Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Charles Brooke Pickard

Charles Brooke Pickard

Ainm: Charles Brooke Pickard

Dáta Breithe: 1949

Cúinsí: Chonacthas Charles Brooke Pickard faoi dheireadh go gairid roimh mheán lae an 26 Aibreán 1991 ag an Siopa Dubh, Co. Chiarraí, d’aois 42 bliain, ina veain ghorm Ford Transit le clárúchán Sasanach. Bhí sé ina chónaí gar don cheantar.

Sonraí Achoimre na Coireachta: Fuarthas a veain an 16 Bealtaine 1991 i gceantar foraoisithe i gceantar Shrón an Locháin, amach ón mBóthar idir Baile an Choireáin agus Gleann Chárthaigh, beagnach 20km ó Bhaile an Choireáin. Ní bhfuarthas corp Charles Brooke Pickard riamh.

Iarratas ar Chúnamh: An féidir leat cabhrú leis na Gardaí chun an choireacht seo a fhuascailt? Má tá aon eolas agat déan teagmháil leis seo a leanas nó seol ríomhphost chuig an nasc thíos. Caithfear le haon eolas a fhaightear leis an rúndacht is doichte. 

Ríomhphost: NBCI.SCRT@garda.ie

Líne Rúnda an Gharda: 1800 666 111

Crimestoppers: 1800 250 025

Oifig na Foirne um Athbhreithniú ar Thromchoireacht: 01 6663444