Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cibearchoireacht

Cé nach liosta iomlán é seo tá roinnt céimeanna bunúsacha is féidir a ghlacadh chun cuideachta a chosaint ó ionsaithe ar líne agus calaoisí a d’fhéadfadh tarlú. Cinntigh go bhfuil do chóras cosanta i gceart ag bogearraí frithvíreas agus frith-bhogearra mailíseach agus go bhfuil siad cothrom le dáta. Pléigh riachtanais le riarthóir córais nó le cuideachta slándála seachtrach.

Cinntigh go bhfuil próisis láidre i bhfeidhm d'údaruithe íocaíochta, go háirithe iad siúd a bhaineann le haon athrú ar shonraí cuntas bainc íocaí. D'fhéadfadh údarú dáchéimeach a bheith ar áireamh anseo sa chás go gcaithfidh an dara ball foirne séala a chur le haon athrú nó an t-iarratas a dhaingniú. Nó d'fhéadfadh sé a cheangal ar an duine a bhfuil an íocaíocht á próiseáil aige seiceáil leis an POF nó le feidhmeannach sinsearach eile go bhfuil an íocaíocht agus an t-athrú údaraithe.

Má tá suimeanna móra airgid á n-aistriú go rialta ó chuntais na cuideachta, féadfaidh bainisteoir cuntas le do Bhanc ról réamhghníomhach a ghlacadh nuair a iarrtar athruithe ar shonraí cuntasóirí.  

Is bealach é an tIdirlíon chun nótaí tráchta agus ábhar maslach agus clúmhillteach faoi dhaoine eile a phostáil gan smaoineamh beag ná mór ar an tionchar pearsanta atá ag an ábhar sin ar an íospartach. Faigheann an anaithnideacht arna soláthar trí líonrú sóisialta agus fóraim chomhroinnte comhad ar líne réidh de na srianta sóisialta a bhaineann le rud a rá nó a fhoilsiú gan gá le himní roimh dhrochiarmhairtí.

Is beag sriain atá i ndlí na hÉireann maidir le nótaí tráchta a phostáil ar na meáin shóisialta murar rud é gurb ionann na nótaí tráchta sin agus ciapadh. I bhformhór cásanna, tá ráitis a bhíonn ionsaitheach nó mailíseach clúmhillteach ach ní coireanna iad. I gcásanna den sórt sin, ba chóir don ghearánaí dul i gcomhairle le aturnae faoi aon chaingean sibhialta a d'fhéadfadh a bheith ar fáil dóibh.

Soláthraíonn an chuid is mó de na seirbhísí meáin shóisialta modh chun gearáin a thaisceadh faoi ábhar a postaíodh ar a gcuid fóram. Is féidir é sin a dhéanamh trí ríomhphost maidir le mí-úsáid nó gearán a úsáid. Bíonn meicníochtaí tuairiscithe ag dreamanna eile inar féidir an phostáil a thuairisciú ina haonar.

Le haghaidh postálacha chuig Facebook, déan teagmháil leis an bhfóram cabhrach ina bhfuil liosta iomlán maidir le conas teachtaireachtaí, bagairtí nó ábhar ionsaitheach a thuairisciú. Is féidir an leathanach a fháil ag https://www.facebook.com/help/181495968648557?helpref=faq_content

Tá áis den chineál céanna ag Google agus YouTube a mhínítear agus atá ar fáil ag www.google.com/support/go/legal - chun iarratais maidir le hábhar ar gach ardán de chuid Google a bhaint anuas.

Ba chóir gach iarratas eile maidir le hábhar agus eolas bréagach a bhaint anuas ó líonraí na meáin shóisialta a chur faoi bhráid an líonra trí úsáid a bhaint as a gcuid próiseas tuairiscithe nó gearán ar líne. Ní treoir chríochnúil í seo agus níor chóir í a úsáid ach amháin mar chúnamh nuair a fhaightear gearáin maidir le hábhar ionsaitheach nó bréagach ar ardáin líonraithe shóisialta.

