Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Drochíde sa Teaghlach

Ní thugtar sainmhíniú ar Dhrochíde sa Teaghlach i Reachtaíocht na hÉireann, ach féadtar a mheas gurb ionann ‘Drochíde sa Teaghlach’ agus drochíde Fhisiciúil, Ghnéasach, Airgeadais, Mhothúchánach nó Shíceolaíoch duine amháin i gcoinne duine eile ar duine muinteartha é/í nó atá nó a bhí mar dhlúthpháirtnéir, gan aird ar inscne nó ar ghnéasacht.

Ní hé nach dtugtar drochíde sa teaghlach ach i gcaidreamh heitrighnéasach amháin, ach féadfaidh sé titim amach, chomh maith, i gcaidreamh leispiach, aerach, déghnéasach agus trasinscne (LGBT). Féadtar an drochíde a thabhairt ar líne, trí chiapadh ar na meáin shóisialta agus ar láithreáin ghréasáin eile. Cé gurb ionann mná i gcaidreamh heitreaghnéasach agus tromlach na n-íospartach de Dhrochíde sa Teaghlach a thugtar le fios, d’fhéadfadh fir i gcaidreamh heitreaghnéasach agus fir agus mná araon i gcaidreamh comhghnéis a bheith ina n-íospartaigh den drochíde a bhíonn i gceist, chomh maith.

Tagann an fhéidearthacht chun solais, chomh maith, go mbíonn duine scothaosta nó duine atá faoi mhíchumas, mar íospartach de Dhrochíde sa Teaghlach, faoi chúinsí ina bhfuil an drochídeoir mar chéile nó gaol eile nó cúramóir. Ina theannta sin, is dóchúla go mbíonn leanaí thíos le hiarmhairtí na drochíde nuair a chónaíonn siad in áit ina dtiteann Drochíde sa Teaghlach amach. Is riachtanach, ar an ábhar sin, a thuiscint go bhféadfaidh Drochíde sa Teaghlach titim amach i réimse fairsing cúinsí ina mbíonn réimse fairsing íospartach i gceist. Sáraíonn Drochíde sa Teaghlach aicme, inscne, cineál agus creideamh reiligiúnach.

Tá Beartas Idirghabhála Drochíde sa Teaghlach 2017 ar fail anseo.