Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Sheirbhísí Cosanta (GNPSB)

Victims Services hero image

Soláthraíonn Biúró an Gharda Síochána um Sheirbhísí Cosanta (GNPSB) comhairle, treoir agus cúnamh do Ghardaí a dhéanann an méid seo a leanas a imscrúdú: Imscrúdú ar Choireacht Ghnéasach; Imscrúdú ar Dhúshaothrú Leanaí ar Líne; Cosaint Leanaí; Idirghabháil agus Imscrúdú ar Fhoréigean Teaghlaigh; Imscrúdú ar Gháinneáil ar Dhaoine; Imscrúdú ar Striapachas Eagraithe; Agallóireacht Speisialaithe; Daoine ar Iarraidh; agus Tacaíocht d’Íospartaigh na Coireachta.

Déanann an Biúró an t-imscrúdú a stiúradh i gcásanna níos casta. Déanann an Biúró idirchaidreamh, chomh maith, leis na Ranna Rialtais, Comhlachtaí Stáit agus grúpaí deonacha ábhartha, agus cothaíonn sé an cur chuige ilghníomhaireachta i leith na gcoireanna seo agus a gcúiseanna a chomhrac. Is iad na príomhrudaí ar a mbreithnítear sna cásanna seo cosaint agus leas na n-íospartach, agus a chinntiú go ndéantar imscrúdú ceart ar na gníomhaíochtaí a líomhnaítear.