Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Stiúrthóireacht Acmhainní Daonna an Gharda

Is í an Stiúrthóireacht a bhíonn freagrach as an gcuid is mó d'fheidhmeanna riaracháin agus idirbheartaíochta Acmhainní Daonna i leith gach ball den gharda agus den fhoireann shibhialta.  I measc na bhfeidhmeanna Acmhainní Daonna arna riaradh i dTeach Átha Luimnigh tá an pá agus pinsin; saoire bhreoiteachta agus scéimeanna saoire eile; taifid, cosaint sonraí agus bainistiú comhaid; riarachán agus staitisticí.  Ina theannta sin is amhlaidh a fheidhmíonn Stiúrthóireacht Acmhainní Daonna ról ceannasach i gcúrsaí Acmhainní Daonna sibhialta eile ar nós bainistiú acmhainne, smachtaithe agus caidreamh tionsclaíoch.  

Is é Coimisinéir an Gharda an tÚdarás iomchuí don fhoireann is sibhialtaigh.  Cé is moite de dhualgais tacaíochta riaracháin i Stáisiúin agus in oifigí an Gharda, bíonn foireann is sibhialtaigh bainteach le soláthar na ról bunriachtanach thar réimse leathan feidhmeanna bainistíochta, gairmiúla, teicniúla agus tionsclaíocha.  Táthar tar éis bunú nó formhéadú roinnt seirbhísí ríthábhachtacha, arna soláthar ina n-iomláine nó den chuid is mó ag foireann is sibhialtaigh, a chumasú freisin leis an sibhialtachú – lena n-áirítear Biúró Náisiúnta an Gharda um Inimirce, Lárionad Seirbhísí Faisnéise an Gharda, Láraonad Grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána, an Oifig um Próiseáil Muirear Seasta agus an Lárionad Cumarsáide.

Ciallaíonn an moratóir reatha ag an Rialtas um earcaíocht & ardú céime nach líonfar aon phoist is folúntais le hearcú foirne nua ná le hardú céime a thabhairt don fhoireann reatha, gan cead a fháil roimh ré ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Uimhreacha Garda agus Sibhialtacha

Tá miondealú iomlán ar Líon Foirne na nGardaí agus na nGardaí ar fáil ar leathanach staitisticí acmhainní daonna na nGardaí.Áirítear leis seo figiúirí míosúla mionsonraithe, inscne agus sonraí stairiúla.

Tabhair faoi deara le do thoil na fonótaí a ghabhann le gach tábla a thugann le fios go bhfuil an fhaisnéis atá curtha ar fáil bunaithe ar  an bhfaisnéis atá ar fáil do Stiúrthóireacht AD an Gharda Síochána ag pointe am áirithe agus d'fhéadfadh sí athrú de bharr na gceanglas oibríochta.

Dá bhrí sin, le do thoil bí ar an eolas gur figiúirí reatha iad na figiúirí a chuirtear ar fáil ag dáta an tábla agus GUR FIGIÚIRÍ SEALADACHA IAD AGUS GUR FÉIDIR LEO ATHRÚ.