Má chreideann tú gur bualadh bob ort le camscéim nó calaois ar líne ba chóir duit é a thuairisciú chuig do Stáisiún Gardaí áitiúil, agus úsáid a bhaint as an tseirbhís tuairiscithe ar líne den láithreán gréasáin nó den fhóram ar a bualadh bob ort. Agus tú ag tuairisciú chuig do Stáisiún Gardaí áitiúil, tabhair leat cóipeanna de gach ríomhphost, sonraí cuntais, cóipeanna den fhógra ar líne agus aon fhaisnéis ábhartha eile a d'fhéadfadh a bheith agat.

Buailtear bob le camscéim ar líne ar an gcuid is mó d'úsáideoirí an Idirlín nó tá taithí acu ar chamscéim ina ndéanann ionsaitheoirí iarracht faisnéis phearsanta a fháil, mar shampla próifílí logála isteach nó sonraí baincéireachta. Ina theannta sin, seans go bhfuair úsáideoirí ríomhphoist a thairgeann deis lab airgid rúnda a roinnt nó airgead ó chrannchur nó aisíoc cánach a éileamh. Seo a leanas roinnt de na camscéimeanna a chuirtear timpeall ar an Idirlíon agus nach mór d’úsáideoirí ar líne a bheith ar an eolas fúthu.

Ba chóir gearáin maidir le coireacht ar líne nó iad siúd a bhaineann le ríomhairí a dhéanamh ar dtús chuig do Stáisiún Gardaí áitiúil.

Is dócha gur ionsaí bogearra éirice atá i gceist. Mar thoradh ar ríomhphost atá ionfhabhtaithe nó láithreán gréasáin ionfhabhtaithe a oscailt, déantar víreas nó bogearra mailíseach a íoslódáil chuig do ríomhaire a dhéanann criptiú ar an ábhar nó a chuireann an ríomhaire faoi ghlas agus bíonn cosc ort é a oscailt. Ansin taispeánann an ríomhaire teachtaireacht a éilíonn íocaíocht Bitcoin, airgeadra ar líne, chun cód scaoilte a fháil chun rochtain a fháil ar an ríomhaire arís. Bí cúramach faoi na suíomhanna a gceanglaíonn tú leo agus mura n-aithníonn tú seoltóir ríomhphoist, ná hoscail an ceangaltán. Bí cinnte go bhfuil cosaint frithvíreas agus frith-bhogearra mailíseach cothrom le dáta suiteáilte agus i bhfeidhm ar do ríomhaire. 

Is camscéim crannchuir í seo. Murar cheannaigh tú ticéad, níor bhuaigh tú aon rud agus ná creid an ríomhphost. Déarfaidh an ríomhphost leat nach bhfuil gá duit a dhéanamh ach táille próiseálaí a sheoladh chuig cuntas nó trí Western Union chun do dhuais a fháil. Déan neamhaird de.  

Is ea. Tugtar 'litir 419' ar seo. Faightear ríomhphost i mBéarla briste nó i ndrochbhéarla agus deirtear gurb í an té a sheol an ríomhphost bean chéile nó ionadaí uasail ón gcoigríoch nach maireann cosúil le Uachtarán tíre nó cuideachta. D'fhág sé na milliúin euro nó Dollar i gcuntas bainc agus tá an t-airgead calctha anois. Iarrann seoltóir an ríomhphoist cabhair chun na cistí a scaoileadh agus deir siad gur aithníodh tusa mar dhuine cabhrach agus onórach. Tairgtear bónas duit as cabhrú agus seoltar dréacht chugat agus iarrtar ort táille próiseálaithe a thaisceadh agus a sheoladh ar ais trí úsáid a bhaint as Western Union nó seirbhís aistrithe airgid éigin eile. Ach is dréacht brionnaithe nó bréagach a bhíonn ann agus cailltear an táille.

