Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Oifig Idirchaidrimh an Gharda Síochána d’Íospartaigh (GVLO)

Oifig Idirchaidrimh an Gharda Síochána d'Íospartaigh (GVLO) 

Tá an GVLO mar chuid de Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Sheirbhísí Cosanta (GNPSB) agus tá sí freagrach as Straitéis Garda a cheapadh, lena n-áirítear beartais an Gharda Síochána maidir le saincheisteanna a bhaineann le híospartaigh a fhorbairt agus iad a athbhreithniú; agus tacaíocht a thabhairt le cur i bhfeidhm Cairt an Gharda Síochána d’Íospartaigh. Bíonn an GVLO ag plé le heagraíochtaí tacaíochta d’íospartaigh atá maoinithe ag an rialtas, agus le gníomhaireachtaí ceartas coiriúil agus le gníomhaireachtaí stáit eile, maidir le saincheisteanna coiteann chun feabhas a chur ar sheirbhísí d'íospartaigh choireachta.

Tugann an GVLO tacaíocht do na hOifigigh Idirchaidrimh Teaghlaigh (FLOanna) atá ceaptha d'íospartaigh coireachta agus dá dteaghlaigh i gcásanna tromchúiseacha mar shampla dhúnmharú, timpistí marfacha tráchta bóthair nó príosúnacht neamhdhleathach.

Oifig Idirchaidrimh an Gharda Síochána d'Íospartaigh
Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Sheirbhísí Cosanta,
Cearnóg Fhearchair,
Baile Átha Cliath 2
D02 DH42.
Teil: +353 1 6663453 / 6663435 / 6663349
R-phost: crimevictims@garda.ie
 

Má íospartach coireachta tú, cliceáil ar na naisc thíos le haghaidh tuilleadh eolais

An íospartach coireachta tú?

Conas a thuairiscím coir?

Cén t-eolas is féidir liom a fháil?

Cá háit is féidir liom tacaíocht a fháil?

Cad a tharlaíonn má tá cosaint uaim?

Eolas Úsáideach