Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Inimirce (GNIB)

Clárú agus Athnuachan Cead Inimirce

An 13 Eanáir 2025, aistreoidh an fhreagracht deiridh atá fágtha as gach clárú céaduaire ar cheadanna cónaithe inimirce na hÉireann, ó Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce, chuig Seachadadh Seirbhíse Inimirce (ISD) na Roinne Dlí agus Cirt.

Ón dáta sin, is san Oifig Clárúcháin, 13-14 Cé Burgh, Baile Átha Cliath 2, a chlárófar ceadanna cónaithe d'iarratasóirí a bhfuil cónaí orthu i ngach contae den chéad uair.

Leanfaidh an Garda Síochána de cheapacháin dheimhnithe a phróiseáil le haghaidh clárúcháin chéaduaire go dtí deireadh mhí Eanáir 2025. Moltar d'iarratasóirí ar chlárú céaduaire, a bhfuil cónaí orthu lasmuigh de chontaetha Chorcaí, Bhaile Átha Cliath, Chill Dara, Luimnigh, na Mí agus Chill Mhantáin, a bhfuil ceapachán deimhnithe acu suas go dtí an 31 Eanáir 2025, freastal ar oifigí clárúcháin ábhartha an Gharda Síochána mar atá sceidealaithe.

Cliceáil anseo le do thoil chun tuilleadh eolais a fháil. 

Deimhniú Carachtair an Gharda/na bPóilíní

Chun Deimhniú Carachtair Garda/Póilíní a fháil, déan iarratas i scríbhinn chuig do Stáisiún Garda  áitiúil. Ní sholáthraíonn GNIB iad sin in imthosca ar bith. 

Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (GNIB) 

Bunaíodh Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (GNIB) sa bhliain 2000 agus tá sé freagrach as:

  • inimirce neamhdhleathach a chosc, a bhrath agus a imscrúdú
  • inimirce a rialú lena n-áirítear inimircigh neamhdhleathacha a dhíbirt agus orduithe ábhartha a fhorfheidhmiú
  • clárú neamhnáisiúnach sa Stát (gan neamhnáisiúnaigh a chónaíonn i mBaile Átha Cliath, i gCill Dara, sa Mhí nó i gCill Mhantáin a áireamh)
  • cúnamh, comhairle agus tacaíocht a chur ar fáil do Rannáin an Gharda Síochána maidir le cúrsaí a bhaineann le hinimirce a riar agus a imscrúdú

Tá Príomh-Cheannfort Bleachtaireachta i gceannas ar GNIB a thuairiscíonn don Choimisinéir Cúnta, Coireacht Eagraithe & Thromchúiseach. Tá GNIB bunaithe ar 13/14 Cé an Bhurúin, Baile Átha Cliath 2.

Foláireamh Scam - Glaonna Hoax ón uimhir theileafóin 01 6669100

Tá  teagmháil déanta le roinnt custaiméirí de chuid Inimirce Service Delivery ar an teileafón ag duine a mhaíonn gur ó ISD a bhí sé/sí.

Insíonn an glaoiteoir don duine go bhfuil siad faoi réir Ordú Díbeartha ó na húdaráis ina dtír thionscnaimh agus go bhfuil díbirt rompu an lá sin. Deirtear leo go bhfuil INIS ag gníomhú thar ceann a Rialtais féin chun íocaíocht riaracháin a fháil ar ais a chuirfidh cosc ar a ndíbirt láithreach.

Tá an íocaíocht seo le déanamh le cuntas ina dtír thionscnaimh. Is fíor-uimhir INIS í uimhir an ghlaoiteora I.D. a thaispeánann agus treoraíonn an glaoiteoir daoine chuig seoladh an láithreáin ghréasáin agus go deimhin beidh an uimhir le feiceáil, ar a aghaidh, mar uimhir dhlisteanach.

Is iarracht ar chalaoise é seo. Ní dhéanann agus ní dhéanfaidh ISD teagmháil le hiarratasóirí ar an nguthán maidir le haon íocaíochtaí den sórt sin le cuntais thar lear. Ní iarrann ISD in imthosca ar bith íocaíocht as a sheirbhísí ar an teileafón. Ina theannta sin, beidh aon duine a bhfuil orthu dul i mbun díbeartha ón Stát páirteach i bpróiseas mionsonraithe agus thabharfaí fógra dóibh i scríbhinn tríd an bpost cláraithe roimh aon díbirt atá beartaithe.