Clónáiltear fógraí d'earraí atá ar díol nó suíomhanna ceantála go minic tar éis an díolacháin bhunaidh a bheith críochnaithe. Déantar leagan bréige de na hearraí, grianghraif agus sonraí an díoltóra agus tugtar deis d’úsáideoirí eile an láithreáin na hearraí a cheannach. Nuair a dhéanann duine iarracht na hearraí a cheannach ón 'díoltóir' iarrtar orthu an díolachán a chur i gcrích ag baint úsáide as seirbhís aistrithe airgid seachas seirbhís íocaíochta slán mar PayPal. Bain úsáid as seirbhís íocaíochta slán i gcónaí ina ndéantar aisíocaíochtaí a ráthú i gcás calaoise agus ná ceannaigh ach ó dhíoltóirí a bhfuil cáil mhaith acu. Mura bhfuil tú cinnte, ná ceannaigh iad.

Cuir glaoch ar do chara le deimhniú go bhfuil sí i dtrioblóid nó seiceáil le cairde eile. Seans gur ríomhphost 'Cabhraigh Liom' é seo ina bhfaigheann íospartach teachtaireacht phráinneach ó dhuine gaoil nó ó chara a rá gur mugáladh í ar laethanta saoire agus go bhfuil cabhair ag teastáil go práinneach uaithi. Goidtear a cuid airgid agus cártaí go léir, chomh maith lena pas agus fón póca, agus teastaíonn cúnamh airgeadais práinneach uaithi go dtí go dtiocfaidh sí abhaile. Iarrtar ort airgead a sheoladh trí úsáid a bhaint as seirbhís aistrithe airgid agus íocfaidh siad an t-airgead sin ar ais leat. siad aisíoc ort. Aontaíonn tú agus téann an calaoiseoir chuig oifig na seirbhíse ag ligeann uirthi féin gur cara de do chuid í ag baint úsáide as ID bréagach a ceannaíodh ar an idirlíon agus tógann sí amach an t-airgead.

Ní tharlaíonn. Tugtar 'díolacháin dara seans’ ar seo. Tarlaíonn sé nuair atá tú ag tairiscint ar tháirge ar láithreán ceant nó díolacháin ar líne ach nach n-éiríonn leat. Ach ansin faigheann tú ríomhphost ón duine a deir gurb iadsan an díoltóir iad agus go bhfuil mír eile den chineál céanna acu agus go ndíolfaidh siad leat go príobháideach é. Comhlánaíonn tú an próiseas agus aistríonn tú airgead chuig cuntas nó trí PayPal a úsáid. Ach is díoltóir bréagach é agus níl ann ach gur thug sé faoi deara go raibh tú ag déanamh tairisceana ar na hearraí. Ní cheannaigh ach ó fhógraí dlisteanacha agus ní freagair cumarsáid lasmuigh den láithreán nó nár iarr tusa i dtosach.  

D'fhéadfadh sé gur ceannaitheoir bréagach atá ann. Fógraíonn tú táirge ar líne ar shuíomh ceantála nó ar an gcéanna agus faigheann tú tairiscint ó úsáideoir eile ar an suíomh. Tá an-suim acu sna hearraí. Is acu atá an tairiscint buaiteach agus le linn na n-idirbheartaíochta trí ríomhphost, faigheann tú teachtaireacht ó 'PayPal' nó seirbhís den chineál céanna ag rá go ndearna an ceannaitheoir an íocaíocht. Iarrtar ort a dhearbhú go bhfuil an táirge seolta agat ach ansin tuigeann tú go bhfuil an ríomhphost brionnaithe. Ní dheimhníonn PayPal íocaíocht trí ríomhphost riamh.  

