Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Buirgléireacht agus Goid

Tá mé i m’íospartach buirgléireachta / gada. Cad ba cheart dom a dhéanamh anois?

Cuir glaoch ar do stáisiún Garda áitiúil agus tuairiscigh an choir ar an bpointe. Má cheapann tú go bhfuil ionróirí fós i do theach nó i d’áitreabh, déan teagmháil le 999 láithreach.

Iarrtar ort d'ainm, do sheoladh, do shonraí teagmhála a chur ar fáil chomh maith le tuairisc ar an maoin a tógadh agus tuairisc ar aon damáiste a rinneadh.

Ceapfar Garda chun imscrúdú a dhéanamh ar an eachtra agus tabharfar uimhir cháis duit. Má tharla an bhuirgléireacht ag maoin, ag do theach nó ag do ghnó mar shampla, tabharfaidh na Gardaí cuairt ar an láthair chun tuilleadh sonraí a fháil.

Má tharla an ghoid in áit phoiblí, iarrtar ort glaoch isteach sa stáisiún Garda is gaire chun ráiteas a thabhairt.

Cuirfear an teagmhas faoi bhráid d'oifig VSO áitiúil chomh maith. Déanfaidh siad teagmháil leis an íospartach de réir mar is cuí, agus cuirfidh siad comhairle agus cúnamh ar fáil i rith an phróisis imscrúdaithe.

Tá. Is féidir leat goid mhaoine faoi bhun €500 a chur in iúl ar líne freisin ag baint úsáide as ár saoráid ar líne anseo .

Gach doras agus fuinneog a dhaingniú; las na soilse i do theach; úsáid lasca amadóra nuair nach mbíonn tú sa teach; coinnigh d’eochracha sábháilte agus i bhfad ó fhuinneoga; coinnigh taifead de na nithe luachmhara uile; ná coinnigh méideanna móra airgid sa bhaile; bain úsáid as do aláraim fiú nuair a bhíonn tú sa bhaile.

Má chailltear nó má ghoidtear d’Fhón Póca, cuir in iúl don Gharda Síochána láithreach é agus déan teagmháil le do Sholáthraí Seirbhíse d'fhonn d’uimhir IMEI a bhacadh, ionas nach féidir le haon duine é a úsáid. Is éard atá san uimhir IMEI ná uimhir fón póca 15 dhigit atá suite ar chúl do ghutháin faoi bhun an cheallra, nó is féidir leat é a aimsiú trí * # 06 # a dhiailiú ar d’eochaircheap.

Má tá Fón Cliste agat, smaoineamh ar Aip aimsitheora suímh a íoslódáil  I measc na mbeart coisctheach eile is féidir leat a ghlacadh, féadfaidh tú an gné Shlándála PIN á gcumasú; agus mar sin d’fhón a choinneáil faoi ​​ghlas i gcónaí; agus maoin-mharcáil é le litreacha nó uimhreacha pearsanta uathúla.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le d’fhón a choinneáil slán cliceáil anseo . Le haghaidh faisnéise maidir le do tháibléad agus do ríomhaire glúine a choinneáil slán, cliceáil anseo .

Tá mé scothaosta, i mo chónaí i m’aonar agus tá eagla orm faoi bhuirgléireacht. Conas is féidir liom a bhrath níos sábháilte?

Smaoinigh dul isteach i scéim Pobail ar Aire nó Scéim Faire Comharsanachta má tá ceann ann i do cheantar. Féadfaidh na scéimeanna seo cuidiú leat maoiniú a fháil do chórais slándála éagsúla atá ar fáil do dhaoine scothaosta cáilitheacha. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis na scéimeanna seo.

I dtéarmaí do bhaile a dhaingniú, ar dtús, feistigh poll amhairc agus slabhra/teorantóir dorais. Tabharfaidh sé seo deis duit cuairteoirí a sheiceáil go sábháilte agus smacht a choinneáil ar shlándáil. Ar an dara dul síos, ba chóir doirse agus fuinneoga tosaigh agus cúil a choinneáil faoi ghlas i rith an lae agus i rith na hoíche. Ar an tríú dul síos, coinnigh liosta de na huimhreacha éigeandála ar féidir leat teacht orthu go tapa, más gá, m.sh. teaghlaigh, comharsana, Gardaí, seirbhís liachta nó seirbhís dóiteáin.

