Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Firearms Policy Unit

Bhunaigh Coimisinéir na nGardaí an Rannán seo sa bhliain 2008 chun teacht leis na hathruithe atá ann sna próisis ch eadúnaithe d’arm tine, a tháinig i bhfeidhm sa bhliain 2009. Áirítear i measc na bpríomhról agus na bhfreagrachtaí, na míreanna seo a leanas:

  • Oibríonn an tAonad Polasaí Arm Tine go dlúth leis an Roinn Dlí agus Cirt i dtaobh athruithe sa reachtaíocht agus sna caighdeáin shlándála a bhaineann le háitribh Dhéileálaithe Arm Tine cláraithe.
  • Feidhmíonn an Rannóg mar phointe tagartha lárnach do pháirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha.
  • Nuashonrú a dhéanamh nuair is gá, ar dhoiciméad Treoirlínte an Choimisinéara ar cheadúnais arm tine.
  • Comhairle polasaí agus reachtaíochta a sholáthar do Cheannfoirt  agus d’Ard-Cheannfoirt an Gharda Síochána a bhfuil an tasc acu iarratais a mheas maidir le teastais arm tine a athnuachan.
  • Polasaí a chur i bhfeidhm agus a mhonatóiriú don Eagraíocht ar Thuarascálacha Arm Tine éagsúla, ar nós ‘Athnuachaintí amuigh’ agus ‘Íocaíochtaí diúltaithe’.
  • A chinntiú go bhfuil polasaí an Choimisinéara caighdeánaithe tríd an Eagraíocht ar fad trí threoracha a eisiúint ón gCeanncheathrú.
  • Dul i mbun caidrimh le soláthróirí seachfhoinsithe atá freagrach as táillí a bhailiú agus teastais arm time a phriontáil.