Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Fógraí Muirear Seasta

Taffic check point 3

Níl i gceist leis an bhfaisnéis seo ach faisnéis bhreise a sholáthar duit a d'fhéadfadh cabhrú leat le hábhar an Fhógra a thuiscint. 

Ceadaítear 56 lá san iomlán le dlí chun muirear seasta a íoc. Ceadaíonn an tréimhse tosaigh 28 lá ó dháta an Fhógra Mhuirir Sheasta íocaíocht ag méid an mhuirir sheasta. Ceadaítear tréimhse eile 28 lá chun glacadh le híocaíocht ar mhéid an mhuirir sheasta móide 50% de mhéid an mhuirir sheasta. Tar éis 56 lá, ní féidir glacadh leis an íocaíocht in imthosca ar bith. 

Tá an Garda Síochána faoi rialú reachtaíochta maidir leis na tréimhsí ama chun tiománaithe a ainmniú agus chun glacadh le híocaíochtaí. Níl aon rogha maidir leis na tréimhsí ama sin a fhadú. 

Tabhair faoi deara le do thoil nach doiciméad dlíthiúil iad na leathanaigh ghréasáin seo agus go bhfuil siad ann mar threoir amháin. Ceapadh an fhaisnéis atá sna leathanaigh seo chun cuidiú le hábhair a eascraíonn le linn Fógraí Muirear Seasta a phróiseáil a réiteach agus níor chóir iad a léamh mar léirmhíniú ar an dlí. 

Cion Líomhnaithe 

Míníonn an chuid seo den fhógra an cineál nó an sórt ciona arna eisíodh an Fógra Muirear Seasta. Tá dáta, am, agus suíomh an chiona líomhnaithe ann, chomh maith le huimhir chláraithe na feithicle lena mbaineann. Má bhaineann an fógra le cion sáraithe luais líomhnaithe, cuimsíonn an chuid seo freisin an luas a taifeadadh agus an luasteorainn. Tosaíonn na tréimhsí ama ceadaithe ó dháta an Fhógra Muirear Seasta agus ní ó dháta an chiona. 

Íocaíochtaí 

Caithfidh an Fógra Muirear Seasta iomlán a chur isteach le haon íocaíocht. Is ceanglas dlíthiúil é go gcomhlánófar an Mhír Dhearbhuithe ar Fhógra Muirear Seasta do chion pointe pionóis (féach an fonóta ar chúl an fhógra) ina hiomláine gcrích agus go síneofar í chun go próiseálfar an íocaíocht. 

Ag íoc ag Oifig Phoist 

Is féidir leat íoc le Seic, Ordú Poist, Dréacht Bainc, Cárta Airgid nó Dochair in aon Oifig Phoist. Ní ghlactar le cártaí dochair arna n-eisiúint ag bainc lasmuigh d'Éirinn. Nuair a íocann tú tríd an bpost Moltar duit go bhfuil do cheadúnas tiomána agat nuair a íocann tú. Nuair a íocann tú ag Oifig Phoist, ba chóir do Sheiceanna, Orduithe Poist, agus Dréachta Bainc, a bheith iníoctha le "An Post”.

Ag íoc tríd an bpost 

Ní mór íocaíochtaí poist a sheoladh chuig An Garda Síochána, P.O. Bosca 55, Cill Rois, Co. an Chláir. Tá clúdach réamhsheolta  faoi iamh leis an bhFógra Muirear Seasta. Is féidir íocaíocht a dhéanamh le Seic, Ordú Poist, Dréacht Bainc, Airgead Tirim, Cárta Creidmheasa nó Cárta Dochair. Ní ghlactar le cártaí dochair arna n-eisiúint ag bainc lasmuigh d'Éirinn. Nuair a íocann tú tríd an bpost ba chóir Seiceálacha, Orduithe Poist, agus Dréachtaí Bainc a bheith iníoctha leis an mBall i bhFeighil. Íoc an postas ina iomláine chun a chinntiú go seachadfar an íocaíocht. 

Ná seoltar íocaíochta chuig an Oifig Phróiseála um Mhuirear Seasta 

De réir an dlí, ní féidir íocaíocht a dhéanamh ach amháin tríd an modh a shonraítear san Fhógra Muirear Seasta, .i. in Oifig Phoist nó tríd an bpost chuig an nGarda Síochána, P.O. Bosca 55, Cill Rois, Co. an Chláir. Ní féidir glacadh le híocaíochtaí san Oifig Phróiseála um Mhuirear Seasta. Cuirfear aon íocaíochtaí a sheoltar chuig an Oifig Próiseála um Mhuirear Seasta ar aghaidh chuig an oifig íocaíochtaí i gCill Rois.  

