Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

An Biúró Teicniúil

Highly skilled teams from the Technical Bureau investigate major and complicated crime scenes throughout the State

Tá Ard-Cheannfort Bleachtaireachta i gceannas ar an mBiúró Teicniúil a dhéanann tuairisciú don Choimisinéir Cúnta, Coireacht Eagraithe Thromchúiseach. Tá foireann 130 Comhalta Garda agus pearsanra sibhialtach ag an mBiúró.

Saineolaithe atá i bhfoirne an Bhiúró sa ghrianghrafadóireacht, bailistíocht, mearloirg agus léarscáiliú. Trí úsáid a bhaint as ardtrealamh agus ardteicnící chun fianaise a aisghabháil agus a anailísiú, déanann na foirne ardoilte seo imscrúdú ar láithreacha móra agus casta coireanna ar fud an Stáit.

Tá dhá bhealach ann chun dul ag oibriú leis an mBiúró Teicniúil:

  • Poist do Ghardaí: Déantar earcaíocht ó chéimeanna an Gharda Síochána.
  • Poist do Shaineolaithe Sibhialtacha: Fógraíonn an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí poist do shaineolaithe sibhialtacha agus déanann an Stiúrthóireacht Acmhainní Daonna Shibhialtach bainistiú ar na poist seo.

I ndiaidh 5 bliana a chaitheamh i mbun oiliúna agus foghlaim ó thaithí sna rannóga éagsúla sa Bhiúró, is gnách go mbainfidh comhalta an Bhiúró stádas saineolaí amach. I rith na 5 bliana a chaitheann siad i mbun oiliúna, freastalaíonn comhaltaí ar chúrsaí ábhartha ina réimsí eolaíochta faoi seach in Éirinn agus thar lear araon. A luaithe a dhéantar saineolaithe de na comhaltaí, féadfaidh siad tabhairt faoi Chúrsa Dioplóma 2 bhliain in Imscrúdú Láithreacha Coireanna.

tech bureau camera