Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

An Straitéis Náisiúnta Drugaí, Díobháil a Laghdú, Ag Tacú leis an Athshlánú 2017-2025

Cad é féin? 

Seo é straitéis na hÉireann chun díobháil a laghdú agus tacú le hathshlánú ar freagra bunaithe ar shláinte é ina leagtar amach straitéis an Rialtais chun dul i ngleic leis an díobháil a chruthaíonn mí-úsáid substaintí inár sochaí suas go dtí 2025. Aithnítear sraith príomhghníomhaíochtaí sa straitéis a sheachadfar idir 2017 agus 2020 agus tugtar deis gníomhaíochtaí breise a fhorbairt ón mbliain 2021 – 2025 chun dul i ngleic leis na riachtanais a d’fhéadfadh teacht chun cinn níos déanaí i saolré na straitéise. Ciallaíonn mí-úsáid substaintí an úsáid dhíobhálach nó ghuaiseach a bhaintear as substaintí sícighníomhacha lena n-áirítear alcól, drugaí mídhleathacha agus mí-úsáid cógas ar oideas. 

Cad a dhéanfaidh An Garda Síochána?

  • Déanfaidh siad meastóireacht ar an gClár Tuairiscithe um Imeaglú a Bhaineann le Drugaí chun éifeachtacht an chláir a neartú agus feasacht phoiblí a mhéadú (curtha i gcrích)
  • Breithneoidh siad an cás maidir le ráitis tionchair pobail a úsáid le haghaidh an chórais ceartais coiriúil in Éirinn
  • Infheisteoimid i mbearta tógáil cumais chun tacaíocht a thabhairt do ról na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí ag déanamh monatóireachta ar mhargaí drugaí, go háirithe margaí nua drugaí agus an gréasán dorcha.
  • Oibreoimid ar an méid atá bainte amach ag Fóraim Phóilíneachta Áitiúla chun sásraí éifeachtacha a chur ar fáil chun caidrimh a fhorbairt agus a chothú idir AGS agus pobail áitiúla.

Tá tuilleadh eolais ar ghníomhaíochtaí gníomhaireachtaí comhpháirtíochta an Gharda Síochána ar fáil ag www.health.gov.ie