Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

An Ciste Slándála Inmheánaí (ISF)

Bilingual_Logo___27_April_21

Cistí um Gnóthaí Baile na hEorpa

Is í Ard-Stiúrthóireacht um Imirce agus Gnóthaí Baile a bhainistíonn Cistí um Gnóthaí Baile na hEorpa. Cuireann Cistí um Gnóthaí Baile na hEorpa le bainistiú éifeachtúil na himirce agus le hardleibhéal slándála laistigh den Aontas Eorpach, chomh maith le tacú le bainistiú comhtháite teorainneacha agus leis an gcomhbheartas víosaí.

Tá trí Chiste sna Cistí um Gnóthaí Baile na hEorpa do chlárthréimhse 2021-2027:

  • An Ciste um Thearmann agus Imirce (AMF);
  • An Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha – An Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (BMVI); agus
  • An Ciste Slándála Inmheánaí (ISF).

Déantar formhór an chistithe a dháileadh trí bhainistíocht chomhroinnte, rud a chiallaíonn go bhformheasann an Coimisiún Eorpach cláir náisiúnta ilbhliantúla á ndearadh agus á ndéanamh ag tíortha aonair AE. Déanann an Coimisiún na cistí atá fágtha a bhainistiú go díreach tríd an tSaoráid Théamach um chúnamh éigeandála nó trí ghníomhaíochtaí sonracha de chuid an Aontais. Tagann an clárthréimhse reatha seacht mbliana, 2021-2027, i gcomharbacht ar chlárthréimhse 2014-2020.

An Ciste Slándála Inmheánaí

Ciste Struchtúrach Eorpach is ea an ISF a bhunaigh an tAontas Eorpach in 2014 chun tacú le Ballstáit an AE i réimsí a bhaineann le slándáil. Is é aidhm an ISF ná cur le hardleibhéal slándála san Aontas Eorpach.

Is é an Garda Síochána an tÚdarás Bainistíochta don ISF in Éirinn. Is é an Garda Síochána Údarás Bainistíochta Chláir Náisiúnta ISF 2014-2020 & 2021-2027. D'ainmnigh an Roinn Dlí agus Cirt ról an Údaráis Bainistíochta don Gharda Síochána in 2017. Tá an Garda Síochána, mar Údarás Bainistíochta, freagrach as monatóireacht agus maoirseacht a dhéanamh ar na hoibríochtaí a dtacaíonn an Ciste leo.

Chuir an Garda Síochána Clár Náisiúnta isteach do chlárthréimhse 2021-2027 a d'fhaomh an Coimisiún Eorpach go foirmiúil i mí na Samhna 2022. 

An Ciste Slándála Inmheánaí 2014-2020

Bilingual_Logo___27_April_21

An Ciste Slándála Inmheánaí 2014-2020

Cuireadh an Ciste Slándála Inmheánaí (“ISF”), Ciste Struchtúrach Eorpach, ar bun don tréimhse 2014-2020, le buiséad iomlán de €4.2 billiún do na seacht mbliana. Chuir an Ciste cur chun feidhme na Straitéise Slándála Inmheánaí, comhar um fhorfheidhmiú an dlí agus bainistiú theorainneacha seachtracha an Aontais chun cinn. Maidir leis an gclárthréimhse 2014-2020, tá dhá ionstraim airgeadais i gceist leis an ISF, Teorainneacha agus Víosa ISF, agus ISF Póilíní. Ní raibh baint ag Éirinn ach leis an ngné ‘ISF Póilíní'. Don chlárthréimhse 2014-2020, bhí c.€1.21 billiún ar fáil le haghaidh gníomhartha maoinithe faoin ionstraim ‘ISF Póilíní'.

