Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cad is Ordú Urchoisc

Ordú Urchoisc

Alt 3, an tAcht um Fhoréigean Baile, 1996, arna leasú

Féadfaidh na daoine seo a leanas Ordú Urchoisc a fháil:

  1. céile nó páirtnéir sibhialta an chiontóra (áirítear leis seo daoine a rinneadh a cholscaradh, de réir an Achta um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh), 1996), nó:
  2. aon duine a chónaigh leis an gciontóir i gcaidreamh dlúth agus dúthrachtach ar feadh 6 mhí, ar a laghad, leis an tréimhse 9 mí anuas díreach sula ndearnadh an t-iarratas ar an Ordú Urchoisc, nó;
  3. tuismitheoir an chiontóra (atá in aois iomlán agus nach cleithiúnaí an tuismitheora é/í), nó;
  4. faoi chúinsí sonracha bíonn cumhachtaí ag Túsla faoi Alt 6 den Acht um Fhoréigean Baile, 1006 chun iarratas a dhéanamh ar Ordú Urchoisc thar ceann ‘duine éagóirithe’ a fhéadfaidh bheith ina d(h)uine fásta nó cleithiúnach.

Ordaíonn Ordú Urchoisc an freagróir chun fágáil agus gan an teach a iontráil agus cuireann sé toirmeasc ar an méid seo a leanas:

  • foréigean a úsáid, nó bagairtí chun foréigean a úsáid i gcoinne an iarratasóra / an chleithiúnaí, nó;
  • cur isteach ar nó eagla a chur ar an iarratasóir / an cleithiúnaí, nó;
  • faire ar / cur isteach ar áit chónaithe an iarratasóra/an chleithiúnaí.

Féadfaidh an Chúirt na heisceachtaí siúd nó na coinníollacha breise siúd a leagan ar an Ordú, de réir mar a mheasann sí is cuí.

Féadfaidh an tOrdú fanacht i bhfeidhm ar feadh a fhad le 3 bliana i ndiaidh go ndéantar é agus féadtar é a athnuachan.