Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (GNDOCB)

Bunaíodh Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe an 9 Márta 2015, agus tá sé faoi smacht fheidhmiúcháin Choimisinéir Coireacht Eagraithe Thromchúiseach i gcoinne Coireachta i ndiaidh chónascadh Aonad Náisiúnta Drugaí an Gharda Síochána agus an Aonaid um Choireacht Eagraithe (GNDOCB).

Is é ról GNDOCB cur isteach ar dhaoine, iad a stopadh agus a ionchúiseamh go forghníomhach, trí imscrúduithe bunaithe ar fhaisnéis, a bhíonn rannpháirteach i ngrúpaí coireachta eagraithe ag an mbarr ar fad, agus a bhíonn ag gabháil go príomha do dhúnmharú, do gháinneáil drugaí/armlón, robálacha armtha agus sciúradh airgid ghaolmhar.

Chomh maith le bheith mar an phríomh-ghníomhaireacht a bhfuil baint aici leis an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Díobháil a Laghdú, Tacú leis an Athshlánú a chur i bhfeidhm, freagra bunaithe ar shláinte ar úsáid drugaí agus alcóil in Éirinn 2017 – 2025 tá Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe freagrach as straitéisí an Rialtais chun an t-éileamh ar dhrugaí a laghdú agus an díobháil a bhaineann le mí-úsáid substaintí a laghdú

Is iad seo na príomhréimsí fócais laistigh den GNDOCB:

                                 - An Choireacht a Bhrath
                                 - Laghdú ar an Soláthar
                                 - Cosc ar Dhíobháil
                                 - Laghdú ar Éileamh
                                 - Tacaíocht don Athshlánú

Téigh i dteagmháil le do Stáisiún Gardaí áitiúil nó le Líne Rúnda na nGardaí dá mba mhaith leat faisnéis maidir le mí-úsáid drugaí nó a d’fhéadfadh cabhrú chun mangaireacht drugaí a chomhrac a thabhairt do na Gardaí.