Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Rannóg Méarlóirg

The Fingerprint Section is the biggest section in the Bureau.

Fingerprints

Is í an Rannán Méarlorg an rannán is mó sa Bhiúró Teicniúil. Tá foireann 46 ann, ina bhfuil Cigire, 9 Sáirsint, 30 Garda agus 6 shibhialtach san áireamh.

Déanann an Rannán na tascanna seo a leanas:

  • Scrúdúchán ar mhéarloirg a ghlactar ó láithreacha coireanna
  • Bunachar méarloirg agus bosloirg a choimeád
  • Fianaise i leith méarloirg a sholáthar ag trialacha coiriúla agus i gCúirt an Chróinéara
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar chásanna a gcuirtear isteach ó Scrúdaitheoirí Láithreáin Coireanna an Rannáin
  • Ionchódú, próiseáil agus cuardach a dhéanamh ar mhéarloirg agus ar bhosloirg
  •  Scrúdúchán ceimiceach a dhéanamh ar thaispeántais a gcuirtear isteach ó láithreáin coireanna
  • Oiliúint ar mhéarloirg a chur ar fáil do phearsanra an Gharda Síochána, agus d’Oifigigh Airm agus d’Oifigigh Príosúin.

 

Dul chun cinn i dTeicneolaíocht Méarloirg

Tháinig Córas Faisnéise Bithmhéadrach PRINTRAK i bhfeidhm ar 22 Deireadh Fómhair 2007, córas úr. Tháinig an córas seo i ndiaidh an Uathchóras Aithinte ó Mhéarloirg (AFIS) 2000. Tá an córas úr á chur i bhfeidhm thar ceithre chéim:

Céim 1: Córas nua a chur in ionad AFIS 2000 agus uasghrádú a dhéanamh ar na 3 scanóirí méarloirg (Livescans) (meaisíní a ghlacann méarloirg gan dúch agus a sheolann iad go leictreonach) i bPríosún Mountjoy, i Stáisiún Garda Bridewell i gCorcaigh agus i Stáisiúin na nGardaí i Sráid Stóir i mBaile Átha Cliath. Cuimsíonn an córas úr comhéadan ina bhfuil cur isteach leictreonach ar mhéarloirg ó Oifig an Choimisinéara Iarratais do Dhídeanaithe.

Céim 2: Comhtháthú a dhéanamh idir AFIS agus Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce agus Acmhainn Imlonnaithe Móibíleach AFIS.

Céim 3: Comhtháthú a dhéanamh idir AFIS agus PULSE (an bunachar a úsáideann an Garda Síochána).

Céim 4: Comhtháthú a dhéanamh idir AFIS agus Interpol, Europol agus Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann. Tá obair ag dul ar aghaidh de réir sceidil.