Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Imeaglú a Bhaineann le Drugaí

Cad is Imeaglú a Bhaineann le Drugaí?   

Tarlaíonn Imeaglú a Bhaineann le Drugaí nuair a dhéanann coirpeach nó coirpigh líomhain go bhfuil suim airgid ag dul dóibh mar gheall ar fhiach drugaí.  D’fhéadfaí imeaglú nó bagairt ar imeaglú a dhéanamh ar dhaoine aonair nó ar bhaill eile den teaghlach.  Is iomaí bealach ann le himeaglú a dhéanamh ar dhuine lena n-áirítear bagairtí, bagairtí ar fhoréigean fisiceach, foréigean fisiceach, damáiste do mhaoin, cineálacha éagsúla foréigin.  Bíonn teaghlaigh agus a ndaoine muinteartha thíos leis an imeaglú as sin amach.

Má tá tusa nó duine éigin a bhfuil aithne agat air ag fulaingt ó imeaglú de bharr drugaí, tá cabhair agus tacaíocht ar fáil. Tugann an Clár Tuairiscithe ar Imeaglú a bhaineann le Drugaí freagra ar na riachtanais a bhíonn ag daoine agus ag baill theaghlaigh a bhíonn ag fulaingt ó imeaglú a bhaineann le drugaí. 

Cad é an Clár Tuairiscithe ar Imeaglú a Bhaineann le Drugaí?

Bhunaigh Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe agus an Líonra Náisiúnta Tacaíochta Teaghlaigh an clár seo. Is é aidhm an chláir freagra a thabhairt ar na riachtanais a bhíonn ag daoine agus ag baill theaghlaigh a bhíonn ag fulaingt ó imeaglú a bhaineann le drugaí.  Tá Cigire Garda ainmnithe i ngach Rannán de chuid an Gharda Síochána chun freagairt don tsaincheist a bhaineann le himeaglú de bharr drugaí.  Is féidir le daoine aonair agus le baill theaghlaigh atá ag fulaingt ó imeaglú dul i dteagmháil leis an gCigire áitiúil trína Stáisiún Gardaí áitiúil le haghaidh cruinniú neamhfhoirmiúil nó foirmiúil.

Cá bhfaighidh mé cabhair?

Déarfaidh An Garda Síochána leat is cuma cibé an bhfuil na fiachais sin íoctha ag teaghlach nó duine muinteartha leat nó nach bhfuil, nár chóir go gcuirfeadh sé sin cosc ort cabhair, comhairle agus tacaíocht an Gharda Síochána a lorg. 

Nuair a bheidh an Garda Síochána ag déileáil le haon ghearán a bhaineann le himeaglú de bharr drugaí nó le comhairle a lorgaítear maidir leis an gceist, déanfaidh siad é sin ar na bealaí is sábháilte agus is éifeachtaí chun an leibhéal slándála, comhairle agus tacaíochta is fearr a chur ar fáil don duine nó don teaghlach a bheidh faoi bhagairt.  Níos tábhachtaí ná sin, déileálfaidh an Garda Síochána leis an gceist ar bhealach rúnda agus beidh slándáil an íospartaigh agus cearta an duine chun tosaigh. 

Cén chabhair is féidir leis na Gardaí a thairiscint dom má táim ag fulaingt ó imeaglú?

        • Rúndacht
        • Faisnéis maidir le sábháilteacht phraiticiúil
        • Comhairle a thabhairt maidir leis na bagairtí ar leith nó eachtraí inar tharla imeaglú
        • Faisnéis ar sheirbhísí tacaíochta drugaí iomchuí don duine aonair sa teaghlach a bhfuil fiachais drugaí aige nó aici
        • Tabharfar cuntas ar conas gearán foirmiúil a dhéanamh, cad atá i gceist, cad a tharlaíonn ina dhiaidh sin agus na torthaí a d’fhéadfadh a bheith ann. Is faoin duine a bhfuil imeaglú á dhéanamh air cinneadh a dhéanamh maidir le gearán foirmiúil a dhéanamh.

        • Chun dul i dteagmháil le do Chigire ainmnithe cliceáil anseo

here

Chun dul i dteagmháil leis an Líonra Náisiúnta Tacaíochta Teaghlaigh: +353 (01) 898 0148