Má tá fón póca agat, déan cinnte go bhfuil uimhreacha teagmhála éigeandála agat a taifeadtar faoin gcóras ICE (I gCás Éigeandála). Ar an gcúigiú dul síos, coinnigh Pacáiste Faisnéise Pearsanta i do chuisneoir (Aoisghníomhaíocht Éireann, teil: 01-4756989, le haghaidh tuilleadh faisnéise). Mar fhocal scoir, bíodh uimir do theach le feiceáil go soiléir ionas gur féidir le seirbhísí éigeandála teacht ort go tapa más gá.

Ní thaithníonn aon rud níos mó le gadaithe agus buirgléirí ná airgead tirim. Mar sin tá sé tábhachtach nach gcoinníonn tú suimeanna móra airgid i do theach. Bain úsáid as bainc, cumainn foirgníochta, comhair chreidmheasa, oifigí poist srl. Coinnigh na cártaí creidmheasa / dochair go léir in áit shlán chomh maith le ráitis airgeadais agus taifid.

Ná bíodh náire ort riamh teagmháil a dhéanamh leis na Gardaí. Déan é láithreach. Scríobh síos gach rud is féidir leat cuimhneamh air a tharla le cur síos ar na daoine, ar a n-éadaí, ar shaoithiúlacht nó ar ghnéithe idirdhealaitheacha agus ar aon fheithiclí a úsáideann siad. Coinnigh aon doiciméad ar tugadh duit slán.

Iarr ar do stáisiún Garda áitiúil faoi 'chártaí glaoiteora bréige'. I gcás daoine a bhraitheann go háirithe leochaileach, moltar ar na cártaí seo nár chóir don doras tosaigh a oscailt riamh do ghlaoiteoirí mangaireachta. Cuir an slabhra nó an teorantóir dorais agus tabhair an cárta don ghlaoiteoir, féach thíos. Ná téigh i mbun comhrá leis an té atá ag glaoch. Mar atá thuasluaite, fágfaidh fíorghlaoiteoirí a gcuid sonraí ar an gcárta. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le hAonad Náisiúnta Coiscthe Coireachta de chuid an Gharda Síochána ar (01) 6663362 nó NCPU@garda.ie

Is minic a fhostaíonn daoine trádálaithe ó dhoras go doras agus daoine / conraitheoirí deisiúcháin. Déanann cuid de na daoine seo obair an-bheag agus gearrann siad suimeanna airgid iomarcacha le haghaidh a gcuid seirbhísí. I roinnt cásanna d'fhéadfadh sé seo a bheith ina iompar coiriúil agus tá bealaí coitianta ann ina ndéantar na coireanna sin.

Tá cionta coiriúla aitheanta agus sainmhínithe ann don chineál seo iompair agus idir damáiste coiriúil, caimiléireacht, agus airgead a éilíonn go bagrach. Déileáiltear le gach ceann faoin reachtaíocht choiriúil atá ann faoi láthair agus is féidir ciontóirí, nuair a ghabhtar iad, a ionchúiseamh go rathúil os comhair na gcúirteanna coiriúla.

Má ghlaonn duine ar do dhoras ag tairiscint seirbhísí trádála gairmiúla, féach ar na nithe seo a leanas:

