I gcás éigeandála, diailigh 999/112
Ba cheart duit an tseirbhís seo a úsáid nuair atá coir nó teagmhas ag tarlú nó má tá duine éigin i mbaol láithreach. Tugtar tús áite do ghlaonna 999/112 agus is freagróirí glaonna oilte a bheidh ag déileáil le go ghlao. Ta sé mar chuspóir ag an nGarda Síochána glaonna a fhreagairt laistigh de 7 soicind agus acmhainní a imscaradh láithreach, chomh maith leis an am a mheastar go mbainfidh na hacmhainní sin láthair na héigeandála amach. Glacfaimid bearta iomchuí chun déileáil le gach teagmhas agus chun a chinntiú go dtugtar tús áite do ghlaonna éigeandála agus glaonna atá bagrach don bheatha Déanfaimid gach iarracht a bheith ag láthair na héigeandála laistigh de 15 nóiméad i gceantair uirbeacha agus chomh luath agus is féidir, ag brath ar an bhfad atá le taisteal, in áiteanna faoin tuath.
SMS Éigeandála
Tugann an tseirbhís SMS 112 deis do dhaoine bodhra, leathbhodhra agus a bhfuil urlabhra lagaithe acu i bPoblacht na hÉireann téacsteachtaireacht SMS* a chur chuig an tSeirbhís Freagartha Glaonna Éigeandála (ECAS), áit a gcuirfear ar aghaidh é chuig an nGarda Síochána, an tseirbhís otharchairr, an tSeirbhís Dóiteáin, nó Garda Cósta na hÉireann. Feidhmeoidh an t-oibritheoir ECAS mar idirghabhálaí idir an téacsóir agus na tseirbhís éigeandála a iarrtar. Sular féidir leat an tseirbhís SMS 112, beidh ort do ghuthán póca a chlárú ar www.112.ie. Cuimhnigh gur Seirbhís Éigeandála é seo agus nár cheart é a úsáid gan cás éigeandála a bheith ann, i.e. má tá beatha i mbaol, nó má tá coir nó teagmhas ag tarlú láithreach, nó má tá duine éigin i mbaol láithreach.
* Is seirbhís neamhfhíor-ama é téacsteachtaireacht SMS agus, mar sin, ní ráthaítear go seachadfar do SMS.
I gcás ceisteanna neamh-éigeandála nó ginearálta, déan teagmháil le do stáisiún áitiúil an Gharda Síochána agus/nó Stáisiún na nGardaí is cóngaraí duit. Tá teacht ar uimhreacha teileafóin le haghaidh Stáisiúin na nGardaí uile agus oifigí tábhachtacha ar Eolaire Stáisiúin na nGardaí agus tá siad foilsithe freisin in Eolaire Teileafóin Eircom.