Príomhchuspóirí:2014-2020 An Clár Náisiúnta  Cuireann comhpháirt ISF Póilíní den ISF le hardleibhéal slándála a chinntiú san Aontas Eorpach. Laistigh den chuspóir ginearálta sin, dhírigh gníomhaíochtaí an Chiste ar dhá chuspóir shonracha a bhaint amach:

  • An comhrac in aghaidh na coireachta:  An choireacht trasteorann, thromchúiseach agus eagraithe a chomhrac, lena n-áirítear an sceimhlitheoireacht, agus an comhordú agus an comhar idir údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis náisiúnta eile de chuid Stáit AE a threisiú, lena n-áirítear le EUROPOL agus le comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, agus le heagraíochtaí ábhartha neamh-AE agus idirnáisiúnta.
  • Riosca agus géarchéim a bhainistiú:  Trí fheabhas a chur ar chumas Stáit an Aontais Eorpaigh agus an Aontais riosca agus géarchéim a bhaineann leis an tslándáil a bhainistiú go héifeachtach, agus ullmhú chun daoine agus bonneagar criticiúil a chosaint ar ionsaithe sceimhlitheoireachta agus ar chomhpháirt teagmhas eile a bhaineann leis an tslándáil den ISF, cuirtear le hardleibhéal slándála a áirithiú san Aontas.

Go dtí seo, tá éirithe go maith leis an ISF. Ar an iomlán, fuair Éire (€10.5m) mar chuid den leithdháileadh. D'ainmnigh an AE an tÚdarás Freagrach (“RA”) den leithdháileadh seo don Roinn Dlí agus Cirt (“DOJ”) a chuir ainmniú iomlán ar fáil ansin d'Airgeadas an Gharda Síochána.

An Ciste Slándála Inmheánaí 2021-2027

Is iad an dá phríomhphíosa reachtaíochta Eorpaí do chlárthréimhse 2021-2027 ná Rialachán (AE) 2021/1060, “Rialachán na bhForálacha Coiteanna” (“RFC”), agus Rialachán (AE) 2021/1149 .

Cinnteofar ardleibhéal slándála san Aontas mar gheall ar thionchar Chlárthréimhse ISF 2021-2027, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • An sceimhlitheoireacht agus an radacú, an choireacht thromchúiseach agus eagraithe, agus an chibearchoireacht a chosc agus a chomhrac;
  • Cabhrú le híospartaigh na coireachta agus iad a chosaint; agus
  • Ullmhú le haghaidh teagmhais, rioscaí agus géarchéimeanna a bhaineann leis an tslándáil, cosaint ina éadan agus a iad bhainistiú go héifeachtach.

Cén cineál gníomhaíochtaí atá incháilithe faoin gCiste Slándála Inmheánaí?

Féadfaidh ISF deontais a sholáthar le haghaidh gníomhaíochtaí, lena n-áirítear an méid a leanas:

  • Córais faisnéise náisiúnta agus ar fud an Aontais a fhorbairt.
  • Modhanna aisghabhála agus malartaithe faisnéise a fheabhsú.
  • Oibríochtaí comhpháirteacha idir údaráis trasteorann agus údaráis náisiúnta.
  • Oiliúint, Faisnéis agus fáil trealaimh agus tacaíocht a thabhairt i bhforbairt teicneolaíochtaí agus próisis nua.

D'fhéadfadh sé a bheith d'aidhm ag gníomhaíochtaí sonracha a dhéantar le tacaíocht ó mhaoiniú ISF aghaidh a thabhairt ar phríomhbhagairtí slándála, go háirithe an choireacht thromchúiseach agus eagraithe, an sceimhlitheoireacht, an radacú, an chibearchoireacht, an t-éilliú, an sciúradh airgid, an gháinneáil ar dhrugaí agus an gháinneáil ar dhaoine, agus cúnamh a thabhairt d'íospartaigh na coireachta agus iad a chosaint.


Cé atá incháilithe do Chistiú ISF?

Tá maoiniú ar fáil d'údaráis, d'eagraíochtaí agus do pháirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear eagraíochtaí oideachais, a bhaineann le cur i bhfeidhm Chlár Náisiúnta 2021-2027.


Déan iarratas ar mhaoiniú anois

Tá gairm 2025 ar thograí, atá  mionsonraithe anseo,  dúnta anois.

Tá iarratais á lorg ag an nGarda Síochána anois ar chistiú faoin gclár Ciste Slándála Inmheánaí (ISF) 2021 – 2027. 