  • Cuir in iúl don ghlaoiteoir nach bhfostaíonn tú ceardaithe riamh a bhíonn i mbun mangaireachta ag do dhoras. Iarr ar bhróisiúr díolacháin nó ar dhoiciméadú eile ionas go bhféadfaidh tú imscrúdú a dhéanamh air agus é a fhíorú ina dhiaidh sin an bhfuil sé inchreidte nó nach bhfuil. Ba cheart go mbeadh uimhir theileafóin teagmhála agat, seoladh aitheanta agus uimhir chláraithe CBL.
  • Bí cúramach go háirithe nuair nach léiríonn doiciméadú díolacháin ach uimhreacha teagmhála soghluaiste nó seoltaí neamhiomlána. Is féidir le fiosruithe eolaire teileafóin cabhrú le creidiúnacht agus bona fides na cuideachta nó den duine aonair lena mbaineann a aimsiú.
  • Má tá tú sásta go bhfuil an chuideachta nó an duine inchreidte agus má cheapann tú go bhfuil a gcuid fostaíochta riachtanach, iarr ar luachan scríofa mionsonraithe ar na seirbhísí atá á dtairiscint agus ar ainmneacha na ndaoine agus na n-áiteanna inar oibrigh siad go rathúil roimhe seo.
  • Ná brath go hiomlán ar chruinneas na faisnéise a chuirtear ar fáil. Fíoraigh an fhaisnéis tú féin.
  • Lorg meastacháin inchomparáide i gcónaí maidir le haon sheirbhísí a thairgtear ó chuideachtaí creidiúnacha eile atá dea-bhunaithe.
  • Ná fhostaigh duine riamh a iarrann ar íocaíocht in airgead tirim ar sheirbhísí a chuireann sé ar fáil. Fiú amháin nuair a fhostaíonn tú cuideachta creidiúnach úsáid modh íocaíochta inrianaithe i gcónaí.
  • Ná fág strainséirí, fiú oibrithe bona fide, gan maoirseacht i do theach.

 

Is úinéir gnó mé agus ba mhaith liom a fháil amach conas cosaint níos fearr a thabhairt do m’áitreabh. Cá háit ar féidir liom tuilleadh eolais a fháil?

Féach ar ár dTreoir Shábháilteachta Miondíola le tuilleadh eolais a fháil maidir le goid a chosc nó a glac páirt inár scéim éifeachtach Faire Gnó. **links

Tá mé i m’íospartach buirgléireachta/gada. Cad ba cheart dom a dhéanamh anois?

Cuir glaoch ar do stáisiún Garda áitiúil agus tuairiscigh an choir ar an bpointe. Má cheapann tú go bhfuil ionróirí fós i do theach nó i d’áitreabh, déan teagmháil le 999 láithreach.

Is féidir leat goid mhaoine faoi bhun €500 a chur in iúl ar líne freisin ag baint úsáide as ár saoráid ar line anseo.

 

Cad iad na sonraí nach mór dom a thabhairt do na Gardaí nuair a thuairiscím an choir?

Iarrtar ort d'ainm, do sheoladh, do shonraí teagmhála a chur ar fáil chomh maith le tuairisc ar an maoin a tógadh agus tuairisc ar aon damáiste a rinneadh.

 

Cad a tharlaíonn tar éis dom í a thuairisciú?

Ceapfar Garda chun imscrúdú a dhéanamh ar an eachtra agus tabharfar uimhir cháis duit. Má tharla an bhuirgléireacht ag maoin, ag do theach nó ag do ghnó mar shampla, tabharfaidh na Gardaí cuairt ar an láthair chun tuilleadh sonraí a fháil.

Má tharla an ghoid in áit phoiblí, iarrtar ort glaoch isteach sa stáisiún Garda is gaire chun ráiteas a thabhairt.

Cuirfear an teagmhas faoi bhráid d'oifig VSO áitiúil chomh maith. Déanfaidh siad teagmháil leis an íospartach de réir mar is cuí, agus cuirfidh siad comhairle agus cúnamh ar fáil i rith an phróisis imscrúdaithe.

 

Cad iad na rudaí simplí is féidir liom a dhéanamh anois chun mo theach a chosaint ó bhuirgléirí?

Gach doras agus fuinneog a dhaingniú; las na soilse i do theach; úsáid lasca amadóra nuair nach mbíonn tú sa teach; coinnigh d’eochracha sábháilte agus i bhfad ó fhuinneoga; coinnigh taifead de na nithe luachmhara uile; ná coinnigh méideanna móra airgid sa bhaile; bain úsáid as do aláraim fiú nuair a bhíonn tú sa bhaile.

 

Is úinéir gnó mé agus ba mhaith liom a fháil amach conas cosaint níos fearr a thabhairt do m’áitreabh. Cá háit ar féidir liom tuilleadh eolais a fháil?

Féach ar ár dTreoir Shábháilteachta Miondíola le tuilleadh eolais a fháil maidir le goid a chosc nó a glac páirt inár scéim éifeachtach Faire Gnó.

 

Conas is féidir liom mo theach a dhéanamh níos deacra do bhuirgléirí a thapaíonn a ndeis chun briseadh isteach?

