Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Seirbhís Náisiúnta Faisnéise Coireachta agus Slándála an Garda Síochána

ASU2

Seirbhís Náisiúnta Faisnéise Coireachta agus Slándála an Garda Síochána

Is é ról an ailt seo ná an bhagairt don Stát a aithint agus a anailísiú ó sceimhlitheoirí agus buanna coireachta eagraithe. Dá réir sin roinntear an roinn ina dhá fho-alt a bhaineann le faisnéis maidir le sceimhlitheoireacht agus coireacht eagraithe araon. Tacaíonn an t-alt le haonaid oibriúcháin trí thoradh eolais a sholáthar i gcoibhneas leis an dá réimse. Is í an tSlándáil & Faisnéis an pointe teagmhála lárnach don Gharda Síochána leis na gníomhaireachtaí seachtracha uile - forfheidhmiú an dlí agus slándáil / faisnéis - maidir le comhoibriú idirnáisiúnta sa chomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe.

Idirchaidreamh agus Cosaint Cool traffic bike

Ta an Rannóg seo freagrach as slándáil chosantach an Stáit agus a institiúidí. Tá feidhm idirchaidrimh láidir ag an rannóg seo freisin agus tá Lárbhiúró Náisiúnta Interpol agus Aonad Náisiúnta Europol ina gcuid de. Is lárphointe teagmhála iad do chumarsáideacha slána idir An Garda Síochána agus gach gníomhaireacht sheachtrach. Chomh maith leis sin cuimsíonn Idirchaidreamh agus Cosaint Córas Faisnéise Schengen a bhfuil Éire ina ball. Tá líon Oifigeach Idirchaidrimh an Gharda ata ceangailte le hIdirchaidreamh agus Cosaint ar dualgas thar lear. Déanann an rannóg obair roinnt Grúpaí Oibre de chuid Chomhairle an AE a bhfreastalaíonn ionadaithe an Gharda orthu a chomhordú. Tá ról riaracháin aige freisin maidir le clár slándála an Gharda Síochána d’fhinnéithe.

Cool generic 2

An tAonad Speisialta Bleachtaireachta (ASB) 

Tá an ASB freagrach as bagairtí do shlándáil an stáit a iniúchadh agus as monatóireacht a dhéanamh ar dhaoine atá ina mbagairt do seo ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta. Soláthraíonn an tAonad slándáil do VIPeanna ar cuairt, gluaiseachtaí airgid thirim idirthurais agus freagair faoi airm. Is eite oibríochtúil an é an ASB don chlár slándála d’fhinnéithe. Tá an tAonad Práinnfhreagartha an t-aonad idirghabhála speisialaithe atá ardoilte agus feistithe ina chuid den ASB freisin.