Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cúltaca an Gharda Síochána

Comhlacht deonach is ea an Cúltaca, agus tá se déanta suas de bhaill an phobail, chun cabhrú leis an tSeirbhís nuair a bhíonn feidhm le breis pearsanra.


Bíonn cumhachtaí áirithe ag an gCúltaca agus iad ar dualgas agus déanann siad a Community Pic 8gcuid dualgais faoi mar a leagtar síos iad faoin gCoimisinéir , faoi chúram bhaill an Gharda Síochána a dtugann tacaíocht dóibh chomh maith.
Is é príomhaidhm don Chúltaca ná patróil áitiúla a dhéanamh, agus cabhrú le tionscnaimh maidir le laghdú coireanna a bhíonn dírithe ar áiteanna tuaithe nó i mbailte ina mbíonn fadhbanna.
Bíonn baill de Chúltaca an Gharda Síochána ag obair i mórimeachtaí agus eachtraí póilíneachta, agus ag tacaíocht le baill an Gharda Síochána de réir chumais bhall an Chúltaca maidir le scileanna agus eolas áitiúil. Bítear ag súil le seirbhís mhaith uathu an t-am ar fad agus is comhartha soiléir  iad go mbíonn comhpháirtíocht idir an nGarda Síochána agus an pobal.


Thosaigh an chead ghrúpa de Chúltacaithe i mbun oiliúna i gColáiste an Gharda Síochána, sa Teampall Mór, i gContae Thiobraid Árainn ar 30 Mean Fómhair 2006.
Cuireadh iad chuig Stáisiún an Phiarsaigh, agus Stáisiún San Stórais i Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath, chuig stáisiúin Sráid Anglesea, Cathair Chorcaí agus chuig stáisiúin i gCathair na Gaillimhe agus i mBaile Shligigh. Cáilíodh iad mar lánbhaill de Chúltaca an Gharda Síochána ar 15 Nollaig 2006 ag searmanas bronnta na gcéimeanna i gColáiste an Gharda Síochána.

Misin Chúltaca an Gharda Síochána

Is é misin Chúltaca an Gharda Síochána ná freagairt éifeachtúil agus seirbhís mhaith a chur ar fáil an t-am ar fad agus comhpháirtíocht a fheabhsú idir an Gharda Síochána agus an pobal áitiúil.

Cur síos ar ról- Cúltaca an Gharda Síochána
Tá Cúltaca an Gharda Síochána déanta suas de bhaill an phobail, chun cabhrú leis an tSeirbhís nuair a bhíonn feidhm le breis pearsanra. Bíonn cumhachtaí srianta  ag an gCúltaca agus iad ar dualgas. Déanann siad a gcuid dualgais faoi mar a leagtar síos iad faoin gCoimisinéir , faoi chúram bhaill lánaimseartha an Gharda Síochána a mbíonn ina gcuideachta an t-am ar fad.

Iontráil

Caithfidh iarratasóir bheith:
• Idir 18-80 bliain
• Ina náisiúnach de Bhall an Aontais Eorpaigh, de Stát EEA nó de Chónaidhm na hEilvéise
• Sa stát go dlíthiúil ar feadh cúig bliana
• Folláin, agus radharc maith a bheith aige/aici

• Cáil mhaith a bheith air/uirthi

• Ardteist nó a mhacasamhail a bheith aige

(Bíonn srianta eile i gceist. Féach thíos le liosta iomlán a fháil anseo)

Dualgais Chúltaca an Gharda Síochána

Rannpháirtíocht agus Sábháilteacht Phobail
• Póilíneacht Phobail
• Patról coise, i gcuideachta bhall lánaimseartha den Gharda Síochána

• Dualgas Stáisiúin, seachas aire agus coimeád príosúnach

• Giolla stáisiúin

• Dualgas sa seomra cumarsáide, lena n-airítear monatóireacht CCTV

• Dualgas ag tródam amuigh le linn mhórimeachtaí, leithéidí féilte agus mórimeachtaí spóirt.

Sárú Coireanna
• Dualgas Slándála Seasta
• Fianaise a thabhairt sa chúirt
• Toghairm a sheirbheáil

Póilíneacht Bhóithre
• Dualgais ar sheicphointí tráchta i gcuideachta bhall lánaimseartha
• Fógraí Pionóis na Muirear Seasta a eisiúint nuair a aimsítear cionta

• Cabhrú i gcás thimpistí, thinte agus mhóréigeandáil eile

Straitéis Chúltaca an Gharda Síochána 2021-2025

Tuilleadh Eolais:

  1. www.publicjobs.ie
  2. www.careersportal.ie

Is féidir rochtain a fháil ar fhíseáin feachtais ina bhfuil baill de Chúltaca an Gharda Síochána ag déanamh cur síos ar a gcuid eispéireas, ach cliceáil anseo nó ar na naisc seo a leanas:

Insíonn Garda Cúltaca Rodney Cadden, Margaret Daly & David Mc Loughlin dúinn faoina mbród agus iad ina gCúltacaithe. 

Tugann an Garda Rachel Grogan agus Tomás Barrett léargas ar obair an dheonaigh. 


Guailleog Chúltaca an Gharda Síochána