Seic amháin in aghaidh na hÍocaíochta

Ní ghlactar ach seic amháin do mhéid iomlán na híocaíochta. Má dhéantar íocaíocht i bhfoirm dhá sheic do mhéideanna ar leithligh, déanfar í a dhiúltú. Déantar seo le cásanna a sheachaint nuair a dhéanann an banc ceann de na seiceanna ar tugadh a obadh agus glacann sé leis an gceann eile, rud a fhágann go n-íocfar páirt den mhuirear seasta, rud nach bhfuil ceadaithe faoin reachtaíocht. 

Coigeartú ar Íocaíocht Cárta Creidmheasa / Dochair

Nuair a íocann tú le Cárta Creidmheasa nó Dochair, i gcás ina bhfuil méid mícheart curtha in iúl agat, déanfar an méid ceart a ghearradh ar do chárta. Tabhair faoi deara le do thoil go mbeidh an íocaíocht le Cárta Creidmheasa nó Cárta Dochair le feiceáil ar do Ráiteas mar Billpay - An Post. Léiríonn sé seo gur phróiseáil An Post an íocaíocht thar ceann an Gharda Síochána. 

Cóip den Cheadúnas Tiomána

Moltar go láidir duit fótachóip a sholáthar de do cheadúnas tiomána chun cuidiú le próiseáil íocaíochta. Chun uimhreacha Ceadúnas Tiomána a chuirtear ar Fhógraí Muirear Seasta a dhearbhú, úsáideann an Garda Síochána sonraí ón Roinn Iompair. Déantar é seo chun moill a sheachaint i gcás nach bhfuil sonraí ceadúnais soiléir nó nuair nach dtagann na sonraí a chuirtear ar an bhFógra Muirear Seasta le sonraí na Roinne Iompair. Chun cuidiú leis an bpróiseas dearbaithe, i gcás Ceadúnais Tiomána Neamh-Éireannach, ní mór fótachóip den cheadúnas a sholáthar d'fhonn an íocaíocht a phróiseáil.

Rannóg dearbhaithe / Uimhir ceadúnais tiomána

Ar cheadúnais pháipéir, is ionann an uimhir tiománaí an uimhir i gcló DUBH ar an gcéad leathanach den cheadúnas ar an taobh clé den ghrianghraf. Ar cheadúnais/ceadanna cárta plaisteacha, is é 4d an uimhir tiománaí a theastóidh.

Ainm

Éilíonn an mhír dhearbhúcháin ar an tiománaí a (h)ainm iomlán a scríobh, de réir a C(h)eadúnais Tiomána, sa spás a chuirtear ar fáil. Mar shampla, más é John Smith an t-ainm ar an bhfógra, agus más é John Patrick Smith an t-ainm atá ar an gceadúnas tiomána, ní mór an t-ainm John Patrick Smith a chur isteach sa Mhír Dearbhaithe. Mura dhéantar é seo i gceart, ní ghlacfar leis an íocaíocht.

Ainmniúcháin

Más rud é nach tusa a bhí ag tiomáint, nó ar shlí eile a bhain úsáid as an bhfeithicil ar dháta an chiona, ní mór don úinéir cláraithe agus ní an tiománaí, an mhír “Ráiteas Ainmniúcháin Ainm agus Seoladh Thiománaí na Feithicle” ar an bhFógra Muirear Seasta a chomhlánú, agus ní mór an fógra iomlán a sheoladh ar ais chuig an Oifig Próiseála um Mhuirear Seasta. Faoin reachtaíocht atá ann faoi láthair, ní mór fógra ina bhfuil an Ráiteas Ainmniúchán Ainm agus Seoladh Thiománaí na Feithicle a chomhlánú agus a sheoladh chuig an Oifig Próiseála um Mhuirear Seasta laistigh de 28 lá ó dháta an fhógra.

Ní féidir na hainmniúcháin a chuirfear isteach  i ndiaidh 28 lá a phróiseáil agus tá an t-úinéir cláraithe freagrach as an FMS. I gcás cionta Pointe Pionóis, más cuideachta é úinéir cláraithe na feithicle, nó duine atá ag trádáil mar chuideachta, is é an t-aon cheanglas atá ar an úinéir cláraithe ná an duine a bhí ag tiomáint na feithicle tráth an chiona a ainmniú.

Má tá cion Pointe Neamh-Phionóis i gceist, féadfaidh an t-úinéir cláraithe an muirear seasta a íoc mar atá leagtha amach san fhógra, gan tiománaí a ainmniú.

Má tá tú ag ainmniú duine faoi bhun 18 mbliana d'aois, ní mór an dáta breithe a scríobh isteach ar an mír ainmniúcháin, agus cóip den teastas breithe a chur isteach leis an ainmniúchán.

Ní gá íocaíocht a dhéanamh agus ainmniúchán á dhéanamh, mar go n-eiseofar Fógra Muirear Seasta nua don tiománaí. Tosóidh an tréimhse íocaíochta 56 lá arís ó dháta eisiúna an fhógra nua.

