Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Aonad Idirchaidrimh Oidhreacht na dTrioblóidí

Aonad Idirchaidrimh Oidhreacht na dTrioblóidí Bunaithe

Tá Aonad nua Idirchaidrimh Oidhreacht na dTrioblóidí bunaithe laistigh d’An Garda Síochána.

Eascraíonn an tAonad seo as an gCreat Comhpháirteach maidir le hOidhreacht na dTrioblóidí, a fógraíodh an 19 Meán Fómhair 2025 ag an Tánaiste agus ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Simon Harris, agus ag Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann, Hilary Benn.

Feidhmíonn an tAonad Idirchaidrimh Oidhreacht na dTrioblóidí mar phointe teagmhála aonair le haghaidh comhar oibríochtúil leis na húdaráis sa Ríocht Aontaithe, faoin gCreat Comhpháirteach, i gcásanna a bhaineann leis na Trioblóidí.

Is é an tAonad freisin an príomhphointe teagmhála agus comhordaithe do íospartaigh agus do theaghlaigh maidir le himscrúduithe a bhaineann leis na Trioblóidí a dhéanann An Garda Síochána.

Déanfaidh an tAonad a dhícheall ceisteanna a fhreagairt a d’fhéadfadh a bheith ag íospartaigh nó ag baill teaghlaigh maidir le himscrúduithe a bhaineann leis na Trioblóidí a dhéanann An Garda Síochána. Más féidir, féadfar tuarascáil teaghlaigh a chur ar fáil don teaghlach.

Déanfaidh an tAonad Idirchaidrimh Oidhreacht na dTrioblóidí teagmháil le himscrúdaitheoirí ar leibhéal rannáin ar fud na tíre maidir le himscrúduithe a bhaineann leis na Trioblóidí a dhéanann An Garda Síochána.

Tá an tAonad lonnaithe i dTeach Walter Scott ar Bhóthar an Mhíleata, Baile Átha Cliath 8. Tá Príomhfheidhmeannach Bleachtaireachta i gceannas air, a thuairiscíonn don Choimisinéir Cúnta, Seirbhís Faisnéise Coireachta agus Slándála an Gharda Síochána.

Más mian leat teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Idirchaidrimh Oidhreacht na dTrioblóidí, féach na sonraí teagmhála thíos:

If you would like to get in touch with the Troubles Legacy Liaison Unit please find contact details below:

  • Guthán: 01 - 6661322 (tiomnaithe do ghlaonna ón bpobal, le saoráid glórphoist)
  • Ríomhphost:  Troubleslegacyliaisonunit@garda.ie
  • Seoladh: Aonad Idirchaidrimh Oidhreacht na dTrioblóidí, Urlár 1, Walter Scott House, Bóthar an Míleata, Baile Átha Cliath 8, D08 HE2P