Níor chóir. Seans gur ríomhphost fioscaireachta atá anseo. Sa chamscéim seo faigheann tú glaoch ó dhuine ag rá gur ó Microsoft é nó gur ionadaí de chuid Microsoft é agus go bhfuil sé ag glaoch maidir le fadhbanna le do ríomhaire. Iarrann siad ort dul ar líne agus ceangal le nasc ar shuíomh a sholáthraíonn siad duit. Nuair a dhéanann tú sin faigheann siad smacht ar do ríomhaire agus glanann siad na ‘fadhbanna’. Níl siad ach ag scriosadh logaí de na saincheisteanna laethúla atá le fáil ar fhormhór ríomhairí nó gnáththaifid. Ansin iarrann siad íocaíocht cé nach ndearna siad faic agus d'fhéadfaidís leanúint ar aghaidh le híocaíochtaí eile a ghlacadh ó do chárta nó do chuntas i ngan fhios duit. Ina theannta sin, tá rochtain acu ar do ríomhaire agus ar na hábhair atá air. Ná freagra agus ní tabhair aon aird ar ghlaonna den sort sin.

D'fhéadfadh sé gur sárú slándála cárta atá i gceist anseo. Iarrann siad ort do shonraí cárta nó do bhainc a dhearbhú agus ansin ligeann siad orthu go bhfuil siad ag crochadh suas an fóin. Diailíonn tú uimhir do bhainc ach tá an calaoiseoir fós ar an líne agus ligeann sé air féin gur eisean do bhanc. Iarrann siad ort do shonraí cuntais agus an cód PIN do do chárta a dhaingniú. Má dhéanann tú é sin tá do chuid sonraí go léir acu anois agus is féidir leo do chárta a úsáid ar líne. Déan neamhaird den ghlao agus tuairiscigh chuig do stáisiún Gardaí áitiúil é.

Is camscéim ríomhphoist atreoraithe/calaoise POF ar líne atá anseo. Faigheann oifigeach airgeadais cuideachta r-phost a bhfuil an chosúlacht air gur ón bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin é ag rá go bhfuil beart le soláthraí á chur i gcrích aige agus go gcaithfear íocaíocht a phróiseáil láithreach. Tá an beart féin rúnda agus níl sé in ann é a phlé ach nochtfaidh sé gach rud nuair a chríochnaíonn a chruinniú. Níl sé ar fáil ach is mian leis dearbhú láithreach a fháil go bhfuil an íocaíocht déanta. Tá cuntas bainc nua ag an soláthraí áfach inar chóir an íocaíocht a dhéanamh. Soláthraíonn sé sonraí cuntais an chuntais nua. Tugann tuin an ríomhphoist nó seasamh an duine as chuideachta le fios nár cheart don oifigeach airgeadais an íocaíocht a phlé agus próiseáiltear an íocaíocht. Ach is ríomhphost bréagach atá ann agus níl aon bhaint ag an gcuntas leis an soláthraí. Faoin am a thugtar faoi deara é bíonn an t-airgead aistrithe as an gcuntas. Seiceáil seoltaí ríomhphoist i gcónaí d’fhonn difríochtaí caolchúiseacha a aithint mar Michael@domaine.com seachas Micheal@domaine.com agus bíodh próiseas fíordheimhnithe i bhfeidhm le haghaidh athruithe ar phróisis íocaíochta. Má tá amhras ort glaoigh ar an bhFeidhmeannach nó fan. 

Léiríonn méadú suntasach ar do bhille teileafóin go bhféadfadh sé go ndearnadh calaois ar a dtugtar Malartán Brainseach Príobháideach Uathoibríoch (PABX) ort. Cabhróidh billeáil mhionsonraithe le haon glaonna a d’fhéadfadh a bheith neamhúdaraithe a aithint, glaonna idirnáisiúnta de ghnáth ach d’fhéadfadh sé gur glaonna teileafóin Náisiúnta iad chomh maith. Táscaire eile is ea nuair a bhíonn na línte teileafóin gnóthach gach uair a bhíonn custaiméirí ag iarraidh glaoch isteach ar uimhir ghutháin nó fostaithe ag iarraidh glaoch amach.

Is córas ríomhairithe é PABX a dhéanann bainistíocht ar líonra folínte teileafóin inmheánach.

