine an Gharda Síochána a seoladh i mí na Bealtaine 2021.

Beidh feidhm thrasghearrthach ag an Oifig Folláine, agus í ag obair le príomhpháirtithe leasmhara chun cabhrú le pearsanra uile an Gharda Síochána a sláinte agus a bhfolláine a chothabháil ionas gur féidir leo a gcuid dualgas a chomhlíonadh go sábháilte agus go héifeachtach. 

Seirbhís Sláinte Ceirde an Gharda Síochána

Tá Seirbhís Sláinte Ceirde an Gharda Síochána (GOHS) ina cuid de Shláinte Ceirde agus Folláine an Gharda Síochána, atá faoi stiúir an Phríomhoifigigh Leighis. Tá GOHS lonnaithe i gCeanncheathrú an Gharda Síochána.Is é príomhchuspóir Sheirbhís Sláinte Ceirde an Gharda Síochána seirbhís speisialaithe sláinte ceirde a sholáthar, chomh maith le sainchomhairle ar shaincheisteanna beartais maidir leis an obair agus leis an tsláinte a bhaineann leis an nGarda Síochána (AGS).

Is iad aidhmeanna GOHS:

  • Folláine fhisiciúil, mheabhrach agus shóisialta phearsanra uile an Gharda Síochána a chur chun cinn agus tacú léi.
  • Tacú le pearsanra an Gharda Síochána a sláinte agus a bhfolláine a chothabháil ionas gur féidir leo a gcuid dualgas a chomhlíonadh go sábháilte agus go héifeachtach.
  • Seirbhís chomhairleach atá neamhspleách, gairmiúil, rúnda agus eiticiúil a sholáthar.
  • Cloí leis an reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta a chur chun cinn agus a spreagadh chun tacú le sláinte agus folláine phearsanra uile an Gharda Síochána.
  • Cultúr sláinte agus folláine a chur chun cinn sa Gharda Síochána.
  • Comhairle a sholáthar do phearsanra agus do bhainistíocht an Gharda Síochána maidir le saincheisteanna sláinte agus folláine a bhaineann leis an obair.
  • Cumas oibre phearsanra an Gharda Síochána a chur chun cinn agus tacú leis a mhéid is indéanta.

Tá foireann gairmithe speisialaithe cúraim sláinte ceirde ag obair in GOHS, agus foireann riaracháin ag tacú leo. Tá an tSeirbhís tiomanta do thacú le pearsanra uile an Gharda Síochána a sláinte agus a bhfolláine a chothabháil ionas gur féidir leo a gcuid dualgas a chomhlíonadh go sábháilte agus go héifeachtach. 

Na seirbhísí a sholáthraítear:

  • Atreoruithe sláinte ceirde agus coinní athbhreithnithe – B5 (a bhaineann le neamhláithreacht agus le hinniúlacht chun oibre), CIP (a bhaineann leis na Forálacha maidir le Tinneas Criticiúil)
  • B7 (measúnú agus athbhreithniú leighis a bhaineann leis an Acht Cúitimh le haghaidh comhad faoin AchtCúitimh)
  • Atreorú chuig speisialtóirí neamhspleácha leighis
  • Bainistiú cásanna, athbhreithniú comhad agus comhairle maidir le saincheisteanna a bhaineann le neamhláithreacht ar chúiseanna leighis
  • Measúnú leighis réamhfhostaíochta
  • Bainistiú leantach ar theagmhais nochta d’fhuil agus do shreabháin choirp ag an obair (OBBFE)
  • Bainistiú ar scaoileadh comhad leighis
  • Faireachas tréimhsiúil sláinte (scrúduithe leighis) d’fhostaithe an Gharda Síochána atá ag gabháil do róil atá ríthábhachtach ó thaobh na sábháilteachta de nó do dhualgais speisialaithe
  • Plé rúnda agus comhairle chuí maidir le fadhbanna sláinte pearsanta a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’inniúlacht chun oibre
  • Scagthástálacha fola
  • Faireachas reachtúil sláinte éisteachta
  • Measúnuithe leighis roimh chúrsaí
  • Cláir imdhíonta agus tástálacha/scagthástálacha fola gaolmhara
  • Próiseáil leighis ar iarratais ar luathscor ar fhorais leighis nó ar urscaoileadh ar fhorais leighis. 

Seirbhísí Breise