Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

ga - Internal Security Fund 2021-2027

European_Union_Flag

Glao Oscailte ar Thograí faoin gCiste Slándála Inmheánaí 2026

Is é an Garda Síochána an tÚdarás Bainistíochta don Chiste Slándála Inmheánaí (CSI) 2021 - 2027 agus tá iarratais ar mhaoiniú faoin gclár seo á lorg acu. Tá sé beartaithe leis an gciste rannchuidiú le hardleibhéal slándála a bhaint amach san Aontas, go háirithe tríd an sceimhlitheoireacht agus an radacú, an choireacht thromchúiseach agus eagraithe, agus an chibearchoireacht a chosc agus a chomhrac, trí chúnamh a thabhairt d’íospartaigh na coireachta agus iad a chosaint, agus trí ullmhú do theagmhais, rioscaí agus géarchéimeanna a bhaineann leis an tslándáil, cosaint a thabhairt ina gcoinne agus iad a bhainistiú go héifeachtach.

 

Tionscadail Cháilithe

Tá maoiniú ar fáil do thionscadail lena saothrófar ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí CSI seo a leanas:

  1. Malartú faisnéise a fheabhsú agus a éascú idir údaráis inniúla agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais agus laistigh díobh agus, i gcás inarb ábhartha, le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.
  2. Comhar trasteorann a fheabhsú agus a threisiú, lena n-áirítear oibríochtaí comhpháirteacha, idir údaráis inniúla i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus leis an gcoireacht thromchúiseach eagraithe a bhfuil gné thrasteorann ag baint léi.
  3. Tacú le cumais na mBallstát a neartú i ndáil leis an gcoireacht, an sceimhlitheoireacht agus an radacú a chosc agus a chomhrac, chomh maith le teagmhais, rioscaí agus géarchéimeanna a bhaineann leis an tslándáil a bhainistiú, lena n-áirítear trí chomhar méadaithe idir údaráis phoiblí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, an tsochaí shibhialta agus comhpháirtithe príobháideacha i mBallstáit éagsúla.

 

Spriocdhátaí d’Iarratais

Ní mór tograí a chur isteach faoin XX/XX/2026.

Dátaí an Chláir

Tús an chláir: 1/1/2021

Deireadh an chláir: 31/12/2027 (ní mór tionscadail a thosú roimh an 31 Nollaig 2027 agus a bheith críochnaithe faoin 31 Nollaig 2029).

Conas Iarratas a Dhéanamh

Doiciméad treorach - NASC

Tuilleadh Eolais