Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

ga - Garda Risk Management Unit

Aonad Bainistíochta Riosca an Gharda Síochána

Bunaíodh Aonad Bainistíochta Riosca an Gharda Síochána an 1ú Meán Fómhair 2016. Tagann an t-aonad faoi shainchúram an Choimisinéara Cúnta, Rialachais & Cuntasachta agus tá Ceannfort ann le tacaíocht ó fhoireann shibhialta an Gharda Síochána. Tá an t-aonad ceangailte le Ceanncheathrú an Gharda Síochána.

I measc róil agus fhreagrachtaí Aonad Bainistíochta Riosca an Gharda Síochána tá;

  • Riarachán bainistíochta riosca a bhainistiú agus a mhaoirsiú agus tacaíocht riaracháin a sholáthar don Phríomhoifigeach Riosca agus don Bhord Rialachais Riosca & Beartais.
  • Sainchomhairle agus treoir a sholáthar don Phríomhoifigeach Riosca, don Bhord Rialachais Riosca & Beartais, do na Leas-Choimisinéirí, don Phríomhoifigeach Riaracháin agus do na páirtithe leasmhara go léir.
  • A chinntiú go gcuirtear treoracha an Phríomhoifigigh Riosca agus an Bhoird Rialachais Riosca & Beartais i bhfeidhm.
  • An Clár Corporáideach Riosca a nuashonrú, ag smaoineamh ar chláir riosca áitiúla agus scananna comhshaoil.
  • Nuashonruithe ar bhainistíocht riosca a sholáthar ar bhonn leanúnach agus tuairisceáin ráithiúla don Phríomhoifigeach Riosca agus don Bhord Rialachais Riosca & Beartais.
  • Oibriú go dlúth leo siúd a bhfuil baint acu leis an bpróiseas pleanála straitéiseach lena chinntiú go gcuirtear rioscaí san áireamh agus straitéisí agus pleananna á bhforbairt.
  • Cláir riosca ar leibhéal feidhmiúcháin a chothabháil, a athbhreithniú agus a nuashonrú i gcomhairle le Leas-Choimisinéirí agus an Príomhoifigeach Riaracháin.
  • Doiciméadúchán riosca a choinneáil maidir le gach riosca corparáideach agus a chinntiú go bhfaightear agus go gcomhdaítear an deimhniú athbhreithnithe ar bhonn ráithiúil ó úinéirí riosca.
  • Cumarsáid, oiliúint agus seisiúin eolais leanúnacha a sholáthar do na páirtithe leasmhara go léir.
  • Monatóireacht agus comhlíonadh an bheartais agus na nósanna imeachta a chinntiú.
  • Athbhreithniú rialta a dhéanamh ar bheartas agus nósanna imeachta riosca an Gharda Síochána, lena chinntiú go bhfanann siad oiriúnach don fheidhm agus ar aon dul leis an gcleachtas náisiúnta agus idirnáisiúnta is fearr.

Ríomhphost: risk_management@garda.ie