Trí réamhchúraimí simplí a ghlacadh, is féidir leat an baol buirgléireachta a laghdú, slándáil do theach agus an ghairdín a mhéadú agus an saol a dhéanamh níos deacra d'aon duine ar mhian leo briseadh isteach.

Is é d’imeall / teorainn do chéad líne chosanta. Áirítear leis seo do bhallaí, sconsaí, geataí agus fálta. Ba chóir go mbeadh ballaí, sconsaí agus geataí sa ghairdín cúil 1.8 méadar (6 troigh) ar a laghad. Is smaoineamh maith é go minic treilís a shocrú ar bharr toisc gur  bacainn bhreise í agus is dócha go mbrisfeadh sé, má dhreapann duine air, rud a chruthóidh torann agus a tharraingeoidh aird. D'fhéadfaí dreapairí oiriúnacha deilgneacha / colgacha a fhás tríd an treilís mar dhíspreagadh breise - féach ar thuilleadh faisnéise maidir le plandáil chosanta sa chéad chuid eile.

A chinntiú go bhfuil na geataí nó na doirse ar na taobhanna láidre, faoi ghlas fraincín nó glas caoch maith ar ardchaighdeán ionas nach bhféadtar iad a bhaint as a n-insí. Seiceáil go rialta le haghaidh damáiste nó laige agus deisigh é mar is gá. Ba chóir go mbeadh airde an gheata / an dorais mar i gcéanna le hairde na mballaí. Is fiú breithniú a dhéanamh ar bhacainn comhdhéanta d’fhál dlúth colgach a théann feadh d’imeall / teorann. Beidh an chuid is mó de na hiontróirí díspreagtha agus ní dhéanfaidís iarracht briseadh isteach tríd an mbealach seo. Tá go leor plandaí oiriúnach don ról sin. Níl an liosta seo a leanas ina liosta uileghabhálach agus ní thugtar é ach mar threoir amháin - ba chóir duit é a phlé le saineolaí gairneoireachta ag d’ionad gairdín nó plandlann.

Tá mo ghuthán póca goidte. Cad is féidir liom a dhéanamh?

Má chailltear nó má ghoidtear d’Fhón Póca, cuir in iúl don Gharda Síochána láithreach é agus déan teagmháil le do Sholáthraí Seirbhíse d'fhonn d’uimhir IMEI a bhacadh, ionas nach féidir le haon duine é a úsáid. Is éard atá san uimhir IMEI ná uimhir fón póca 15 dhigit atá suite ar chúl do ghutháin faoi bhun an cheallra, nó is féidir leat é a aimsiú trí * # 06 # a dhiailiú ar d’eochaircheap.

Má tá Fón Cliste agat, smaoineamh ar Aip aimsitheora suímh a íoslódáil  I measc na mbeart coisctheach eile is féidir leat a ghlacadh, féadfaidh tú an gné Shlándála PIN á gcumasú; agus mar sin d’fhón a choinneáil faoi ​​ghlas i gcónaí; agus maoin-mharcáil é le litreacha nó uimhreacha pearsanta uathúla.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le d’fhón a choinneáil slán cliceáil anseo. . Le haghaidh faisnéise maidir le do tháibléad agus do ríomhaire glúine a choinneáil slán, cliceáil anseo.

 

Tá mé scothaosta, i mo chónaí i m’aonar agus tá eagla orm faoi bhuirgléireacht. Conas is féidir liom a bhrath níos sábháilte?

Smaoinigh dul isteach i scéim Pobail ar Aire nó Scéim Faire Comharsanachta má tá ceann ann i do cheantar. Féadfaidh na scéimeanna seo cuidiú leat maoiniú a fháil do chórais slándála éagsúla atá ar fáil do dhaoine scothaosta cáilitheacha. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis na scéimeanna seo.

I dtéarmaí do bhaile a dhaingniú, ar dtús, feistigh poll amhairc agus slabhra/teorantóir dorais. Tabharfaidh sé seo deis duit cuairteoirí a sheiceáil go sábháilte agus smacht a choinneáil ar shlándáil. Ar an dara dul síos, ba chóir doirse agus fuinneoga tosaigh agus cúil a choinneáil faoi ghlas i rith an lae agus i rith na hoíche. Ar an tríú dul síos, coinnigh liosta de na huimhreacha éigeandála ar féidir leat teacht orthu go tapa, más gá, m.sh. teaghlaigh, comharsana, Gardaí, seirbhís liachta nó seirbhís dóiteáin.