Ní mór don úinéir cláraithe ainm agus seoladh iomlán an duine a d’úsáid an fheithicil tráth an chiona a sholáthar. Ní mór a bheith cúramach an tiománaí ceart a ainmniú mar is cion tromchúiseach é duine a ainmniú go bréagach agus d'fhéadfadh go mbeadh ionchúiseamh ann. 

Ciontuithe Cúirte

Má tá tú ciontach i gcion muirir sheasta, íoctar an fhíneáil leis an tSeirbhís Chúirteanna, ní an Oifig Próiseála um Mhuirear Seasta. Má thagann tú os comhair cúirte ar chion tráchta bóthair, ní mór duit do cheadúnas tiomána a thabhairt chuig an gcúirt, agus é a chur faoi bhráid chléireach na cúirte chun an uimhir tiománaí a thaifeadadh.

Fiosrúcháin maidir le Cion Muirear Seasta

Má bhraitheann tú go raibh earráid ann maidir le haon sonraí ar an bhFógra Muirear Seasta, sa chás sin ba cheart duit dul i dteagmháil leis an Oifig Próiseála um Mhuirear Seasta trí ghuthán ag 0818 50 60 80 laistigh d'Éirinn nó +353 504 59800 ó lasmuigh den dlínse nó trí ríomhphost ag npo@garda.ie áit a gcuirfidh ball foirne comhairle ort maidir le d'fhiosrúchán. Tabhair faoi deara: Le linn phróiseáil an fhiosrúcháin sin, nach gcuirfear na tréimhsí ama chun críocha íocaíochta agus ainmniúcháin mar atá leagtha amach sa Fógra Muirear Seasta ar ceal. Ciallaíonn sé seo go leanann an t-am le linn thréimhse an fhiosrúcháin. Ní mór don duine a ainmnítear san Fhógra Muirear Seasta gníomhú ar aon fhadhbanna nó deacrachtaí a thagann chun cinn ón bhfiosrúchán agus teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Próiseála um Mhuirear Seasta chomh luath agus is praiticiúil.

Fógraí Caillte

Má chailleann tú d’Fhógra Muirear Seasta nó má rinne tú dochair dó, téigh i dteagmháil leis an Oifig Próiseála um Mhuirear Seasta ag 0818 506 080, nó cuir r-phost chuig npo@garda.ie, agus cuirfear cóip den fhógra chugat tríd an bpost. Tabhair faoi deara arís go leanann an t-am sin fiú nuair a chuirtear iarratas ar athchló isteach.

Iarratais Ar Ghrianghraf

Níl sé seo ar fáil ach amháin i gcás brath luascheamara (.i. Fógra Muirear Seasta nuair a thosaíonn an uimhir thagartha le S00 ...). Aithnítear an cineál  fógra seo trí ghrianghraf de phláta clárúcháin na feithicle ar dheis agus ag barr an FMS, díreach faoi bhun uimhir thagartha an fhógra. Más mian leat cóip mhéadaithe den ghrianghraf a fháil, ní mór an t-iarratas a dhéanamh i scríbhinn, trí facs go 353 504 59844, tríd an bpost chuig an Oifig Próiseála um Mhuirear Seasta, Durlas, Co. Thiobraid Árann nó trí ríomhphost chuig npo@garda .ie. Déanfar an grianghraf a eisiúint ansin tríd an bpost. Ní féidir iarratais den sórt sin a phróiseáil ach amháin don úinéir cláraithe nó don tiománaí ainmnithe. Is é príomhchuspóir an ghrianghraif an fheithicil ata i gceist a aithint, agus ní an tiománaí. Is é ceanglas dlíthiúil  agus freagracht úinéir cláraithe na feithicle an tiománaí a aithint. Ní mór a bheith cúramach chun an tiománaí ceart a ainmniú i ngach cás.

An clár athstiúrtha ógánach

Má fhaigheann duine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois ar dháta an chiona Fógra Muirear Seasta, tá sé / sí i dteideal a bheith measta don Chlár Athstiúrtha Ógánach (JDP). Ba cheart d’fhaighteoir an fótachóip den fhógra, chomh maith le fótachóip dá t(h)eastas breithe, agus litir iarratais don JDP a sheoladh chuig an Oifig Próiseála um Mhuirear Seasta, Durlas, Co. Thiobraid Árann. Ba cheart é seo a dhéanamh láithreach, ionas gur féidir rannpháirtíocht sa JDP a mheas. Ní dhéanfar aon iarratas a gheofar gan chóip de Theastas Breithe a phróiseáil agus déanfar é a dhiúltú. Is é Teastas Breithe an t-aon chineál aitheantais aoise atá inghlactha.