Is córas an-solúbtha é mar is féidir leis sheirbhísí teileafóin a sholáthar trí dhiailiú isteach sa chóras ó thaobh amuigh den líonra PABX. Tugtar DISA (Dír-rochtain Isteach ar Chóras) ar an tseirbhís seo agus má chuirtear i bhfeidhm é cuireann sé ar chumas fostaithe glaonna náisiúnta agus idirnáisiúnta a sheoladh tríd an PABX le costas na nglaonna sin á bhilleáil chuig úinéir an PABX. Teastaíonn PIN chun rochtain a fháil ar an tseirbhís seo. D’fhéadfaí mí-úsáid a bhaint as áfach agus is é an toradh ar sin ná go bhféadfadh glaonna neamhúdaraithe na mílte Euro a chosaint. glaonna neamhúdaraithe a bheith ag costáil na mílte Euro. Tá cóid rochtana innealtóireachta agus cothabhála ag formhór na PABXanna. Má chuirtear an cód rochtana seo i mbaol beidh rialú iomlán ag an ionsaitheoir ar an gcóras.

Má tá glórphost ag do PABX agus é DISA-chumasaithe tá sé i mbaol ón gcineál seo calaoise. Chun do PABX a chosaint ón gcineál seo calaoise, mura bhfuil gá le DISA cinntigh go bhfuil sé díchumasaithe. Má tá gá le DISA, déan teagmháil le do sholáthraí PABX nó le do chuideachta cothabhála a bheidh in ann cabhrú leat DISA a chumrú i gceart.  

Iniúchadh ar Chalaois Dolaí – soláthraíonn an soláthraí PABX nó an chuideachta chothabhála an tseirbhís seo.
Cumasaigh logáil uathoibríoch ar ghlaonna má tá sé ar fáil. D'fhéadfadh sé seo cabhrú leis an uimhir folíne atá á úsáid chun an PABX a chur i mbaol a aithint agus d’fhéadfadh sé foinse an ghlao sheachtraigh a aithint freisin.
Seiceáil na taifid logála go rialta le haghaidh glaonna arís agus arís eile chuig an uimhir chéanna. D’fhéadfadh sé sin a léiriú go ndearnadh iarracht do chóras a ionsaí.
Gníomhachtaigh PINanna le haghaidh glórphost, DISA agus rochtain innealtóireachta (más tá sí cumasaithe) agus athraigh iad go rialta.
Más féidir, níor chóir cianrochtain innealtóireachta a cheadú ar bhonn 'glao ar ais'. Cuirfidh sé sin cosc ar rochtain neamhúdaraithe chuig an gcuntas pribhléideach seo.
Is cion coiriúil é Calaois PABX agus sa bhreis ar an eachtra a thuairisciú don Gharda Síochána, molaimid go ndéanfá teagmháil le do sholáthraí teileachumarsáide agus do sholáthraí PABX a chabhróidh leat.

Cé nach liosta iomlán é seo tá roinnt céimeanna bunúsacha is féidir a ghlacadh chun cuideachta a chosaint ó ionsaithe ar líne agus calaoisí a d’fhéadfadh tarlú. Cinntigh go bhfuil do chóras cosanta i gceart ag bogearraí frithvíreas agus frith-bhogearra mailíseach agus go bhfuil siad cothrom le dáta. Pléigh riachtanais le riarthóir córais nó le cuideachta slándála seachtrach.

Cinntigh go bhfuil próisis láidre i bhfeidhm d'údaruithe íocaíochta, go háirithe iad siúd a bhaineann le haon athrú ar shonraí cuntas bainc íocaí. D'fhéadfadh údarú dáchéimeach a bheith ar áireamh anseo sa chás go gcaithfidh an dara ball foirne séala a chur le haon athrú nó an t-iarratas a dhaingniú. Nó d'fhéadfadh sé a cheangal ar an duine a bhfuil an íocaíocht á próiseáil aige seiceáil leis an POF nó le feidhmeannach sinsearach eile go bhfuil an íocaíocht agus an t-athrú údaraithe.

Má tá suimeanna móra airgid á n-aistriú go rialta ó chuntais na cuideachta, féadfaidh bainisteoir cuntas le do Bhanc ról réamhghníomhach a ghlacadh nuair a iarrtar athruithe ar shonraí cuntasóirí.  

