Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cad is Ordú Cosanta ann?

Ordú Cosanta

Alt 5, an tAcht um Fhoréigean Baile, 1996, arna leasú

Nuair a rinneadh iarratas ar Ordú Urchoisc nó ar Ordú Sábháilteachta, féadfaidh an Chúirt Ordú Cosanta a dhéanamh, a chuireann sábháilteacht ar fáil ar bhonn sealadach don iarratasóir (nó do chleithiúnaí) trí urchosc a chur ar an bhfreagróir ón méid seo a leanas a dhéanamh:

  • foréigean a úsáid, nó bagairtí chun foréigean a úsáid i gcoinne an iarratasóra / an chleithiúnaí, nó;
  • cur isteach ar nó eagla a chur ar an iarratasóir / an cleithiúnaí.

Má tá cónaí ar an bhfreagróir in áit eile, cuireann an tOrdú cosc ar an bhfreagróir ó fhaire ar nó cur isteach ar theach an iarratasóra/an chleithiúnaí. Féadfaidh an Chúirt na heisceachtaí siúd nó na coinníollacha breise siúd a leagan ar an Ordú, de réir mar a mheasann sí is cuí.

Éagann Ordú Cosanta nuair a dhéanann an Chúirt cinneadh ar an iarratas don Ordú Urchoisc nó don Ordú Sábháilteachta.

Féadtar Ordú Cosanta a dhéanamh ar bhonn ex parte.