Iarrtar ar chustaiméirí a bheith airdeallach. Ná tabhair sonraí d'iarratais inimirce nó do stádas do ghlaoiteoirí teileafóin mura bhfuil tú cinnte cé hiad féin.

Má éilíonn duine éigin íocaíocht airgid, déan teagmháil le INIS nó le do stáisiún  Garda áitiúil 

Ceisteanna Coitianta

Táille a thabhairt isteach do Dheimhnithe Clárúcháin arna n-eisiúint do náisiúnaigh neamh-LEE

Ón 27 Bealtaine 2006 amach gearrfar táille i leith gach deimhnithe clárúcháin inimirce arna eisiúint do náisiúnach neamh-LEE, faoi réir díolúintí áirithe. Le héifeacht ón 19 Samhain 2012, is é €300 an táille.

Cad is deimhniú clárúcháin inimirce ann?

Is doiciméad é deimhniú clárúcháin inimirce a eisítear do náisiúnach neamh-LEE a chláraíonn lena oifigeach clárúcháin inimirce áitiúil.

Eisíonn Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce an doiciméad atá ar mhéid cárta creidmheasa agus tá grianghraf an duine, sonraí cónaithe agus an dáta éaga ann.

Faoi láthair, ní mór do náisiúnaigh neamh-LEE atá ina gcónaí go dleathach agus a tháinig isteach sa Stát agus é ar intinn acu cónaí in Éirinn ar feadh tréimhse níos faide ná trí mhí clárú lena n-oifigigh chlárúcháin inimirce áitiúla.

Tabhair faoi deara nach n-eisítear deimhnithe clárúcháin inimirce d’iarrthóirí tearmainn; faigheann siad Deimhnithe Cosanta Sealadaí ón gCoimisinéir um Iarratais ó Dhídeanaithe. Ní bhaineann an táille seo le Deimhnithe Cosanta Sealadaí den sórt sin.

Cé atá díolmhaithe ó íocaíocht na táille?

Beidh catagóirí áirithe daoine díolmhaithe ó íocaíocht na táille. Is iad seo a leanas na catagóirí díolmhaithe:-

  1. Dídeanaithe, idir dhídeanaithe Coinbhinsiúin agus dhídeanaithe Cláir araon;
  2. Daoine a athaontaíodh le dídeanaithe den sórt sin faoi alt 18 den Acht um Dhídeanaithe 1996;
  3. Daoine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois tráth an chlárúcháin;
  4. Céilí, baintreacha nó baintreacha fir saoránach Éireannach;
  5. Cleithiúnaithe náisiúnach de chuid an Aontais Eorpaigh a fhaigheann cead cónaithe faoi Threoir 38/04/CE.
  6. Páirtnéir sibhialta nó páirtnéir sibhialta marthanach saoránach Éireannach de réir bhrí an Achta um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010.

Conas a íocaim?

Tá dhá mhodh íocaíochta ann - le Gíoró Bainc nó le cárta creidmheasa/dochair.

Is féidir íocaíocht a dhéanamh trí fhoirm shonrach Gíoró Bainc atá ar fáil ag gach oifig chlárúcháin tráth an chlárúcháin, nó le cárta creidmheasa/dochair ag na stáisiúin líonraithe seo a leanas, lena n-áirítear:

  1. Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (GNIB), 13/14 Cé an Bhurcaigh, Baile Átha Cliath
  2. Stáisiún Gardaí, Sráid Anglesea, Corcaigh,
  3. Stáisiún Gardaí, Sráid an Mhuilinn, Gaillimh,
  4. Stáisiún Gardaí, Sráid Anraí, Luimneach,
  5. Stáisiún Garda, Athair Uí Chonghaile Bealach, Droichead Átha, Co. Lú.

Conas a oibríonn na modhanna íocaíochta seo?

