Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Foireann Cheannasaíochta Sinsearach

HQ 1Tá ceanncheathrú An Gharda Síochána, Seirbhís Phóilíneachta na hÉireann, lonnaithe i bPáirc an Fhionnuisce. Tá Páirc an Fhionnuisce ar ceann de na páirceanna cathracha is mó san Eoraip agus í lonnaithe in Iarthar Chathair Bhaile Átha Cliath.

Tá Coimisinéir an Gharda freagrach as stiúradh ginearálta, as bhainistíocht agus as rialú an Gharda Síochána. Cé go bhfuil an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais freagrach don rialtas as fheidhmíocht an Gharda Síochána, is é an Coimisinéir ata freagrach as an eagraíocht a bhainistiú ó lá go lá.

Ceapann an Rialtas an Coimisinéir. Tá sé freagrach don Aire atá freagrach don Dáil (Reachtas na hÉireann). Is é Drew Harris an Gharda Síochána ó Meán Fomhair 2018.

Cúlra

HQ 2Tá traidisiún fadbhunaithe ag An Garda Síochána ag obair go gear le pobail timpeall na hÉireann. Trí comhpháirtíochtaí éifeachtacha pobail a chruthú agus a chothú, agus trí láithreacht Garda níos infheicthe a chinntiú, oibríonn An Garda Síochána chun ísliú coiriúlachta agus ísliú na heagla roimh an gcoiriúlacht i bpobail a bhaint amach. Tá stiúradh agus smacht ginéarálta An Gharda Síochána mar fhreagracht ag Coimisinéir na nGardaí a gceapann an Rialtas é/í.

Tá an Coimisinéir freagrach don Aire Dlí agus Cirt, agus Comhionnanas a bhfuil freagrach mar sin don Rialtas as slándáil agus póilíneacht an Stáit. Faigheann an Coimisinéir cuidiú ó Leas-Choimisinéir agus Príomhoifigeach Riaracháin amháin. Ina theannta sin, tá roinnt Coimisinéirí Cúnta atá i gceannas ar Réigiúin le daoine eile atá freagrach as portfóiliónna criticúla ar nós Cóireacht agus Slándáil, Seírbhísí Tacaíochta Náisiúnta, Forbairt Tráchta agus Eagrúcháin agus Pleanáil Straitéiseach.

Tá roinnt Stiúrthóirí Feidhmiúcháin Shibhialtaigh atá freagrach as Forbairt um Acmhainní Daonna agus Pobail, Airgeadas agus Seirbhísí, agus Teicneolaíocht Fáisnéise agus Cumarsáide. Is eagraíocht phobalbhunaithe í An Garda Síochána le níos mo na 14,500 baill foirne idir Ghardaí agus Sibhialtaigh. Tá Gardaí lonnaithe i ngach uile contae in Éirinn atá ag éisteacht, ag feidhmiú agus ag obair leis an bpobal.

Is iad na príomhfheidhmeann atá ag An Garda Síochána ná:

  • an choiriúlacht a aimsiú agus a chosc;
  • Slándáil na tíre a chinntiú;
  • Méid na ngortuithe marfacha agus dáiríre ar á mbóithre a ísliú agus sábháilteacht bhóthair a fheabhú;
  • Obair a dhéanamh le pobail chun cosc a chur ar iompar frithshóisialta
  • Cur chuige idirghníomhaireachta maidir le réiteach fadhbanna agus caighdean na beatha i gcoitinne a chur chun cinn.

HQ 3 4 Region Map 2019

Réigiúin, Ranna agus Ceantair

Taispeánann an Léarscáil Roinn an Gharda Roinntear an tír i 4 réigiún le haghaidh cúrsaí póilíneachta. Tá Coimisinéir Cúnta i gceannas i ngach réigiún.