Má tá fón póca agat, déan cinnte go bhfuil uimhreacha teagmhála éigeandála agat a taifeadtar faoin gcóras ICE (I gCás Éigeandála). Ar an gcúigiú dul síos, coinnigh Pacáiste Faisnéise Pearsanta i do chuisneoir (Aoisghníomhaíocht Éireann, teil: 01-4756989, le haghaidh tuilleadh faisnéise). Mar fhocal scoir, bíodh uimir do theach le feiceáil go soiléir ionas gur féidir le seirbhísí éigeandála teacht ort go tapa más gá.

Ní thaithníonn aon rud níos mó le gadaithe agus buirgléirí ná airgead tirim. Mar sin tá sé tábhachtach nach gcoinníonn tú suimeanna móra airgid i do theach. Bain úsáid as bainc, cumainn foirgníochta, comhair chreidmheasa, oifigí poist srl. Coinnigh na cártaí creidmheasa / dochair go léir in áit shlán chomh maith le ráitis airgeadais agus taifid.

 

Tá mo theach folamh i láthair na huaire mar tá sé ar díol. Cad is féidir liom a dhéanamh chun é a chosaint?

Tá go leor daingneán agus feistithe luachmhara i bhfoirgnimh fholmha agus is deis é seo chun feistithe tógála a ghoid, mar shampla pluiméireachta agus cáblaí leictreacha.

Meastar go bhfuil páirt ag dronganna eagraithe agus gadaithe, a thapaíonn a ndeis na rudaí seo a ghoid, sa ghníomhaíocht seo agus tá gach ceantar tíreolaíochta ina sprioc féideartha. Molann an tAonad Náisiúnta Coiscthe Coireachta de chuid an Gharda Síochána na bearta slándála seo a leanas d'úinéirí tí, do ghníomhairí eastáit agus do chuideachtaí ligin:

  • Seiceálacha a dhéanamh go minic ar an maoin ag amanna éagsúla i rith an lae chun aon chomhartha de threaspás nó cur isteach a thabhairt faoi deara.
  • Suiteáil aláram buirgléireachta agus socraigh é.
  • Coinnigh na doirse agus na fuinneoga uile faoi ghlas le bolta glasála.
  • Suiteáil amadóirí ar shoilse inmheánacha agus ar bhrathadóirí gluaiseachta ar shoilse seachtracha ionas go mbeidh cuma ar an teach go bhfuil daoine ina chónaí sa teach, agus is rud é a chuireann faireachas nádúrtha ar an maoin ar fáil.
  • A chinntiú nach mbíonn cuma shraoilleach ar an bhfoirgneamh. Gearr an féar agus na fálta go rialta.
  • Glan an bruscar atá laistigh den fhoirgneamh agus timpeall an imill.
  • Cuir aon ghníomhaíocht amhrasach in iúl do na Gardaí áitiúla.
  • Cuir in iúl do stáisiún áitiúil an Gharda Síochána go bhfuil an t-áitreabh folamh ionas go bhféadtar patról a dhéanamh air.
  • Cuir bearta i bhfeidhm chun foirgnimh fholmha a chosaint ó dhóiteáin, goid agus loitiméireacht.
  • Seachain carnadh poist agus post gan iarraidh trí sheirbhís 'mail minder' a shocrú leis An Post chun na litreacha a choinneáil

 

Cad é glaoiteoir bréige?

Is minic a fhostaíonn daoine trádálaithe ó dhoras go doras agus daoine / conraitheoirí deisiúcháin. Déanann cuid de na daoine seo obair an-bheag agus gearrann siad suimeanna airgid iomarcacha le haghaidh a gcuid seirbhísí. I roinnt cásanna d'fhéadfadh sé seo a bheith ina iompar coiriúil agus tá bealaí coitianta ann ina ndéantar na coireanna sin.

