Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

An Biúró um Eitic agus Cultúr an Gharda Síochána (BECGS)

Ethics-main

Ce

Tá meascán de chomhaltaí faoi mhionn agus baill foirne den Gharda Síochána ag obair sa Bhiúró um Eitic agus Cultúr an Gharda Síochána (BECGS): Ceannfort amháin, Ardoifigeach Feidhmiúcháin amháin, Sáirsint amháin agus Oifigeach Feidhmiúcháin amháin. 

Cad

Ar dtús, bunaíodh BECGS chun tús a chur le cur i bhfeidhm an chláir a bhfuil sé mar aidhm aige prionsabail an Chóid Eitice a leabú sa Gharda Síochána. Rinne Seirbhís Anailíse an Gharda Síochána éascaíocht ar Iniúchadh ar Chultúr an Gharda Síochána. Foilsíodh é in 2018 agus anois tá BECGS ina lárionad leasaithe cultúir ag an nGarda Síochána. Faoi láthair tá BECGS ag obair chun Samhail Chinnteoireachta an Gharda Síochána a leabú chun go mbeidh sí mar bhunús leis na cinntí ar fad a dhéantar san eagraíocht. Tá nasc le Samhail Chinnteoireachta an Gharda Síochána ar fáil anseo.

 Cen-fath

Soláthraíonn an Cód Eitice creatlach agus táthar ag súil leis go n-iompróidh na baill foirne ar fad sa Gharda Síochána iad féin dá réir. Dá gcuirfí feabhas ar an iompraíocht dhearfach agus dá dtabharfaí aghaidh ar an iompraíocht dhiúltach i gcultúr an Gharda Síochána, chuirfí feabhas ar an eagraíocht agus ar obair na ndaoine san eagraíocht.

 Cathain

Ó 2018 ar aghaidh, tá BECGS ag obair go réamhghníomhach chun an Cód Eitice a leabú sa Gharda Síochána agus chun cultúr na heagraíochta a athrú ó bhonn, más gá.

 Address-Copy

Tá an Biúró um Eitic agus Cultúr an Gharda Síochána bunaithe i bhFoirgneamh an Bhiúró Theicniúil i gCeanncheathrú an Gharda Síochána i mBaile Átha Cliath 8.

Conas

Dírímid ar chumarsáid dhá bhealach i BECGS. Is modh éifeachtach é sin chun aird a tharraingt ar a ndéanaimid agus chun aiseolas agus tuairimí a fháil ó na baill foirne ar fad sa Gharda Síochána. Tá maoirseacht leanúnach á déanamh ag BECGS ar athrú cultúir agus tá sé á thomhas againn. Cuireadh Ceardlanna maidir le Cóid Eitice faisnéis thar a bheith luachmhar ar fáil faoin gCód Eitice. 

  Cod-Eitice-pic

D'fhoilsigh an tÚdarás Póilíneachta an Cód Eitice don Gharda Síochána in Eanáir 2017 i gcomhréir le hAlt 17 d'Acht an Gharda Síochána, 2005. Leagtar amach ann na caighdeáin iompair a bhfuiltear ag súil leo ó gach duine a oibríonn sa Gharda Síochána.

Is iad na naoi (9) gcaighdeán Eiticiúla:

Dualgas chun an Dlí a Chaomhnú

Macántacht agus Ionracas

Meas agus Údarás

Údarás agus Freagracht

Cumhachtaí Póilíneachta

Faisnéis agus Príobháideachas

Trédhearcachta agus Cumarsáid

Labhairt Amach agus Éagóir a Thuairisciú

Ceannaireacht

Cultur

Is é BECGS an lárionad leasaithe cultúir don Gharda Síochána. Ó foilsíodh an chéad Iniúchadh ar Chultúr an Gharda Síochána in 2018, tá BECGS ag obair chun torthaí an Iniúchta sin a chur i bhfeidhm. Tá sé sin bunaithe ar na príomhréimsí a aithníodh: Ceannaireacht, Labhairt Amach, na Bunrudaí a chur ina gCeart, Cuntasacht, Ardú Céime bunaithe ar bhonn Fiúntais, Folús Maoirseachta, Saoránaigh a Thabhairt Isteach ar Bhealach Níos Fearr, agus Cumarsáid agus Aiseolas.

GECB

 

Seoladh Samhail Chinnteoireachta an Gharda Síochána (SCGS) in 2019. Is uirlis é lena húsáid i ngach cinneadh a dhéanann comhaltaí agus baill foirne den Gharda Síochána, idir imeachtaí gan choinne, oibríochtaí pleanáilte, dhualgais laethúla agus phleanáil straitéiseach. Cuirfidh daoine aonair agus foirne/grúpaí an SCGS i bhfeidhm nuair a dhéantar cinntí a bhaineann le póilíniú oibríochtúil, póilíniú neamh-oibríochtúil agus/nó riarachán.

LinksCód Eitice

Físeán faoin gCód Eitice

Samhail Chinnteoireachta an Gharda Síochána

Iniúchadh 'Play Your Part' de chuid PwC ar Chultúr an Gharda Síochána

Suíomh Gréasáin an Údaráis Phóilíneachta

Acht an Gharda Síochána, 2005 & Acht an Gharda Síochána (Leasú), 2015

Bille an Gharda Síochána (An tÚdarás Póilíneachta agus Forálacha Ilghnéitheacha), 2015

An tAcht um Chomhionannas (Forálacha Ilghnéitheacha), 2015

An tAcht um Chomhionannas, 2004

An tAcht um Stádas Comhionann, 2000

An tAcht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998

An tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995

Contact

Teil: (01) 6662383 / 6662566

Seoladh: An Biúró um Eitic agus Cultúr an Gharda Síochána,

Seomra 2.059, Foirgneamh an Bhiúró Theicniúil,

Ceanncheathrú an Gharda Síochána,

Páirc an Fhionnuisce,

DO8 HN3X

Ríomhphost: ethics.culture@garda.ie