Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Tighe, Tony

ttighe

Ainm: Tighe, Tony

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe: 17644C

Stáisiún: Domhnach Broc, Co. Bhaile Átha Cliath

Blianta Seirbhíse: 32

Cúlra:
Rugadh Tony Tighe ar an 28 Meán Fómhair 1948 i Raghnallach, Baile Átha Cliath 6. Chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 7 Eanáir 1970. Agus a chuid oiliúna curtha i gcrích aige, cuireadh go Stáisiún Garda Dhomhnach Broc ar an 15 Bealtaine 1970 agus ba ann a chaith sé a sheirbhís ar fad. Bhí Garda Tighe pósta agus bhí ceathrar clainne acu: Anthony, Colum, Fiona and Paul. Chuaigh Colum agus Fiona sa Gharda Síochána. Bhí an-suim ag Garda Tighe i gcúrsaí DFÉ (Déan Féin É).

Cúinsí:

Ar a 6.21am, ar an 14 Aibreán 2002, fuarthas glao 999 ag an Aonad Ceannais & Comhordaithe go raibh buirgléireacht ag tarlú in árasán ag Radharc Dhún Criofainn, Cuan Bhlóic, Deilginis, Co. Bhaile Átha Cliath. Chonacthas Mazda dubh ag fágáil na láithreach. Stop Garda Tony Tighe agus Garda Michael Padden , ag acomhal an Aird, Chnoc Mhuirfean agus Bhóthar Stigh Lorgan mar iarracht chun gluaisteán na robálaithe a stopadh. Tamall gairid ina dhiaidh sin, tháinig an gluaisteáin agus bhuail sé i gcoinne na feithicle oifigiúil. Tógadh an bheirt Ghardaí go hOspidéal Naomh Uinseann. Fógraíodh marbh iad nuair a sroicheadh an t-ospidéal leo.