Ba chóir gach gearáin maidir le calaoisí Comhghéillte Ríomhphoist POF nó Gnó a thuairisciú chuig do Stáisiún Gardaí áitiúil. Ba chóir duit cóipeanna de na ríomhphoist, lena n-áirítear faisnéis cheanntáisc, sonraí na gcuntas calaoiseach nua agus dearbhú nach ndearnadh an t-athrú ar an gcuntas agus na ríomhphoist a údarú agus nach raibh sé dlisteanach.

Is é Biúró Cibearchoireachta an Gharda Síochána (GCCB) an t-aonad náisiúnta Gardaí atá freagrach as scrúdú fóiréinseach a dhéanamh ar na meáin ríomhaireachta a gabhtar i rith aon imscrúdú coiriúil. Déanann an t-aonad imscrúduithe ar chionta coiriúla de chineál suntasach nó casta chomh maith lena n-áirítear ionradh ar líonra, damáiste coiriúil do shonraí agus láithreáin ghréasáin a bhaineann le ranna Rialtais, institiúidí agus aonáin chorparáideacha; agus coireacht ar líne lena n-áirítear calaoisí, ciapadh nó dúshaothrú leanaí. Tá an t-aonad mar chuid de rannán Oibríochtaí Speisialta an Gharda Síochána i gcoinne Coireachta agus tá pearsanra sibhialta agus comhaltaí an Gharda Síochána as na céimeanna éagsúla suas go dtí an Ceannfort Bleachtaireachta ar an bhfoireann. Tugann baill an aonaid faoi dhian-oiliúint i réimsí mar ríomhaireacht fhóiréinseach agus imscrúduithe cibearchoireachta, agus tugann siad sárfhianaise finnéithe i ngach cineál imscrúdú agus ionchúiseamh sa chúirt.

Seo a leanas príomhfhreagrachtaí an Bhiúró:

• Iniúchadh a dhéanamh nó cúnamh a thabhairt d'aonaid nó do bhaill eile an Gharda Síochána iniúchadh a dhéanamh ar chibearchoireacht nó ar chionta ar líne.

• Aisghabháil fhóiréinseach agus scrúdú ar fhianaise dhigiteach atá stóráilte ar meáin stórála na ríomhairí.

• Comhairle agus cúnamh a thabhairt d'imscrúdaitheoirí a thagann ar líonraí ríomhaireachta, lena n-áirítear an t-idirlíon, le linn a gcuid fiosruithe.

• Oiliúint agus comhairle maidir le coiriúlacht a chosc a sholáthar do ghníomhaireachtaí um fheidhmiú an dlí agus do phearsanra gaolmhara agus do ghníomhaireachtaí rialtais maidir le cibearchoireacht agus cibearshlándáil.

• Idirchaidreamh a dhéanamh le comhpháirtithe um fheidhmiú an dlí idirnáisiúnta, comhpháirtithe acadúla agus tionscail sa réimse cibearfhóiréinsice, cibearchóireachta agus na hoiliúna.

• Eolas poiblí a sholáthar maidir le treochtaí reatha cibearchoireachta agus comhairle maidir le coireacht ar líne a chosc.

Feidhmíonn an biúró freisin mar an idirghabhálaí le haghaidh imscrúduithe idirnáisiúnta cibearchoireachta i gcomhar le comhpháirtithe lena n-áirítear Europol, Interpol, an FBI agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí eile. Déanann baill an Bhiúró ionadaíocht ar leibhéal Eorpach ar roinnt saingrúpaí cibearchóireachta agus reáchtálann siad fóraim oiliúna do chomhpháirtithe áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta i gcomhar le UCD, Europol agus gníomhaireachtaí eile.

 

Séanadh:

Ta na sonraí thíos ceart ag am a fhoilsithe, agus cuirtear ar fáil iad mar threoir amháin. Lorg comhairle dhlí ó do dhlíodóir nuair is gá.