Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cibearchoireachta

In 1991, bunaíodh Biúró Náisiúnta Cibearchoireachta an Gharda Síochána faoin ainm an tAonad Imscrúdaithe Cibearchoireachta,agus athbhunaíodh é mar Bhiúró Náisiúnta Cibearchoireachta an Gharda Síochána in 2017.  Is é atá sa Bhiúró ná aonad náisiúnta an Gharda Síochána, ar a bhfuil cúram maidir le hábhar ó ríomhairí a urghabhtar le linn imscrúduithe coiriúla a chur faoi imscrúdú dlí-eolaíochta. Áirítear leo sin dúnmharuithe, cibearchoireacht, ciapadh ar líne, ionsánna ar líne, ciontuithe mar gheall ar dhúshaothrú leanaí agus imscrúdú coiriúil ar bith ina n-urghabhtar ríomhairí nó ina bhféadfadh sonraí fianaiseacha a bheith iontu. Deanann an t-aonad seo imscrúduithe freisin ar choiriúlacht chibearspleách atá suntasach nó casta, e.g. ionsánna gréasáin, trasnaíochtaí sonraí agus ionsaithe ar shuíomhanna Gréasáin de chuid ranna Rialtais, institiúidí agus comhlachtaí corpraithe.

Is cuid den rannóg Oibríochtaí Speisialta an Gharda Síochána i gcoinne Coireachta é an Biúró, agus i measc na foirne atá ann, tá pearsanra sibhialta agus Gardaí ó gach grád suas go grád an Cheannfoirt Bleachtaireachta. Téann baill an aonaid faoi dhianoiliúint i réimse na ríomhaireachta fóiréinsí agus na n-imscrúduithe cibearchoireachta, agus tugann siad sainfhianaise i ngach cineál imscrúduithe agus ionchúiseamh sa chúirt. Chomh maith lena ról fóiréinseach agus imscrúdaitheach, tá feidhm idirchaidrimh ag Biúró Náisiúnta Cibearchoireachta an Gharda Síochána maidir le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí forfheidhmithe dlí comhpháirtíochta éagsúla.