Tá cionta coiriúla aitheanta agus sainmhínithe ann don chineál seo iompair agus idir damáiste coiriúil, caimiléireacht, agus airgead a éilíonn go bagrach. Déileáiltear le gach ceann faoin reachtaíocht choiriúil atá ann faoi láthair agus is féidir ciontóirí, nuair a ghabhtar iad, a ionchúiseamh go rathúil os comhair na gcúirteanna coiriúla.

 

Chuala mé tuairiscí go bhfuil glaoiteoirí bréige sa chomharsanacht. Cad ba cheart dom a dhéanamh má ghlaonn siad ar mo theach?

Má ghlaonn duine ar do dhoras ag tairiscint seirbhísí trádála gairmiúla, féach ar na nithe seo a leanas:

  • Cuir in iúl don ghlaoiteoir nach bhfostaíonn tú ceardaithe riamh a bhíonn i mbun mangaireachta ag do dhoras. Iarr ar bhróisiúr díolacháin nó ar dhoiciméadú eile ionas go bhféadfaidh tú imscrúdú a dhéanamh air agus é a fhíorú ina dhiaidh sin an bhfuil sé inchreidte nó nach bhfuil. Ba cheart go mbeadh uimhir theileafóin teagmhála agat, seoladh aitheanta agus uimhir chláraithe CBL.
  • Bí cúramach go háirithe nuair nach léiríonn doiciméadú díolacháin ach uimhreacha teagmhála soghluaiste nó seoltaí neamhiomlána. Is féidir le fiosruithe eolaire teileafóin cabhrú le creidiúnacht agus bona fides na cuideachta nó den duine aonair lena mbaineann a aimsiú.
  • Má tá tú sásta go bhfuil an chuideachta nó an duine inchreidte agus má cheapann tú go bhfuil a gcuid fostaíochta riachtanach, iarr ar luachan scríofa mionsonraithe ar na seirbhísí atá á dtairiscint agus ar ainmneacha na ndaoine agus na n-áiteanna inar oibrigh siad go rathúil roimhe seo.
  • Ná brath go hiomlán ar chruinneas na faisnéise a chuirtear ar fáil. Fíoraigh an fhaisnéis tú féin.
  • Lorg meastacháin inchomparáide i gcónaí maidir le haon sheirbhísí a thairgtear ó chuideachtaí creidiúnacha eile atá dea-bhunaithe.
  • Ná fhostaigh duine riamh a iarrann ar íocaíocht in airgead tirim ar sheirbhísí a chuireann sé ar fáil. Fiú amháin nuair a fhostaíonn tú cuideachta creidiúnach úsáid modh íocaíochta inrianaithe i gcónaí.
  • Ná fág strainséirí, fiú oibrithe bona fide, gan maoirseacht i do theach.

 

Is dóigh liom go bhfuil mé i m’íospartach de ghlaoiteoir bréige. Cad ba chóir dom a dhéanamh?

Ná bíodh náire ort riamh teagmháil a dhéanamh leis na Gardaí. Déan é láithreach. Scríobh síos gach rud is féidir leat cuimhneamh air a tharla le cur síos ar na daoine, ar a n-éadaí, ar shaoithiúlacht nó ar ghnéithe idirdhealaitheacha agus ar aon fheithiclí a úsáideann siad. Coinnigh aon doiciméad ar tugadh duit slán.

Iarr ar do stáisiún Garda áitiúil faoi 'chártaí glaoiteora bréige'. I gcás daoine a bhraitheann go háirithe leochaileach, moltar ar na cártaí seo nár chóir don doras tosaigh a oscailt riamh do ghlaoiteoirí mangaireachta. Cuir an slabhra nó an teorantóir dorais agus tabhair an cárta don ghlaoiteoir, féach thíos. Ná téigh i mbun comhrá leis an té atá ag glaoch. Mar atá thuasluaite, fágfaidh fíorghlaoiteoirí a gcuid sonraí ar an gcárta. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le hAonad Náisiúnta Coiscthe Coireachta de chuid an Gharda Síochána ar (01) 6663362 nó NCPU@garda.ie

 

 

 

Séanadh:

Tá na sonraí thíos ceart ag tráth foilseacháin, agus soláthraítear iad mar threoir amháin. Faigh comhairle dhlíthiúil ó d'aturnae nuair is gá