Is iad na sé réigiún ná:-

•Ceantar Chathair Átha Cliath

•Réigiún an Deiscirt / an Iarthair

•Réigiún an Oirthir

•Réigiún an Tuaiscirt / an Iarthair

Tá na dualgaisí atá ag na Coimisinéirí Cúnta Réigiúnda, den chuid is mó, oibríochtúil. Tá siad freagrach as:-

Éifeachtacht oibríochtúil a réigiúin féin a chinntiú;

Caighdeán na bainistíochta oibríochtúla cleachtaithe ag na hoifigigh Ranna agus Cheantair

Tá gach réigiúin roinnte i ranna atá i gceannas ag Ard-Cheannfort agus tá gach roinn roinnte i gceantair atá i gceannas ag Ceannfort. Tugtar Oifigeach Ceantair freisin ar Cheannfort atá i gceannas ar cheantar. Tugann roinnt Cigirí cúnamh dó. Roinntear na ceantair i bhfocheantair le gach ceann acu i gceannas ag Sáirsint. Dé ghnáth ní bhíonn ach aon stáisiún amháin i ngach focheantar agus d’fhéadfadh neart Gardaí idir 3 agus 300 a bheith i ngach ceann acu. In áiteanna áirithe tá stáisiúin a dtugtar focheantair orthu atá ceangailte le máthairstáisiúin ó thaobh cúrsaí riaracháin de. De ghnáth bíonn aon chomhalta amháin sna fostáisiún seo. Tá 569 Stáisiún an Gharda Síochána ar fud na tire.

Structúr Céimeanna an Gharda Síochána

Garda Ranks

Structúr Céimeanna an Gharda Síochána in ord íslitheach

•Coimisinéir

•Leas-choimisinéir

•Coimisinéir Cúnta

•Ardcheannfort

•Ceannfort

•Cigire

•Sáirsint

•Garda 

•Cúltaca an Gharda Síochána

Éide Oibríochtúil an Gharda Síochána

 

Bhí an t-éide oibríochtúl atá ag na Gardaí faoi láthair deartha chun freastal ar riachtanais na heagraíochta ag gach leibhéal agus tháinig siad i bhfeidhm sa bhliain 2006. Rinneadh réimse leathan taighde ar dhea-chleachtas agus caighdeáin idirnáisiúnta i dtairgeadh éide agus bunaithe air seo dearadh éide an Gharda Síochána. Cuireann sé crot slachtmar  nua aimseartha os ár gcomhair. Chomh maith le héide oibríochtúil tá éide foirmeálta anois ag na Gardaí. Tá an t-éide foirmiúil caite mar atá dírithe ag Coimisinéir an Gharda Síochána nó ar ócáidí foirmiúla. I measc na n-ócáidí seo tá paráid fhoirmeálta, garda onóra agus ócáidí atá ósta ag an Uachtarán nó Ambasadóirí iasachta

Cruth an Éide Oibríochtúil

• Caipín an Gharda

• Léine

• Carbhat

• Guailleoga

• Veist bhalaistíoch

• Bríste/Sciorta

• Seaicéad agus lomra uiscedhíonach

• Bríste uiscedhíonach

• Crios áisiúlacht

• Coisbheart

• Lámhainní

 

uniform_highvis 2

Is páirt an-tábhachtach do threalamh chosanta é an seaicéad ard fheiceálacht. Dearadh an seaiceáid chun leibhéal ard-fheiceálachta a thaispeáint agus Garda ar dualgas amuigh faoin aer, go háirithe san oíche le linn dualgaisí a bhaineann leis an trácht.

Stóráileann an crios áisiúlacht dornaisc an Gharda chomh maith le tóirse, leabhar nótaí, foirmeacha muirear seasta, smachtín, raidió agus lámhainní

                          
 uniform_jacket1

Caitear an carbhat fáisceach atá eisithe go hoifigiúil i gcónaí nuair atá an Garda ar dualgas in éide.

Is féidir an seaicéad uiscedhíonach a chaitheamh le lomra ar leith.

 

 Garda Uniform image

Is páirt riachtanach den threalamh atá eisithe do na Gardaí le haghaidh a gcosaint phearsanta ná an veist bhalaistíoch/fhrithsháite.

Caitear an crios oifigiúil an Gharda leis an mbriste éide i gcónaí.

 

uniform_epauletteuniform_capuniform_boots
Taispeánann guailleog an Gharda a “uimhir ghualainne” atá tugtha de réir Roinne agus tá sé éagsúil do gach comhalta.Tá na comhaltaí eisithe le dhá shaghas difriúla caipín - ceann amháin le caitheamh lena éide oibríochtúil agus an ceann eile le caitheamhleis an éide foirmiúil. Tá stropa smige ag caipín an Gharda chun é a choimeád socair in aimsir ghaofarCaitear buataisí oifigiúla leis an éide oibriochtúil ar dualgas lasmuigh.