Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Seirbhísí Grianghrafadóireachta agus Léarscáilithe

Photographer 1

  • Cuireann an Rannán Grianghrafadóireachta na rudaí seo a leanas ar fáil:

    Taifead grianghrafadóireachta de láithreacha coire agus fianaise ábhartha
    Grianghrafadóireacht ghortuithe íospartaigh i gcás ionsaí agus díobháil choirp
    Sainghrianghrafadóireacht méarlorg agus lorg coise
    Taispeántais Ghrianghrafadóireachta chúirt agus albaim  
    Grianghrafadóireacht Iarbháis d’Oifig an Chróinéara
    Aer-ghrianghrafadóireacht de radhairc, lena n-áirítear radhairc de thimpistí tráchta
    Grianghrafadóireacht airm, drugaí agus earraí goidte, le haghaidh taispeántais 

Photographer 2

Léarscáilíocht

Tá foireann de 12 sa Rannán Léarscáilíochta, lena n-áirítear ochtar Garda agus Sáirsint, beirt Chairteoir shibhialtacha, Teicneoir Córais Faisnéise Geografacha ar shibhialtach é, chomh maith le Riarthóir Sibhialtach. Baineann an chuid is mó de

obair sa Rannán Léarscáilíochta le cásanna coiriúla.

Cuireann an Rannán Léarscáilíochta na tascanna seo a leanas i gcrích:

Suirbhéireacht a dhéanamh ar láithreacha coire agus líníochtaí agus léarscáileanna de réir scála a ullmhú chun críche fiosrúcháin agus le haghaidh fóraim áirithe dlíthiúla
Léarscáileanna riaracháin a chur ar fáil le haghaidh cuspóirí oibríochtúla
Léarscáileanna slándála a chur ar fáil agus seirbhísí ábhartha do mhórimeachtaí agus cuairteanna VIP

 

Photographer 3