Íocaíocht le Cárta Creidmheasa/Dochair ag stáisiúin líonraithe (agus iad siúd atá liostaithe thuas i gC. 4)

  • Tagann an náisiúnach neamh-LEE chuig an oifig chlárúcháin. Déanann an t-oifigeach clárúcháin sonraí clárúcháin a thaifeadadh agus seiceálann sé/sí na doiciméid.
  • Más cárta Slise agusUAP é an cárta creidmheasa/dochair, cuireann an náisiúnach neamh-LEE a chárta isteach sa ghléas UAP agus cuireann sé/sí isteach a uimhir UAP.
  • Mura ea, sleamhnaíonn an t-oifigeach clárúcháin an cárta tríd an léitheoir stiall mhaighnéadaigh.
  • Má údaraíonn an banc an t-idirbheart, priontáiltear deimhniú clárúcháin agus eisítear é don náisiúnach neamh-LEE. Má dhiúltaítear don idirbheart, eisítear foirm Gíoró Bainc don náisiúnach neamh-LEE ionas gur féidir leis/léi an táille a íoc sa bhanc.

Íocaíocht le Foirm Gíoró Bainc ag stáisiún líonraithe (liostaithe thuas i gC. 4)

  • Tagann an náisiúnach neamh-LEE chuig an oifig chlárúcháin. Déanann an t-oifigeach clárúcháin sonraí clárúcháin a thaifeadadh agus seiceálann sé/sí na doiciméid.
  • Priontálann an t-oifigeach clárúcháin fógra íocaíochta agus eisíonn sé/sí foirm gíoró bainc don náisiúnach neamh-LEE.
  • Ag úsáid na foirme gíoró bainc a cuireadh ar fáil, íocann an náisiúnach neamh-LEE an táille sa bhanc.
  • Filleann an náisiúnach neamh-LEE ar an oifig chlárúcháin chun a dheimhniú clárúcháin a bhailiú.

Íocaíocht le Foirm gíoró Bainc ag Oifig Chlárúcháin Neamh-Líonraithe

  • Tagann an náisiúnach neamh-LEE chuig an oifig chlárúcháin. Comhlánaíonn an t-oifigeach clárúcháin foirm GNIB2 agus seolann sé/sí chuig Cé an Bhurcaigh í.
  • Filleann an náisiúnach neamh-LEE ar an oifig chlárúcháin neamh-líonraithe chun an fógra íocaíochta agus an fhoirm Gíoró Bainc a bhailiú.
  • Ag úsáid na foirme Gíoró Bainc a cuireadh ar fáil, íocann an náisiúnach neamh-LEE an táille sa bhanc.
  • Má íoctar an táille ina hiomláine, priontáiltear deimhniú clárúcháin ar Ché an Bhurcaigh agus seoltar chuig an oifig chlárúcháin neamh-líonraithe é.
  • Filleann an náisiúnach neamh-LEE ar an oifig chlárúcháin chun a dheimhniú clárúcháin a bhailiú.

An féidir an táille chlárúcháin a íoc ar aon bhealach eile?

Ní féidir. Ní mór íocaíocht a dhéanamh le cárta creidmheasa/dochair nó le Gíoró Bainc ag aon cheann de na cúig oifig chlárúcháin líonraithe atá liostaithe thuas, nó le Gíoró Bainc ag aon cheann de na hoifigí cláraithe eile ar fud na tíre.

Cad a tharlóidh má chaillim mo fhoirm Gíoró Bainc?

Má chailleann tú do fhoirm Gíoró Bainc ba cheart duit filleadh ar d’oifigeach clárúcháin áitiúil agus gheobhaidh tú foirm nua. Níor cheart duit iarracht a dhéanamh faoin imthoisc ar bith an táille a íoc le haon fhoirm Gíoró Bainc seachas an fhoirm a d’eisigh oifigeach clárúcháin duit.

Cad iad na huaireanta oscailte atá ag an Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce, 13/14 Cé an Bhurcaigh, Baile Átha Cliath 2

Is iad seo a leanas uaireanta oscailte Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce, 13/14 Cé an Bhurcaigh, Baile Átha Cliath 2: 8.00am go 10.00pm ó Luan go Déardaoin, agus 8.00am go 4.00pm ar an Aoine.