Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Earcaíocht Garda Faoi Oiliúint 2025 Is Post É Gur Fiú A Dhéanamh

Ach dul sa Gharda Síochána, athrófar do shaol, agus saol daoine eile. Ón nóiméad a dtosóidh tú, is meascán a bheidh ann de dhúshláin, luach saothair, scileanna nua agus cairde nua.

Mar gheall ar an tiochar pearsanta a bheidh agat ar dhaoine agus ar an bpobal, mothóidh tú go bhfuil rud fiúntach curtha i gcrích agat, agus is beag rud eile atá in ann an sásamh sin a thabhairt duit.

Is post deacair é a bheith i do Gharda. Ach is post é gur fiú a dhéanamh. 

Déan iarratas anois ar: 

Cén Fáth Bi Páirteach?  An Féidir Liom A Bheith Páirteach  Conas Is Féidir Liom Páirt A Ghlacadh

Is post spreagúil é póilíniú a bhfuil éilimh ar leith aige. Is ról dúshlánach agus spreagúil é agus taithí nua agus suimiúla ann i gcónaí. Tá i bhfad níos mó i gceist le póilíneacht an lae inniu ná troid i gcoinne coireachta.

Is iad eagla roimh choireacht agus comhpháirtíocht leis an bpobal na gnéithe is tábhachtaí maidir le difríocht dhearfach a dhéanamh agus caighdeán maireachtála a fheabhsú do gach saoránach. Mar bhall den Gharda Síochána, beidh tú ag feidhmiú ar an líne tosaigh, ag tacú le híospartaigh agus le finnéithe, ag tabhairt suaimhnis agus ag cothú muiníne. Beidh tú ag tabhairt cúnamh réamhghníomhach dod’ cheantar, ag cruthú idirchaidrimh agus muinín sa phobal.

Gheobhaidh tú na huirlisí go léir a theastaíonn uait ó d’oiliúint chun na feidhmeanna is gá agus na tascanna a bhfuiltear ag súil leo mar Gharda i sochaí atá ag éirí níos éagsúla i gcónaí. Baineann a luach féin le  póilíneacht go hiontach ach gheobhaidh tú tuarastal iomaíoch agus liúntais tharraingteacha.

Chun céim na n-oiliúnaithe a bhaint amach áfach, ní mór duit tabhairt faoi phróiseas dian roghnúcháin, ceaptha chun an bhfuil na cáilíochtaí atá riachtanach chun bheith in do bhall rathúil den Gharda Síochána agat a thástáil.

Tar éis oiliúna, is iomaí deis atá sa ghairm bheith ag obair i raon leathan réimsí, lena n-áirítear Póilíneacht Phobail, Rialú agus Rialachán Tráchta, Ord Poiblí, Dualgais Bhleachtaire, iImscrúdú ar Chionta Eagraithe, ar Chaimiléireacht agus ar chionta Drugaí.

Tá an Garda Síochána tiomanta do sheirbhís póilíneachta a chruthú a dhéanann ionadaíoch iomlán ar gach pobal éagsúil in Éirinn. Mar fhostóir comhionannas deiseanna, tá sé gníomhach le baill de gach cuid de shochaí na hÉireann a spreagadh chun iarratas a dhéanamh.