Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Human Trafficking Investigation and Co-ordination Unit

  • Oibríonn an tAonad um Imscrúdú agus um Chomhordú ar Gháinneáil ar Dhaoine (HTICU) chun troid i gcoinne gháinneáil ar dhaoine. Téann an tAonad i gcomhairle fadréimseach le roinnt gníomhaireachtaí, lena n-áirítear, lucht Custaim, Gníomhaireachtaí Stáit, leithéidí, an tAonad um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc (AHTU), Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE),  an tÚdarás Náisiúnta Cearta Fostaíochta

(NERA) agus Eagraíochtaí Neamhrialtasacha mar shampla Ruhama, Ionad Chearta na nImirceach in Éirinn (MRCI), An Chomhairle um Imircigh in Éirinn (ICI), An Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM) agus Doras Liumni. Cuimsíonn ról an aonaid na rudaí seo a leanas:

  • Freagracht náisiúnta a ghlacadh as forbairt pholasaí, as comhordú agus cur i bhfeidhm modhanna póilíneachta agus as fiosrúcháin laistigh den aonad agus sna rannóga ar fud na tíre, a bhainistiú, agus a chomhordú.
  • Comhairle agus tacaíocht a chur ar fáil agus cabhair oibríochtúil a thabhairt d’fhiosrúcháin a ndéantar ag leibhéal Ceantair, más gá.
  • Bheith ag obair i gcomhpháirt le hOibríocht Quest maidir le fiosrúcháin i leith gháinneáil ar dhaoine, a dhéantar le haghaidh dúshaothrú gnéasach.
  • Oiliúint agus feasacht a chur ar fáil don Gharda Síochána faoi gach gné a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine.