Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Doiciméid agus lámhscríbhneoireacht

Bunaíodh an Rannóg um Scrúdaithe Doiciméid agus Lámhscríbhneoireachta mar chuid den Bhiúró Teicniúil chun dul i ngleic leis an líon mór doiciméid bhréige i gcúrsaíocht in Éirinn. Úsáidtear na doiciméid seo mar chuid de ghníomhaíochtaí coireachta, ar uaireanta.

Réimse na ndoiciméad a scrúdaítear

Pasanna, Cártaí Aitheantais, Teastais Bhreithe, Teastais Phósta, Ceadúnais Tiomána, Deimhnithe Ceadúnaithe Feithicle, Dioscaí Árachais, Dioscaí Cánach, Dioscaí TNG, Airgeadra, Seiceanna, Orduithe Airgid, Litreacha, Foirmeacha.

Scrúduithe a ndéantar sa rannán:

Scrúdú agus comparáid lámhscríbhneoireachta chun údarthacht a dheimhniú
Scrúdú ar shínithe chun cinntiú gur síniú fíor atá ann
Scrúdú ar dhoiciméid le heangaíocht a aimsiú trí ghléasra leictreastatach a úsáid (ESDA)
Scrúdú ar dhoiciméid lena chinntiú an ndearnadh iad a athrú, an ndearnadh breiseanna a chur leo nó an ndearnadh iad a scrios
Scrúdú ar dúch- idirdhealú ar dhá chineál dúch ar dhoiciméid
 

Scrúdú ar dhoiciméid a bhfuil damáiste déanta dóibh trí thine, trí cheimiceáin, trí uisce nó trí stialladh
Scrúdú ar dhoiciméid le cinntiú an bhfuil siad fíor nó bréige
Scrúdú ar ghléasra oifige chun an gléas priontáilte a úsáideadh i bpriontáil doiciméad atá á cheistiú , a aimsiú
Scrúdú ar dhoiciméid phriontáilte agus iarracht a dhéanamh  an modh inár cruthaíodh iad, a dheimhniú
Scrúdú ar stampaí dúigh agus ar imprisin dúigh

Gnás Iarchúraim

A luaithe is a dhéanann an rannán scrúdú ar dhoiciméad agus nuair a dheimhníonn siad an bhfuil athrú déanta air nó an bhfuil sé bréige, tabharfaidh saineolaí ón rannán fianaise i gcás imscrúduithe coiriúla sa chúirt.