Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cosc ar Choireacht

Oifigigh Choiscthe Coireachta

Cuireann baill uile an Gharda Síochána cosc agus laghdú coireachta chun cinn. Tá Oifigigh Choiscthe Coireachta (CPOanna) tiomanta freisin i ngach Roinn den Gharda Síochána. Tá na CPOanna seo oilte chun cosc agus laghdú coireachta a spreagadh, é a chur chun cinn agus comhairle maidir le cosc coireachta a chur ar an bpobal agus ar an lucht gnó araon.

Chun dul i dteagmháil le d'Oifigeach Coiscthe Coireachta áitiúil, téigh chuig Liosta na nOifigeach Coiscthe Coireachta.

An tAonad Náisiúnta Coiscthe Coireachta 

Chomh maith leis na CPOanna na Roinne, tá CPOanna bunaithe san Aonad Náisiúnta Coiscthe Coireachta (NCPU) i gCeanncheathrú an Gharda, Cearnóg Fhearchair, Baile Átha Cliath freisin.   

I measc fhreagrachtaí an NCPU tá:

  • Cosc agus laghdú coireachta a chur chun cinn
  • Taighde ar dhea-chleachtas
  • Beartais agus straitéisí a fhorbairt
  • Oiliúint a chur ar CPOanna

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Náisiúnta Coiscthe Coireachta ag:

An tAonad Náisiúnta Coiscthe Coireachta 
Biúró an Gharda Síochána um Rannpháirtíocht sa Phobal
Ceanncheathrú an Gharda,
Cearnóg Fhearchair,
Baile Átha Cliath
D02 DH42 

Teil: +353 1 666 3669

                                      Faisnéis Sábháilteachta d'Fhóin Phóca:

 Is féidir leis na bearta praiticiúla seo a leanas cabhrú le goid fón póca a chosc agus í a laghdú:

• Cláraigh d'fhón póca le do sholáthraí seirbhíse.

• Breac síos go cúramach  d'uimhir uathúil IMEI (Aitheantóir Idirnáisiúnta Fón Póca) 15 dhigit.

Gheobhaidh tú an IMEI ar an scáileán trí *#06# a bhrú ar mhéarchlár d'fhóin.

• Cuir an ghné slándála UAP ar siúl agus coinnigh d'fhón faoi ghlas i gcónaí.

• Nuair a bhíonn tú ag dul amach, coinnigh d'fhón póca ó radharc an phobail, bí ciallmhar agus bí feasach i gcónaí ar do thimpeallacht.

• Ná fág d'fhón póca i bhfeithicil riamh.

• Má chailltear nó má ghoidtear d'fhón póca, déan teagmháil le do sholáthraí seirbhíse láithreach chun do sheirbhís a chur ar fionraí agus cosc a chur ar ghlaonna neamhúdaraithe ar do bhille.

Déanfaidh do sholáthraí do chárta SIM agus d'uimhir IMEI a bhlocáil chun cosc a chur ar d'fhón a úsáid ar an líonra soghluaiste.

• Tuairiscigh an caillteanas nó an ghoid leis an nGarda Síochána, ag soláthar uimhreacha aitheantais do chárta SIM agus d'uimhir IMEI. D'fhéadfadh an fhaisnéis seo cabhrú le d'fhón póca a fháil ar ais