Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Aonad um Fhaisnéis agus Bainistiú Ciontóirí Gnéis (SOMIU),

Bainistiú Ciontóirí Gnéis

Tá an Garda Síochána tiomanta do phobail agus do dhaoine aonair a chosaint ó na baoil agus ón díobháil a bhaineann le ciontóirí gnéis. Oibríonn an Garda Síochána, ar bhonn laethúil le gníomhaireachtaí eile a mbíonn ról acu i mbainistíocht ciontóirí gnéis sa phobal. Tá forbairt mhór tagtha ar thaithí agus ar   shaineolas an Gharda Síochána agus na ngníomhaireachtaí eile sa réimse seo.

 Tá freagracht iomlán sa tír seo ag an Aonad um Fhaisnéis agus Bainistiú Ciontóirí Gnéis (SOMIU), as monatóireacht agus bainistiú a dhéanamh ar chiontóirí gnéis atá faoi réir Chuid 2 den Acht um Chiontóirí Gnéis, 2001. Tá an tAonad lonnaithe i mBiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Sheirbhísí Cosanta, Cearnóg Fhearchair.

Baineann an tAcht um Chiontóirí Gnéis, 2001, le ciontóir atá ciontaithe, a gearradh pionóis air agus / nó a scaoileadh saor as príosún. Is féidir go mbaineann sé le ciontóirí a dtagann chun na tíre chun cónaí, chun obair nó ar cuairt, daoine a bhí faoi réir chlárúcháin ciontóirí gnéis ina dtír dhúchais.

Bíonn Garda nó Sáirsint idirchaidrimh sannta le ciontóirí a bhíonn faoi réir riachtanais an Achta um Chiontóirí Gnéis, 2001, agus déantar monatóireacht agus bainistiú orthu sa phobal.

Ceisteanna Coitianta-Bainistiú Ciontóirí Gnéis (Cliceáil anseo le teacht orthu)**LINK