Cuireadh síneadh leis an spriocdháta d'iarratais ón 10 Iúil 2026 go dtí an 24 Iúil 2026

Chun tuilleadh eolais a fháil cliceáil anseo.


Gairmeacha Téamacha agus Gairmeach AE ar Thograí

Deiseanna cistithe is ea Gairmeach Téamacha agus Gairmeacha  AE ar Thograí a eisíonn institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh. Is ranníocaíochtaí airgeadais díreacha iad seo, ar a dtugtar deontais, a bhronnann an AE. Chun tuilleadh eolais a fháil féach Tairseach Cistithe & Tairiscintí an AE.

Rialuithe agus rialachas

Tá Clár Náisiúnta 2021-2027 faoi réir rialuithe agus ceanglais rialachais éagsúla, mar a leagtar amach i bhforálacha éagsúla den RFC agus de Rialachán (AE) 2021/1149. Tugtar breac-chuntas ar achoimre ar na riachtanais seo mar seo a leanas:

Coiste Monatóireachta

Ceanglaítear ar Údaráis Bhainistíochta le Coiste Monatóireachta cláir a bhunú don ISF. Ceanglaítear ar an gCoiste Monatóireachta scrúdú a dhéanamh ar ábhair éagsúla, mar shampla dul chun cinn i gcur i bhfeidhm an chláir, saincheisteanna i bhfeidhmíocht agus garspriocanna/spriocanna a bhaint amach. Ina theannta sin, cuireann an Coiste Monatóireachta faomhadh deiridh ar fáil maidir le tograí tionscadail. Tá an Coiste Monatóireachta á rialú ag a Rialacha Nós Imeachta féin, a forbraíodh i gcomhréir le Rialachán an AE.

An Coiste Meastóireachta

D'fhonn cloí le ceanglais rian iniúchta agus doiciméadachta a bhaineann le roghnú tionscadail, tá Coiste Meastóireachta bunaithe ag an Údarás Bainistíochta Ciste Slándála Inmheánaí. Cuireann an Coiste Meastóireachta critéir roghnúcháin i bhfeidhm ar thionscadail bheartaithe agus ar deireadh thiar cuireann sé a thorthaí faoi bhráid an Choiste Monatóireachta lena gcinneadh deiridh a fháil. Tá an Coiste Meastóireachta á rialú ag a Rialacha Nós Imeachta féin.

Teagmhálaithe

Ba cheart gach comhfhreagras maidir leis an ISF a sheoladh chuig bosca poist na rannóige ISF: ISF@garda.ie.

Gearáin

Is féidir gearáin maidir le hoibriú an Chiste Slándála Inmheánaí in Éirinn a dhéanamh le  isf@garda.ie. Luaigh go soiléir go bhfuil gearán á dhéanamh agus cuir an fhaisnéis seo a leanas san áireamh;

  • D'ainm agus do shonraí teagmhála féin (Féadfar srian a chur ar an Údarás Bainistíochta maidir le gearáin gan ainm a imscrúdú sa mhéid nach féidir leis aon fhaisnéis bhreise riachtanach a lorg ón ngearánach).
  • Sonraí an teagmhais a bhfuil gearán á dhéanamh agat ina leith.
  • Sonraí faoi dháta(í), am(anna), suíomh(anna) an teagmhais.

Féadfar cóip anaithnid de do ghearán a chur ar fáil don aonad agus/nó don bhall foirne/na bhaill foirne atá faoi réir an ghearáin mar chuid den phróiseas imscrúdaithe gearán. Faoi réir an dlí cosanta sonraí is infheidhme, is féidir faisnéis a bhailíonn an Garda Síochána, ina ról mar Údarás Bainistíochta, a thabhairt freisin do rannáin eile laistigh den Gharda Síochána agus do thríú páirtithe amhail an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí lena húsáid in imeachtaí coiriúla nó sibhialta eile.

An Ciste Slándála Inmheánaí 2028-2034

Tosaíonn an chéad chlárthréimhse eile ar an 1 Eanáir 2028. Déanfar sonraí faoin gclár agus faoi dheiseanna cistithe a chur ar fáil in am trátha.