Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Measúnú agus Bainistíocht Riosca Ciontóirí Gnéis - SORAM

Measúnú agus Bainistíocht Riosca Ciontóirí Gnéis (SORAM)

Tacaíonn Measúnú agus Bainistíocht Riosca Ciontóirí Gnéis (SORAM) le comhoibriú agus comhordú níos fearr a chothú idir eagraíochtaí reachtúla tábhachtacha a bhíonn ag bainistiú rioscaí don phobal ó chiontóirí gnéis ciontaithe, agus i leas leanaí a chosaint.

Baineann SORAM le ciontóirí gnéis atá faoi réir Chuid 2 den Acht um Chiontóirí Gnéis, 2001, agus faoi mhaoirseacht na Seirbhíse Promhaidh agus oibrítear é ag leibhéal Áitiúil agus ag leibhéal Náisiúnta.

Tá ionadaithe ó na grúpaí seo a leanas ar ghrúpa stiúrtha SORAM:

An Garda Síochana, An tSeirbhís Promhaidh, An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (TUSLA), HSE (Cosc), Seirbhís Príosún na hÉireann, agus Tithíocht Údaráis Áitiúil. Tá ionadaithe ón nGarda Síochána, ón tSeirbhís Promhaidh, ón nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (TUSLA) agus ó Thithíocht Údaráis Áitiúil, ar an bhfoireann áitiúil.

Tá na 28 Foireann Áitiúla SORAM freagrach as cosaint an phobail trí bhainistíocht riosca a bhaineann le ciontóirí gnéis a bhfuil cónaí orthu sa phobal. Faigheann Foirne Áitiúla SORAM tacaíocht ina gcuid oibre ó Oifig Náisiunta SORAM. Is Oifig ilghníomhaireachta í a bhfuil na gníomhaireachtaí céanna inti is atá sna foirne áitiúla.

Ceisteanna Coitianta- Bainistiú Ciontóirí Gnéis (Cliceáil anseo)